Irish-Language

Máistrí an cheoil ag tarraingt ar Bhéal Feirste d’Fhéile bhliantúil an Droichead

<b>AN A-LIOSTA: </b>Beidh deisceart agus l&aacute;r Bh&eacute;al Feirste l&aacute;n ceoil an tseachtain seo agus scoth na gceolt&oacute;ir&iacute; traidisi&uacute;nta sa chathair le h&eacute;ags&uacute;lacht an cheoil thraidisi&uacute;nta a chur os &aacute;r gcomhair agus Iarla &Oacute; LIonaird ag seinm san o&iacute;che am&aacute;rach&nbsp; &nbsp;
AN A-LIOSTA: Beidh deisceart agus lár Bhéal Feirste lán ceoil an tseachtain seo agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta sa chathair le héagsúlacht an cheoil thraidisiúnta a chur os &aacut AN A-LIOSTA: Beidh deisceart agus lár Bhéal Feirste lán ceoil an tseachtain seo agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta sa chathair le héagsúlacht an cheoil thraidisiúnta a chur os ár gcomhair agus Iarla Ó LIonaird ag seinm san oíche amárach   

IS FÉILE chlúiteach cheoil cúig lá í Máistrí an Traidisiúin a bhíonn ar siúl i gContae Chorcaí gach Lúnasa ach beidh máistrí eile ag tarraingt ar Bhéal Feirste an tseachtain seo do Fhéile an Droichead, trí lá de cheol den chéad ghrád agus dianchúrsa Gaeilge ar a mbíonn an-ráchairt bliain i ndiaidh bliana.

Is maith le stiúrthóir na féile, Claire Kieran, rud éigin as an ghnáth a dhéanamh agus d’éirigh go seoighe léi i mbliana arís.

Tá Iarla Ó Lionaird agus Steve Coogan ar A-liosta an cheoil thradisiúnta le fada an lá.

Mar atá a fhios againn, tá Iarla mar bhall den fhórsa nádúrtha sin ar a thugtar The Gloaming ach is amhránaí é a bhfuil feith an cheoil ann ó thaobh na dtaobhann, a bhfuil oll-taighde déanta aige ar shaibhreas amhránaíochta a cheantair dhúchais i gCúil Aodha chomh maith ach a bhfuil a chur chuige comhaimseartha dá chuid féin aige, gnéithe a fhágann go bhfuil draíocht ina ghlór.

Is beag duine nár chuala iomrá ar an ghiotáraí Astrálach, Steve Cooney agus is léir go bhfuil sé féin chomh sáite céanna sa cheol is atá Iarla.

Tá an-oíche geallta in Amharclann an Lyric san oíche amárach leis an bheirt sainiúil seo, ag toiseacht ar a 7.45pm. (£15).

An oíche dár gcionn, Aoine 24ú, beidh duine de na daoine is mó tionchar ar an cheol in Éirinn sa lá atá inniu ann, Micheál Ó Súilleabháin, ag tabhairt ómóis do cheol ársa Uí Chearbhalláin.

Tá clú domhanda ar an cheoltóir/chumadóir arb as Cluain Meala ó dhúchas dó ach tá a thionchar i bhfad níos forleithne ná déanamh ceoil.

Tá sé aitheanta ar fud na cruinne mar theagascóir ceoil i gCorcaigh agus i Luimneach agus ba i Luimneach a bhunaigh sé Dámh Chruinne Éireann/The Irish World Academy.

Ach is mar phianadóir cruthaitheach is mó a bhfuil meas agam fein ar Mhicheal Ó Súilleabháin. Sheinn mé fein albam s’aige, The Dolphin’s Way, na milte uair!

Beidh Ó Súilleabháin ag seinm sraitheanna (suites) don phianó aonair a fuair sé ó fhoinsí ón 19ú céad, saothar Edward Bunting ina measc.

Beidh Micheál ag seinm sa Chéad Eaglais Phreisbitéireach i Sráid Róismháire oíche Aoine ar a 8pm. 

D’oíche dheireanach Fhéile an Droichead, beidh an sár-ghrúpa The Raw Bar Collective, ag seinm ina stíl sainiúil féin.

Ar na baill, ta Conal Ó Gráda (feadog), Benny McCarthy (bosca ceoil),  Dave Sheridan (fidil), Nell Ní Chróinín (amhránaí sean nóis) agus Colm Murphy ar an bhodhrán.

Beidh The Raw Bar Collective ag seinm ag an Droichead oíche Shathairn ar a 8pm.

Anuas ar na coirmeacha iontacha seo uilig, beidh an ceol traidisiúnta le cluinstin i Margadh N. Sheoirse; le linn an Mela i nGairdini na mBláthanna agus beidh an Belfast Trad Trail ar siul arís ar an 25 Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ó www.androichead.com nó ó 028 9028 8818.