Entertainment

Tá an samhradh linn agus beidh craic agus ceol i dtuaisceart Bhéal Feirste

Beidh an grúpa ban ag seinm in Áras Mhic Reachtain ar an 28 Iúil
Beidh an grúpa ban ag seinm in Áras Mhic Reachtain ar an 28 Iúil Beidh an grúpa ban ag seinm in Áras Mhic Reachtain ar an 28 Iúil

Tá a fhios agat go bhfuil an samhradh linn (i ngan fhios don aimsir) nuair a fheiceann tú póstaeir ag fógairt go bhfuil Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar na gaobhair.

Is meascán iontach é an Scoil de ranganna spraíúla Gaeilge ag gach leibhéal chomh maith leis an chuid is fearr de na healaíona, an ceol ach go hairithe.

Tá 2015, an 16ú bliain den scoil, ag leanstan ar aghaidh leis an an nós seanbhunaithe sin agus an caighdeán ard a bhfuil muid cleachtaithe leis le feiceáil i gclár na bliana seo.

Ag croí na scoile, beidh an dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta ar siúl i rith na seachtaine, 10am-4pm gach lá, agus scoth na múinteoirí á dteagasc. Tá daoine ag freastal ar an dianchúrsa seo ó thosaigh siad agus gach bliain, bíonn an deis acu bualadh le seanchairde agus tá sé mar ócáid shóisialta oiread le hócáid fhoghlamtha.

Ní nach ionadh mar sin, go bhfuil daoine ó Mheiriceá agus ó Shasana agus ó gach cearn d’Éirinn cláraithe leis an Scoil.

“Cheana féin, tá 150 duine cláraithe don dianchúrsa cheana agus sílim go meallann an meascán sin den chraic agus den fhoghlaim agus den chuideachta iad,” arsa Niamh McCann, stiúrthóir na féile.

“Tá atmaisféar ar leith ag baint leis an tseachtain ar fad. Níl an dianchúrsa ródhian mar bíonn sosanna fada idir na ranganna ina dtig le daoine aithne a chur ar a chéile agus ina dtig le seanchairde bualadh le chéile.”

Anuas orthu seo, beidh campa óige á reáchtáil i gColáiste Naomh Maolmhaodhóg agus campa do dhéagóirí chomh maith le campa eile óige dírithe ar pháistí atá ar scoileanna Béarla.

Bheadh sé seo uilig ar dóigh ach i mbliana, mar a tharlaíonn gach bliain, tá clár ceoil beartaithe atá speisialta maith.

Níl aon duine a bhfuil dúil acu sa cheol nár chuala iomrá ar an ghrúpa Conallach, Skara Brae.

Más Gael thú, bhí albam s’acu i do theach nó i dteach do mhuintire mar sin, beidh Áras Mhic Reachtain, an foirgneamh galánta os comhair na nOibreacha Uisce ar Bhóthar Aontroma, beidh sé plódaithe leis an ghrúpa ceannródaíoch seo a chuirfeadh na héin faoi dhraíocht lena gcomhcheol álainn.

Ar an drochuair, fuair Michael Ó Domhnaill bás in 1996 ach beidh a dheirfiúracha, Máiread agus Tríona ar an ardán i gcuideachta Daithí Sproule atá ag teacht ó Mheiriceá don choirm ar an Luan, 27 Iúil.

Agus murar leor é sin, an oíche dár gcionn, beidh an grúpa ban, Líadan, ar an ardán ag Bun an Tí san Áras, mná óga áille agus gach duine acu chomh tallannach lena chéile. (Fuair leagan s’acu d’amhrán Amhrán Mhuiníse 60,000 amas (hit) ar youtube).

AGUS murar leor é sin, beidh ár gcairde móra as Albain ag teacht anoir, mar Kathleen McInnes agus Sineag McIntyre. Is breá liom chomh saibhir agus chomh pléisiúr is atá na nascanna cultúrtha idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil na hAlban agus léireoidh an dís seo an saibhreas agus an pléisiúr sin ina múrtha ar an Mháirt, 28 Iúil.

Ach tá ceangal eile thar a bheith tábhachtach á léiriú le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus sin an ceangal idir Béal Feirste agus an Ghaeltacht - Mattie Joe Shéamais, Nell Ní Chróinín, na damhsóirí Pádraig agus Gearóid Devenny, Johnny Connolly, Nan Tam Taimín agus ní fios cé eile.

Beidh muintir na Gaeltachta cois Lagáin ar an Aoine, 31 Iúil.

Agus anuas air seo uilig, beidh turas staire ar Dheisceart Ard Mhacha, Oíche na Scríobhaithe, oíche scannán ina thaispeánfar Scéal na Gaeilge le Alan Titley, agus oíche litríochta ina mbeidh Liam O Muirthile agus Deirdre Ní Ghrianna ag leamh óna saothar á leanstan ag oíche open mic.

Le clárú do na dianchúrsaí nó le ticéad a chur in áirithe do choirm cuir r-phost chuig eolas@mhicreachtain.com nó cuirscairt air 9074 9688.