Irish-Language

Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ag cur scoth na siamsaíochta ar fáil arís eile

<strong><span style="vertical-align: 2.0px">ALT&Uacute; D&rsquo;ALTAN</span></strong><span style="vertical-align: 2.0px">: Beidh an ts&aacute;r-bhu&iacute;on ag seinm &oacute; Theach Hi&uacute;da&iacute; Bhig o&iacute;che Luain seo romhainn i gcoirm a chraolfar ar chain&eacute;al facebook Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus beidh Bl&aacute;ith&iacute;n Mhic Cana <em>(th&iacute;os)</em> ag glacadh p&aacute;irte i gc&uacute;rsa seachtaine sean-n&oacute;is le linn na Scoile</span>
ALTÚ D’ALTAN: Beidh an tsár-bhuíon ag seinm ó Theach Hiúdaí Bhig oíche Luain seo romhainn i gcoirm a chr ALTÚ D’ALTAN: Beidh an tsár-bhuíon ag seinm ó Theach Hiúdaí Bhig oíche Luain seo romhainn i gcoirm a chraolfar ar chainéal facebook Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus beidh Bláithín Mhic Cana (thíos) ag glacadh páirte i gcúrsa seachtaine sean-nóis le linn na Scoile

Níl ach trí lá le dul sula gcuirfear maolú ar na srianta a bhaineann le siamsaíocht laistigh – má tharlaíonn sé ar chor ar bith – ach ní thiocfadh le lucht eagair Scoil Samhraidh Mhic Reachtain dul sa seans agus, mar a tharla anuraidh, beidh imeachtaí uile na Scoile oll-ráchairte seachas ceann amháin ar líne i mbliana mar a mhínigh stiúrthóir na Scoile, Daithí Mac Uait, dom inné.

“Cé gurbh iad na ranganna Gaeilge raison d’être Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, tá clú agus cáil ar na coirmeacha a bhíonn againn gach bliain,” arsa Daothí.

“Ach ó tharla cosc a bheith ar choirmeacha beo ó thuaidh, tá orainn an clár ceoil a chur ar líne mar a tharla anuraidh,” ar sé.

Ar na buaicphointí, beidh Altan ag bualadh i dTigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Bheag i nGaeltacht Thír Chonaill i gcoirm a bheidh le feiceáil ar chainéal facebook Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar an Luan seo romhainn, 26 Iúil ar a 9pm.

Chomh maith le hAltan beidh Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Frances Morton i mbun ceoil agus amhránaíochta agus beirt cheoltóirí óga as Gaoth Dobhair, mar atá Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile.

Ceoltóir lán aimsire atá i gCathal faoi láthair agus é ag  staidéar in Ollscoil Luimnigh. Seinnteoir bouzouki, fidil, bainseó agus a bhfuil guth binn aige chomh maith.

Bhí Megan le feiceáil i gclár de chuid na sraithe, Sruth, inar léirigh sí chomh tallannach agus chomh tuisceanach is atá sí ar an fhidil. Is é Rónán Mac Aodha Bhuí a bheidh ina fhear a tí.

(Tógáil croí atá ann Rónán a fheiceáil ar ais).

“Léiríonn sé an comhoibriú atá de dhíth le cláracha d’ardchaighdeán a dhéanamh sa mhéid is gurbh éigean dúinn teagmháil a dhéanamh leis an ghrúpa, le ball amháin ach go háirithe, Gearóid Ó Maonaigh, agus le Cormac Ó Cuinn, iarbhainisteoir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a bhfuil cumann meán aige agus atá ina chónaí ar na Doirí Beaga anois, agus ar ndóigh le Hughie ó Theach Hiúdaí Bhig.

“Agus muid uilig ag obair as lámh a chéile, thig linn a bheith cinnte go mbeidh an choirm ar an chaighdeán is fearr maidir le cúrsaí físe, fuaime agus cur i láthair.

Nach iontach é go mbeidh ceann de na buíonta is fearr sa cheol traidisiúnta ag seinm dúinn inár dtithe féin an Luan seo chugainn?

Ag fanacht le cúrsaí ceoil agus beidh Dominic Mac Giolla Bhríde ar ais i gcuideachta Bláithín Mhic Cana an iarraidh seo le ceardlann sean-nóis a mhaireann ón Luan 26 - Satharn 31 Iúil a ghlacadh.

Caibidil is teideal do shraith agallamh aonair atá déanta ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i gcomhair le Raidió Fáilte ina labhróidh Eoghan Ó Néill le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge faoi na dúshláin ar thug an eagraíocht aghaidh orthu i mbliana agus go leor eile; leis na húdair Fheirsteacha, Seán Ó Muireagáin agus Réaltán Ní Leannáin agus labhróidh Edel Ní Churraoin le Maireád Ní Mhaonaigh agus le hÚna Monaghan a d’fhoilsigh taighde faoin drochíde a thugtar do mhná i saol an cheoil thraidisiúnta.

Rachaidh na cainteanna seo uilig amach ar bhonn fíorúil ar facebook.

Ó thaobh na Gaeilge de, tá na ranganna ag leanstan ar aghaidh ach ar líne a bheidh siad – agus tuilleadh drochscéala, tá na háiteanna ar fad líonta!

Ar na himeachtaí a tharlóidh taobh amuigh, beidh Scéim  Samhraidh Ababú ar siúl do pháistí 4 - 11 bhliain d’aois in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma agus an turas treoraithe ar ndóigh chuig Dún Mhic Airt.

Beidh an turas á threorú ag Cormac Ó hÁdhmaill, an t-iarmhúinteoir eolaíochta a bhíonn le feiceáil ar chláracha Gaeilge an BBC agus é ag taistil fá chnoic Chúige Uladh.

Tá an dúrud eolais ag Cormac faoi stair an cheantair ina bhfuil Beann Madagáin agus Dún Mhic Airt suite agus faoi dhúlra an cheantair.

Tosóidh an tsiúlóid ag Chaisleán Bhéal Feirste an Domhnach beag seo, 25 Iúil ar a 10am.

An oíche roimhe, beidh Oíche chlúiteach Airneáil na Scoile ar siúl agus scoth an cheoil, na hamhránaíochta agus an damhsa le feiceáil ó chian agus ó chóngar a bhuíochas do Zoom agus mar chuid de Ó Bhéal an Scríobhaí, labhróidh an t-úrscéalaí Proinsias Mac a’ Bhaird agus an file Máire Dinny Wren ar a saothar.

Agus ná déan dearmad ar Ióga le Nuala - an turas ar ais chun suaimhnis!

:: Tá an t-eolas uilig faoi Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar fáil ag www.facebook.com/cumannmhicreachtain