Irish-Language

Tuaisceart Bhéal Feirste ina Gaeltacht le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

<em><b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">SAMHRADH AN CHEOIL: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">Beidh f&eacute;asta ceoil ar si&uacute;l le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus John Spillane (thuas) Gr&aacute;inne Holland agus Christine Boville i measc na n-amhr&aacute;naithe a bheidh ag glacadh p&aacute;irte </span><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">&nbsp;</span></em>
SAMHRADH AN CHEOIL: SAMHRADH AN CHEOIL: Beidh féasta ceoil ar siúl le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus John Spillane (thuas) Gráinne Holland agus Christine Boville i measc na n-amhránaithe a bheidh ag glacadh páirte  

N

ÍL a fhios agam cad e mar a dhéanann siad é ach tá a fhios agat go bhfuil Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ag teacht nuair a fheiceann tú an ghrian sa spéir!

Agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch le cúpla lá, tá cuireadh ar gach duine taisteal go hÁras Mhic Reachtain d’fhéile atá ar cheann de na féilte is taitneamhaí i mBéal Feirste.

Meascán iontach é de cheol, de chaint, de ranganna Gaeilge, de dhrámaíocht agus ní fios cad é eile.

An tseachtain seo, mhínigh Ferdia Carson, an tOifigeach Forbartha Gaeilge ag 

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain cad é an rud é Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.

“Bhuel, is imeacht ollmhór e, féile i dtuaisceart Bhéal Feirste a léiríonn saibhreas an chultúir Ghaelaí ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ach bíonn imeachtaí idirnáisiúnta i gcónaí againn agus an spraoi i gcroílár gach rud a dhéanann muid,” ar sé.

Agus beidh sé sin cinnte go háirithe i gcas an cheoil.

Tá coirm beartaithe go gach oíche na féile in Áras Mhic Reachtain le linn na féile a bheidh ar siúl idir an 24-30 Iúil i mbliana agus iad lonnaithe san fhoirgneamh galánta atá os comhair na nOibreacha Uisce ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste, Tosaíonn an ceol ar an Luan, 25 Iúil le triúir de na hamhránaithe ban is fearr atá againn ó thuaidh - Gráinne Holland atá ag dul ó neart go neart mar scríbhneoir amhrán - Mary Dillon as Dún Geimhin agus Tíona McSherry ó Tamalin.

Beidh an tríréad á gcomóradh ag an phíobaire John McSherry agus ag ceoltóirí eile. Tá scoth oíche geallta.

An oíche dar gcoinn (26 Iúil) beidh clann Chlúiteach Mhic Ruairí i mbun ceoil i mBarr an Tí san Áras.

Is as Rann na Feirste an teaghlach ceolmhar seo agus na hamhráin sin a nascann Gaeil Bhéal Feirste agus Gaeil  Ghaeltacht Thír Chonaill á gceol acu. Bíodh do ghlór amhránaíochta réidh don choirm seo.

Níl duine ar bith níos fearr ag cur lucht éisteachta faoi dhraíocht ná an Corcaíoch John Spillane. Bíodh sé ag ceol i mBéarla nó i nGaeilge, amhráin do dhaoine fásta nó amhráin do pháistí, tá ealaín ag baint lena chumadóireacht a chuireann daoine faoi gheasa. Agus tá acmhainn mhaith grinn aige mar a thuigeann duine ar bith a chonaic roimhe é mar is cuairteoir rialta o thuaidh e John.

Beidh John ar an ardán in Áras Mhic Reachtain ar an Chéadaoin, 27 Iúil.

Baintear barraíocht úsáide as an fhocal “legendary” ach is finscéal lena linn féin é Rónán Mac Aodha Bhuí agus beidh sé ag tabhairt a Chabaret Chraiceáilte go Scoil Samhraidh Mhic Reachtain Dé hAoine, 28 Iúil.

Tá clú agus cáil ar an Chabaret as feabhas an cheoil agus beidh Kila, Bianco Sporco agus Emma Ní Fhíoruisce ar na haíonna speisialta a chuirfidh tuaisceart Bhéal Feirste ag damhsa. Bíonn atmaisféar ar leith ag baint leis an Chabaret agus ba cheart do dhaoine é a bhlaiseadh uair amháin ar an Dhéardaoin - agus iarracht in aisce a dhéanamh gan freastal air arís!

Bíonn fáilte faoi leith roimh mhuintir na Gaeltachta go dtí an Scoil Samhraidh agus oíche Shathairn, beidh beirt amhránaithe ar an sean-nós inár gcuideachta,  Aodán Ó Ceallaigh agus Irial Ó Ceallaigh as an Rinn i gContae Phort Láirge.

Is breá é go bhfuil an traidisiún amhránaíochta seo  á caomhnú cos Lagáin.

Ba dhream iad na Gaeil a bhí tugtha don Eoraip chuaigh na manaigh amach ag spréadh an tsoiscéil ó na 8ú céad ar aghaidh.

Oíche Shathairn, beidh amhránaí Albanach, Christine Bovill, ag ceol amhrán de chuid Édith Piaf in oíche snagcheoil, an chead uair don Scoil Samhraidh.

“Bovill is a great storyteller and she brings the songs to life with terrific panache and dramatic flair,” a dúirt an nuachtán, The Scotsman fúithi.

Ach meascann Scoil Samhraidh Mhic Reachtain na healaíona uilig le linn na seachtaine.

Beidh Anna Heusaff agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht i láthair ag Oíche na Scríobhaithe - le comhairle d’ábhair scríbhneoirí - ar an Déardaoin ón 7pm-9pm.

Agus, ar chead oíche na Scoile Samhraidh, an Domhnach 24 Iúil, beidh dráma Béarla Alice Milligan - A Girl of Genius le feiceáil, doirse oscailte, 7.30pm.

Bhuel anois, sin féile a bhfuil éagsúlacht ann. Beidh eolas agam ar na himeachtaí eile an tseachtain seo chugainn nó thig libh rphost a chur chuig eolas@mhicreachtain.com