Irish-Language

Ag dúil le geimhreadh an cheoil fá Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair

<b>TION&Oacute;L NA gCLANN:</b> Beidh &oacute;c&aacute;id&iacute; teaghlaigh go fl&uacute;irseach in iarthuaisceart Th&iacute;r Chonaill le linn na Nollag i mbliana ar&iacute;s - idir cheolt&oacute;ir&iacute; agu lucht &eacute;isteachta - agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar si&uacute;l leis na Mooney&rsquo;s (thuas), na Friel Sisters agus Iarla &Oacute; Lion&aacute;ird agus neart eile
TIONÓL NA gCLANN: Beidh ócáidí teaghlaigh go flúirseach in iarthuaisceart Thír Chonaill le linn na Nollag i mbliana arís - idir cheoltóirí agu lucht éisteachta - agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar siúl leis na Mooney’s (thuas), na Friel Sisters agus Iarla Ó Lionáird agus neart eile

Caoga bliain ó shin agus bhí daoine ag déanamh a mbealach go hArd an Rátha le foinn a fhoghlaim o laoch na fidle, Johnny Doherty. Bhí Micí Sheáin Néill agus Neidí Frainc ag aithris scéalta Fiannaíochta cois teallaigh i Rann na Feirste.

Bhí Francie Mooney ag cumadh ceoil agus ag aistriú amhrán agus a iníon bheag, Mairéad taobh leis.

Ní raibh Caoimhín Ó Raghallaigh nó Iarla Ó Lionaird ar an saol go fóill ach tá an fidléir as Baile Átha Cliath ag déanamh éachtaí i saol an cheoil ó shin i leith.

I gCiarraí, bhí Seamus Begley ina ghasúr óg ag súgradh i mBaile na bPoc lena dheartháireacha agus lena dheirfiúracha ceolmhara nó ag seinm lena athair ag na céilithe agus ag na damhsaí a mbíodh sé ag seinm acu. Cultúr beo, saibhir Chorca Dhuibhne ag rith trína gcuislí.  

Ní raibh Iarla Ó Lionaird ach trí bliana d’aois leathchéad bliain ó shin ach bhí an ceol agus an amhránaíocht ina dhúchas aige agus bhí neart ama aige sula dtiocfadh a thallann i mbláth.

Leanúnachas. Continuum más tú an cineál duine a bhfuil dúil agat i bhfocail a bhfuil dhá u ag teacht i ndiaidh a chéile iontu.

Tosóidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar an 27 Nollaig agus déanfar comóradh ar an stíl ar leith fidléireachta a chleachtaíodh agus a chleachtaítear i dTír Chonaill, ó shinsear John Simey go dtí Maireád Ní Mhaonaigh agus a muintir, Gearóid, Ciarán agus Anna agus ar aghaidh chun an todhchaí leis an ghlúin úr de cheoltóirí traidisiúnta atá ag fás aníos i nGaoth Dobhair.

Ach tá iomaíocht aige.

Ar bhuaicphointí na scoile - agus dá mbeifeá ag smaoineamh ar an dóigh is fearr le hOíche na Seanbhliana a cheiliúradh an dtiocfadh leat seo a shárú - beidh Na Mooneys i ndeabhaidh cheoil le muintir Uí Bheaglaoich i gcumann CLG Ghaoth Dobhair agus 2017 ag geillstin do 2018.

Ach cé a ghéillfidh ar an oíche? Na Conallaigh nó na Ciarraígh mhallaithe sin faoi cheannas Séamus agus Méabh Begley. 

Beidh láithreoir Raidió Na Gaeltachta Rónán Mac Aodha Bhuí ina fhear an tí agus moltar do dhaoine as an dá chontae a bheith i láthair le tacaíocht a thabhairt. 

Ní bheidh beár ar fáil ar an oíche ach beidh fáilte romhat “do chuid féin” a thabhairt leat. Beidh an oíche ag fóirstin do theaghlaigh, mar sin.

Leoga, teaghlaigh go mór chun cinn agus ar chéad lá na Scoile Geimhridh, seolfar dlúthdhiosca de chuid na Friel Sisters, Anna, Síle agus Clare Friel, triúr a rugadh i nGlaschú de bhunadh Dhoire na Mainséar i nGaeltacht Thír Chonaill. 

