Irish language

An laoch a chuir cor i gcinnúint an cheoil thraidisiúnta in Éirinn

ALAN LOMAX: Bhí obair an bhailitheora níos tábhachtaí ná an ceol amháin – cé go bhfuil sé ríthábhachtach – ach thug sé guth do dhaoine agus do phobail a bhí imeallaithe - an guth sin ag teacht frid ina gcuid amhrán
Robert McMillen

"Tomorrow, when it will be too late, our descendants will despise us for having thrown away the best of our culture." Alan Lomax. 

SA SCANNÁN iontach, Lomax in Éirinn – a chraolfar ar TG4 oíche Dhomhnaigh – léiríonn Pól Brennan ón ghrúpa Clannad mar a chuir an bailitheoir clúiteach ceoil Alan Lomax an chéad fhadcheirnín riamh de cheol traidisiúnta na hÉireann le chéile, tráth ar bheag an meas a bhí ag muintir na hÉireann air. 

Ba é an t-albam seo, Ireland, a chuir ceol na tíre seo i láthair, ní amháin lucht éisteachta in Éirinn amháin, ach faoi bhráid daoine ar fud an domhain mhóir den chéad uair. 

Ach tá i bhfad níos mó ná sin sa scannán uair a chloig seo.

Cuireann sé síos go healaíonta ar an chaidreamh mistéireach sin idir an logánta agus an domhanda – an dóigh a bhfuil foinn áirithe

le cluinstin i dTír Chonaill agus i Kentucky; an dóigh a ndeachaigh Alan agus a athair, John amach faoin tuath le hamhráin bhuachaillí bó a bhailiú agus ar na hamhráin spioradálta a chum agus a cheol príosúnaigh den chine ghorm agus iad ag sclábhaíocht faoi ghrian mhíthrócaireach an mheánlae.

Rinne an bheirt Lomax taifid i measc an phobail Amish agus an muintir Cajun agus ar an dóigh seo, mar a deir fear amháin sa scannán: “He learned about the beautiful ethnic diversity of America.”

Mhínigh an láithreoir, Pól Brennan ón ghrúpa Clannad, cad chuige a raibh sé féin sásta páirt a ghlacadh in Lomax in Éirinn: “Tá suim mhór agam i scéal Alan as siocair go ndeachaigh sé go mór i bhfeidhm ormsa go pearsanta,” ar sé.

“Ba í Cití Ní Ghallchóir duine de na hamhránaithe a ndearna sé taifead orthu i 1951 agus ba chomharsa liomsa í sa bhaile agus mé ag fás aníos i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill.

“Chuir mo sheanathair, Aodh Ó Dúgáin, Gaeilge ar cheann de na hamhráin a thaifead Alan ó Chití.”

Ach thosaigh an bailitheoir Meiriceánach i ndeisceart na tíre, áit ar bhuail sé le Elizabeth Cronin, seanaintín an amhránaí Iarla Ó Lionáird.

“Saghas Renaissance an ab ea Alan Lomax, duine de na carachtair is tábhachtaí sa bhfichiú haois,” arsa fear an Gloaming mar bhreithiúnas ar an fhear a thug guth do phobail imeallacha na cruinne. 

“Tháinig LP Lomax féin amach i 1955,” a mhínigh Nicholas Carolan ó Chiste Cheoil Dúchais na hÉireann.

“Ba é an chéad fhadceirnín a rinneadh den cheol traidisiúnta na hÉirinn é. “Oscailt súile a bhí ann do go leor duine taobh amuigh d’Éirinn – ach go leor duine taobh istigh d’Éirinn leis ar a dtraidisiún ceoil féin.”

Na laethanta seo, déanann ceoltóirí an lae inniu a gcóiriú féin ar an cheol a chaomhnaigh Lomax agus tá siad ag déanamh a chuid féin de sa dóigh is bhfuil sé inchurtha le ceol ar bith eile ar domhan, chomh seanaimseartha agus chomh nuálach agus is mian leat é.  

