Irish-Language

An dúlaíocht le ruaigeadh ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Caith na laethanta uafasacha sin nuair a bhíonn tú frid a cheile le seal a chaitheamh ag foghlaim nó ag seinm nó ag éisteacht le scoth an cheoil i nGaeltacht Ghaoth Dobhair
Caith na laethanta uafasacha sin nuair a bhíonn tú frid a cheile le seal a chaitheamh ag foghlaim nó ag seinm nó ag éisteacht le scoth an cheoil i nGaeltacht Ghaoth Dobhair Caith na laethanta uafasacha sin nuair a bhíonn tú frid a cheile le seal a chaitheamh ag foghlaim nó ag seinm nó ag éisteacht le scoth an cheoil i nGaeltacht Ghaoth Dobhair

Agus an tráth sin den bhliain ina n-itheann muid barraíocht agus ina n-ólann muid an iomarca ar na gaobhair I mbliana, beidh faoiseamh ar fáil i dTir Chonaill arís agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar siúl ón Domhnach 27 Nollaig go dtí an Aoine 1 Eanáir, 2016.

Ar ndóigh is féidir barraíocht a ithe agus an iomarca a ól anseo fosta ach le linn na scoile, beidh barrfeabhas an cheoil le cluinstin i gceantar alainn Gaeltachta chomh maith. Anuraidh a reáchtáladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair den chéad uair (ghlac sé áit Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy) agus i mbliana beidh an bhéim ar cheardlanna d’ardchaighdeán.

Ar ndoigh, is leis na teagascóirí a thosaíonn an t-ardchaighdeán sin, rud is léir ón rogha de cheoltóirí iontacha a bheas ag reáchtáil na gceardlann i mbliana:

Ina measc beidh Harry Bradley, Barry Kerr, Anna Friel, Maureen McGrattan, Bríd Harper, Martin McGinley, Cathal Hayden, Ciarán Ó Maonaigh, Mairéad Ní Mhaonaigh, Claire Friel, Gay McKeon, Síle Friel, Conor Day, Séamus O’Kane, Máire Ní Choilm, Máirtín O’Connor, Mícheál Ó Raghallaigh, Caitlín Nic Gabhann, Conor Caldwell, Séamie O’Dowd, Edwina Guckian. (Beidh rang ealaíne agus ceardaíochta ann fosta chomh maith le rang Gaeilge.)

Ag labhairt dó thar ceann Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, lucht eagraithe na Scoile Geimhridh, dúírt Cathal Ó Gallchóir go raibh lúcháir an domhain air ceoltóirí iontacha a bheith ag teacht le cois na dteagascóirí a bhfuil an-taithí acu ar ranganna a chur ar fáil agus, ós annamh a tharlaíonn sé, tá lúcháir ar leith orainn go bhfuil Máirtín O’Connor ina measc.

“Tá a fhios againn ón aiseolas a fuair muid go bhfuil sé seo iontach tábhachtach ag ár gcuid daltaí má tá seachtain fhiúntach le bheith acu. Is léiriú é gur ócáid ar dóigh atá ann go dtugann na ceoltóirí seo a gcuid ama dúinn ag an am speisialta seo den bhliain.”

Is ó fháilte chlúiteach bhunadh na háite agus an iarracht dhian ag an lucht eagraithe aire a thabhairt do na cuairteoirí a thagann tréith speisialta, chairdiúil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Tá sé seo le feiceáil go breá, soiléir óna raibh le rá anuraidh ag go leor de na daltaí a luaigh leithéidí an “dea-atmaisféar sna ranganna” agus “an fháilte chroíúil ó gach duine”, agus “aoibh mhaith.... eolas ... [agus] cineáltas lucht eagraithe na scoile.”

Nuair a bheas an fhoghlaim agus an ithe thart, tá clár ceolchoirmeacha ar fáil atá lán chomh maith, nó níos fearr féin, ná ionad mór cathrach i lár shéasúr na féile, lena n-áirítear Téada le Séamus Ó Beaglaoich ag seinm ar mhórchoirm Oíche na Sean-Bhliana; Dermot Byrne, Steve Cooney agus Trevor Hutchinson, triúr a bhí ar camchuairt thart ar an tír ar éirigh go hiontach léi le cúpla mí anuas; Máirtín O’Connor agus beirt eile ina chuideachta; agus Buttons and Bows (Jackie Daly, na deartháireacha McGuire agus Garry O’Briain), gan ach cúpla ceann a lua as measc thart faoi chúig ócáid déag a bheas ar siúl.

Déardaoin beidh ócáid speisialta ar siúl leis An Crann Óg, ceolchoirm a tharraingeoidh aird ar chuid mhór ceoltóirí óga as Gaoth Dobhair agus as áiteanna eile a thagann chun na féile gach bliain. “Cuireann sé an dlaíóg mhullaigh ar an fhéile ar fad nuair a chímid an t-aos óg ag seinm ar an ardán céanna, “ arsa Cathal Ó Gallchóir.

Samhlaigh é - oíche na seanbhliana agus fuinneamh mire an cheoil thraidisiúnta le Téada agus Séamus Ó Beaglaoich i gceantar Gaeltachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin - an mbeadh a shárú le fáil?