Irish-Language

Dréachtchlár ama d’Éirinn Aontaithe leagtha amach roimh éisteoirí Féile

NIALL MURPHY: Bhí an dlíodóir cearta daonna ag caint ag plé-pháinéal de chuid Fhéile an Phobail an Déardaoin seo caite agus thíos, tá cuid de na smaointe a bhí aige. Beidh le feiceáil an mbeidh an Taoiseach reatha, Leo Varadkar, mar chuid den phoóiseas sin
NIALL MURPHY: Bhí an dlíodóir cearta daonna ag caint ag plé-pháinéal de chuid Fhéile an Phobail an Déardaoin seo caite agus thíos, tá cuid de na smaointe a bhí aige. Beidh le feiceáil an mbeidh an Taoiseach reatha, Leo Varadkar, mar chuid den phoóiseas si NIALL MURPHY: Bhí an dlíodóir cearta daonna ag caint ag plé-pháinéal de chuid Fhéile an Phobail an Déardaoin seo caite agus thíos, tá cuid de na smaointe a bhí aige. Beidh le feiceáil an mbeidh an Taoiseach reatha, Leo Varadkar, mar chuid den phoóiseas sin

NÍ MINIC A CHLUIN tú amlíne á lua ó lucht tacaíochta Éireann Aontaithe, rud a chuireann leis an éiginnteacht a mhothaíonn daoine faoin togra go ginearálta.

Sin an fáth gur thaitin caint Niall Murphy ó Ireland’s Future/Todhchaí na hÉireann liom le linn plé de chuid Fhéile an Phobail an tseachtain seo caite.

“Creideann muid go mbeidh trí thréimhse ar leith ann sna seacht mbliana atá romhainn,” arsa an dlíodóir cearta daonna agus é ag moladh go reáchtálfaí reifreann ar an teorainn sa bhliain 2030.

Dúirt sé go gcaithfidh go mbeidh olltoghchán ann ó dheas ag deireadh 2024 nó ag tús 2025.

“Is éigean an Dáil a chur ar scor roimh mhí Feabhra 2025 mar sin de, tá sé le céill go mbeadh olltoghchán ann ag deireadh na bliana seo chugainn.

“Anuas air sin, beidh toghcháin áitiúla ar siúl i mí Meithimh 2024,” ar sé agus dúirt go raibh pleananna uaillmhianacha leagtha amach leis an oiread is mó daoine a mhealladh chun na cúise.

“Ó thaobh Ireland’s Future de,  tá muid ag dúil le 10,000 a mhealladh chuig an SSE Arena i mBéal Feirste le mais chriticiúil a chruthú le go mbeidh muid réidh do na hathruithe atá ag teacht ó dheas.

“Chomh maith leis sin, le seachtainí agus míonna beaga anuas, tá muid ag tabhairt faoi chomhairliúcháin chairdiúla mheasúla le páirtithe polaitíochta ar fud an oileáin, páirtithe a roinneann – go ginearálta – ár gcuid anailíse,” ar sé.

Anuraidh, ag ócáid sa 3Arena i mBaile Átha Cliath, bhí ionadaithe ó 10 bpáirtí polaitíochta, páirtithe ar vótáil 2.2 milliún duine ar a son.

Labhair cúigear ceannaire, Leo Varadkar, an Taoiseach reatha agus Mary Lou McDonald, ar féidir leis gurb í an chéad Taoiseach eile ina measc.

Dúirt an tUasal Murphy go raibh rún ag Ireland’s Future comhchainteanna a bheith acu leis na páirtithe polaitíochta, ag moladh dóibh cad é ba chóir a bheith sna forógraí a chuirfidh siad faoi bhráid vótálaithe i ndáilcheantracha ar fud na 26 Chontae.

“Tá muid ag mairstin fríd thréimhse ina bhfuil athruithe polaitíochta ag teacht go tiubh agus creidim go dtiocfaidh níos mó athruithe sna 18 mí atá ag teacht agus tá muid ag iarraidh tionchar a bheith againn ar na hathruithe sin le fíricí agus le fianaise.

Sin an chéad tréimhse.