Tagann dlús iontach fríd ina gcomhcheol ar an fhidil, an fheadóg mhór agus an píb uileann,agus sna hamhráin a cheolann siad le chéile, cuid mhaith acu a d’fhoghlaim siad óna muintir.

Beidh an ceol le cluinstin ag Oíche Cheoil na gConallach: The Friel Sisters, Diane Cannon agus Theresa Kavanagh á comóradh ag Manus Lunny.

An lá dár gcionn, tabharfaidh an píobaire Robbie Hannon as mecca phíb uilleann thuaisceart an Dúin, Ard Mhic Nasca!. léacht ar Raidió na Gaeltachta agus an dóigh a ndéanann sé  naisc idir na pobail éagsúla Gaeltachta atá scoite amach óna chéile 

Agus is cinnte go mbeadh an ceol agus an amhránaíocht níos boichte in éagmais Raidió na Gaeltachta.

Tosóidh caint Robbie ar a 4pm sa Chrannóg agus an oíche sin, beidh Cor Beirte le Jimmy agus Peter Campbell agus aoi speisialta ar a 8pm i dTeach Jack ar an Ghlaisigh.

Thig libh an Aoine a chaitheamh ag baint suilt as tírdhreacha Thír Chonaill, sula dtéann sibh chuig An Gailearaí i bPáirc Ghnó An Údaráis nuair a bheadh an bheirt fhidléir aitheanta, Danny Diamond as Baile Átha Cliath agus Conor Caldwell as Béal Feirste i mbun ceoil, ag toiseacht ar a 5pm. 

Beidh amhráin ó Rita Gallagher chomh maith.

Oíche Aoine ar a 8.30pm i gCaifé Amharclann Ghaoth Dobhair, beidh Ré - an grúpa ina bhfuil Liam Ó Maonlaí, Liam ó Maonlaí, Peter O’Toole, Eithne Ní Chatháin, Cormac Begley agus Maitiú Ó Casaide. Bí ag caint ar supergroup!

Beidh Angelina Carberry  agus Dan Brouder mar aíonna speisialta ar an oíche agus an gig ar siúl i gcaifé Amharclann Ghaoth Dobhair, ag toiseacht ar 8.30pm.

Dé Sathairn, ná lig do rud ar bith moill a chur ort - gabh chuig an scannán: Song Of Granite, sár-scannán faoin tsár-amhránaí Joe Heaney/Seosamh Ó hÉanaí.

Tá sé scannánaithe go hálainn i monacróm, tá an amhránaíocht thar barr ann agus go leor aghaidheanna aitheanta ann chomh maith.

Tosóidh an scannán ar a 12.30pm.

Agus sibh faoi dhraíocht ag Song Of Granite, bogagí ar aghaidh go hAmharclann Ghaoth Dobhair do choirm iontach eile, ina mbeidh Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney ar an ardán le Caoimhín Ó Raghallaigh mar aoi speisialta, acu.

Ní lá scíste é an Domhnach, Oíche Na Sean Bhliana, mar beidh Seisiún Mór na Múinteoirí agus na nDaltaí ag toiseacht ar a 2pm.

Seo buaicphointe na gceardlanna ceoil a bheidh ar siúl i rith na scoile geimhridh agus is cinnte go mbeidh seisiún breá bríomhar agus cuid de na daoine a luadh cheana ag seinm chomh maith le Tommy Guihen, Seamus O’Kane, Eilís Lavelle agus Diane Cannon mar chuid den tsiamsaíocht Beidh neart ama sos a bheith agaibh sula dtosaíonn an Babhta Ceoil: Na Mooneys vs Na Begleys sa chumann CLG, ag toiseacht ar a 9.30pm.

Tá an ceol agus comhpháirtíocht láidir go fóill fá Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair!

Beidh Club na Féile ar siúl gach oíche le linn na scoile sa Bhialann na hAmharclainne agus le deireadh a chur leis an Scoil Gheimhridh, beidh Connie Mhary Mhicí mar cheann feadhna ar sheisiún amhránaíochta i dTigh Hiúdaí Bhig ar a 3pm ar an Luan.

Tá gach eolas faoi Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le fáil ar an idirlíon ag scoilgheimhridh.com