Irish-Language

Roghanna, roghanna an deireadh seachtaine seo

Cuirtear fáilte mhór i gcónaí roimh Iarla Ó Lionáird agus é ó thuaidh mar gheall ar an stíl leithleach amhránaíochta atá aige
Cuirtear fáilte mhór i gcónaí roimh Iarla Ó Lionáird agus é ó thuaidh mar gheall ar an stíl leithleach amhránaíochta atá aige Cuirtear fáilte mhór i gcónaí roimh Iarla Ó Lionáird agus é ó thuaidh mar gheall ar an stíl leithleach amhránaíochta atá aige

IT’S mad Ted, isn’t it?” mar a déarfadh an tAthair Dougal agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh cá rachaidh sé an deireadh seachtaine seo mar tá coirmeacha iontacha ceoil le sult a bhaint astu ar siúl.

Dé hAoine, mar shampla - ag an aon am amháin, i dtuaisceart Bhéal Feirste, in Áras Mhic Reachtain, beidh beirt bhan a bhfuil lucht dílis leanúna acu, mar Kathleen McInnes agus Sineag McIntyre.

Ina gcuideachta, beidh Síneag Nic a’ t-Saoir, Andrew MacPherson agus Allan Nairn i mbuíon ar a thugtar The Urban Teuchters.

Is focal Albainis é Teuchter ar mhuintir na nGarbhchríocha na hAlban, lucht labhartha na Gàidsig ach go háirithe.

“The term is contemptuous, essentially describing someone seen to be uncouth and rural,” de réir wikipedia!

Cibé, is cinnte go mbeidh spórt agus spraoi in Áras Mhic Reachtain agus tá ticéid ar díol ó

Maitiú Ó hEachaidh ar (028) 90749688.

Ag an Crescent Arts Centre, beidh eile eile den scoth, oíche Aoine (27ú) agus oíche Shathairn (28ú) beidh oíche iontach ann.

Is fada mé i ngrá le guth binn Shíle Denvir agus beidh bean Chonamara i mBéal Feirste i seó dar teideal Teanga an Ghrá.

Daoibhse a dtagann creatha eagla oraibh ag smaoineadh ar ghramadach na Gaeilge, beidh sé doiligh agaibh a thuigbheáil gur teanga í an Ghaeilge inar féidir mothúcháin an ghrá a léiriú go fileata, go láidir nó go háiféiseach, ag brath ar an fhonn ata ort.

Tabharfaidh Teanga an Ghrá ar thuras corraitheach thú, do chomóradh ag an amhránaíocht, an aithriseoireacht agus an ceol ar an sacsafón, ar an chláirseach, phíobaí uilleann, agus feadóg mhór.

Beidh amhráin sean-nóis agus filíocht ann, cuid acu míle bliain d’aois agus cuid eile acu atá úrnua.

Tá an seó curtha le cheile ag Guthanna Binne Síoraí faoi stiúir Chathail Quinn. Tá Aodán Ó Ceallaigh agus Eamon Galldubh mar chuid den seó fosta.

Turais Trad is ainm do thionscadal úr corraitheach atá curtha le chéile ag An Droichead i mBéal Feirste agus Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire.

Ar an dá chamchuairt eiseacha a bheas ann le cuid de na ceoltóirí traidisiúnta agus ceoltóirí cheol tíre is mó dá bhfuil ann.

I measc na gceoltóirí a bheidh mar chuid den chamchuairt, tá Iarla Ó Lionáird, an sár-amhránaí sean-nóis agus é i gcuideachta Steve Cooney.

Ar an oíche cheanna, cluinfidh muid Flook, a bhíonn go minic ar na bannaí is mó éilimh ag na féilte cheol tíre agus Mischa Macpherson, cláirseoir agus amhránaí as

Oileán Leódhas sna hInse Ghall.

Beidh an triúr ar camchuairt an deireadh seachtaine seo agus beidh Flook agus Adam Holmes and the Embers ag teacht i mí Feabhra.

Tuilleadh eolais níos cóngaraí don am.