An dara thréimhse, bainfidh sin le cur i bhfeidhm na n-athruithe a thiocfaidh i ndiaidh olltoghchán Dála agus sin an t-am a mbeidh na meicníochtaí a bhaineann le hathrú bunreachtúil á n-oibriú amach.

“Dar linn, ba cheart go mbeadh rialtas úr ar bun a fhoilseoidh clár rialtas faoi mhí Eanáir 2025,” arsa Niall Murphy.

“Tá súil againn go ndéanfaidh rialtas nua na hÉireann gach iarracht pobalbhreith ar cheist na teorann a bhaint amach roimh dheireadh a théarma in oifig, an t-am cuí dar linne.

Measann muid fosta, idir Eanáir agus Meitheamh 2025, gur cheart don rialtas nua oibriú i dtreo institiúidí nua a bhunú.

“Má bhreathnaíonn muid ar na náisiúin sin atá athaontaithe nó ar mhaith leo athaontú – an Ghearmáin mar shampla nó an Chóiré Theas a bhfuil Aireacht Seasta um Athaontú aige – measann muid gur cheart go mbeadh aireacht athaontaithe le hAire agus státseirbhís dá chuid féin aige in Éirinn.

Dhéanfadh an roinn rialtais sin athchóiriú ar aonad na nOileán Comhroinnte, a bhfuil obair mhaith déanta aige – b’fhéidir go bhfuil airgead geallta roimhe seo athchúrsáilte aige ach ar a laghad tá sé á chaitheamh anois – agus measann muid fosta gur cheart don roinn rialtais tosú ag obair chun tionóil saoránach uile-Éireann (All-Ireland Citizen’s Assemblies) a eagrú, tionóil a féadfadh tionscnaimh a choimisiúnú maidir leis an dóigh a dtarlóidh athaontú, na meicníochtaí ullmhúcháin iarbhír,” ar sé.

Bheadh athruithe móra de dhíth ar beagnach gach earnáil den tsochaí – sláinte, geilleagar, oideachas, bonneagar, cáin shóisialta agus ceartas, slándáil, póilíneacht agus bheadh na Tionóil seo in ann an taighde inmhuiníne a choimisiúnú a chuirfeadh gach deis agus gach míbhuntáiste faoi bhráid an phobail.  

Bheadh súil againn go dtuairisceodh na tionscnaimh sin ar ais le fianaise eolasach faoi Eanáir 2027 agus go seolfadh an rialtas ansin próiseas comhairliúcháin ar an dréachtchlár um athaontú, idir Meán Fómhair agus Nollaig 2027.

Measann an tUasal Murphy go mbeidh ról lárnach ag Comhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann mar go mbeidh “aistriú ardcheannais” - (a transfer of sovereignty) i gceist agus go ndéanfaí seo i gcomhpháirt le leithéidí Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe.

Ach tá Niall Murphy faicheallach go fóill.

“Thiocfadh le rud ar bith titim amach idir ceann ar bith de na dátaí seo,” ar sé, “ach is é an anailís is fearr a dtig linne a dhéanamh ná go n-aontódh Rialtas na Breataine agus na hÉireann ar Chomhdhearbhú a leagfadh amach dáta ceangailteach do reifreann, mionsonraí agus meicníochtaí phróiseas an reifrinn chomh maith le deimhnithe do gach taobh sa díospóireacht maidir le toradh an reifrinn i mí Eanáir 2028. 

"Sa tríú thréimhse, chuirfeadh rialtas na hÉireann a gcreatcháipéis i láthair go foirmiúil ansin le cabhrú leis na feachtais reifrinn ar aontú, thuaidh agus theas, toisc gur tionscnamh rialtais a bheidh ann.

"Agus ansin cuirfear tús leis an fheachtas – nuair a deirimid feachtas, is é atá i gceist againn ná a mhalairt ar fad ar an méid a tharla sa Bhreatain i gcás Brexit.

“Tá deis againn ár dtodhchaí, a eagrú bunaithe ar fhianaise. is bealach freagrach, réamhghníomhach é chun feachtas i dtreo vótaíochta teorann a bhainistiú ar dháta ar leith in 2030, roimh dheireadh théarma an chéad rialtais eile ó dheas,” arsa Niall Murphy.