I Lomax in Éirinn, tá scoth an cheoil as gach cearn den domhan le cluinstin sula dtugann an láithreoir, Pól Brennan an lucht féachana ar

aistear ceoil go dtí áiteanna galánta feadh Dheilt an Mississippi, go cathair Nua-Eabhrac agus go Washington. I stáit dheisceart Mheiriceá, fiosraíonn sé mar a d’fhreagair Lomax do ghairm an cheoil agus é ina dhéagóir nuair a chuir sé eolas den chéad uair ar cheoltóirí ar nós Muddy Waters, Woody Guthrie, Leadbelly agus Jelly Roll Morton, ealaíontóirí íocónacha a d’imir tionchar ollmhór ar an cheol a bhfuil muid ag éisteacht leis inniu.

Dar le John Spillane, is é an ceol a thaifead Alan Lomax i Meiriceá síol rac-ceoil agus pop ceoil an lae inniu. “Murach Lomax, ní bheadh an ceol atá anois againn chomh saibhir agus atá, ná baol air,” ar sé.

De réir mar a rinne Alan Lomax a bhealach thart ar na Stáit Aontaithe, tháinig sé ar an tuiscint go bhfuil an ceol traidisiúnta ar cheann de na rudaí is luachmhaire ar fad atá ag an chine dhaonna. 

Ní hamháin go bhfuil sé chomh cumhachtach céanna leis na cineálacha ealaíne is airde réim, ach tugann sé guth don mhuintir atá faoi chois fosta. 

I Nua-Eabhrac dó sna 1940idí déanacha, thug Lomax faoi deara go raibh an cineál ceoil a raibh a chroí istigh ann á thachtadh ag na mórmheáin chumarsáide a bhí faoi smacht ag corparáidí móra, iad ag cur ceol aonchineálach chun cinn. 

Shocraigh sé mar sin ar bhuntáiste a bhaint as teicneolaíochtaí úra, fadcheirníní agus téip mhaighnéadach san áireamh, le ceolta gach tír ar domhan athaifeadadh agus a chaomhnú sula rachaidís in éag ar fad. 

Ba í Éire an chéad áit ar thug sé cuairt uirthi agus an misean mór seo idir lámha aige.

Leanann Pól Brennan lorg Alan Lomax trí Bhaile Átha Cliath agus fud fad chósta an iarthair, ag léiriú mar a tháinig athrú ar dhearcadh Lomax i leith cheolta an domhain agus é ar a thuras. 

“Nuair a bhunaigh muid an grúpa Clannad i 1970, bhí muid ag tarraingt ar thobar an cheoil a thaifead agus a chaomhnaigh Lomax nuair a tháinig sé go hÉirinn fiche bliain roimhe sin. 

“D’imigh muid ansin ar fud an domhain ag seinm an cheoil sin. Rinne bannaí eile ó thréimhse na hathbheochana sna 1970idí an rud céanna, leithéidí The Bothy Band agus Planxty. Thug Lomax in Éirinn deis dom fréamhacha agus torthaí aistear Lomax in Éirinn a fhiosrú, go háirithe an tionchar soiléir a d’fhág sé ar cheol na hÉireann.”

Ar na ceoltóirí agus ar na saineolaithe atá páirteach in Lomax in Éirinn, tá Iarla Ó Lionáird (The Gloaming), Steve Earle, John Spillane, Brian Mullan, Ian Lee, Grace Toland, Danny Diamond, Nicholas Carolan agus Deirdre Ní Chonghaile.

Dúirt Declan McGrath, arb as Béal Feirste ó dhúchas dó, gur staidéar ar an luach atá leis an cheol don chine dhaonna atá in Lomax in Éirinn

“Chaith Alan Lomax a shaol ag déanamh tarrthála ar cheolta daoine a bhí ar an imeall a thaifeadadh, a chaomhnú agus a chur chun cinn,” ar sé.

“Sa scannán, fiosraíonn muid cad é a spreag é leis sin a dhéanamh. 

“Cé go raibh muid ag amharc siar, ba mhór an phribhléid domsa plúr cheoltóirí an lae inniu a chluinstin agus iad ag glacadh an cheoil ar láimh dóibh féin agus ag déanamh léirithe den scoth, daoine mar Iarla Ó Lionáird, Clannad, Steve Earle, Slow Moving Clouds agus Nell Ní Chróinín.”

:: Beidh an chéad chraoladh do Lomax in Éirinn ar TG4 Dé Domhnaigh 16 Meán Fómhair ag 9.30pm.   

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: