Irish-Language

An cheist faoi reifreann ar athaontú na tíre ag géarú go formhothaithe

BRENDAN O’LEARY: Deir an Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil in Ollscoil Pennsylvania nach raibh sé ag moladh go mbeadh scor ag dream ar bith ó thuaidh dá ngairfí reifreann ar athaontú na tíre ach go mbeadh oiread daoine agus is féidir sásta glacadh leis an toradh
BRENDAN O’LEARY: Deir an Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil in Ollscoil Pennsylvania nach raibh sé ag moladh go mbeadh scor ag dream ar bith ó thuaidh dá ngairfí reifreann ar athaontú na tíre ach go mbeadh oiread daoine agus is féidir sásta glacadh leis an toradh

NÍ FIOS cá fhad a ghlacfaidh sé ach beidh staraithe ag scríobh faoin tréimhse seo ina bhfuil muid beo inniu agus iad ag iniúchadh na gcúinsí éagsúla ba chúis le hathaontú na hÉireann.

Beidh an t-ádh orthu mar, in áit a bheith ag treabhadh fríd sheanleabhair lán dusta, beidh podchraolta, agus cláir raidió agus altanna nuachtáin ar an idirlíon le cuidiú leo.

Is cinnte go gcuirfeadh siad suntas mór sna meáin a craoladh ar feadh cúpla lá an tseachtain seo.

Tá mé féin ar na daoine sin a chreideann go bhfuil athaontú na tíre dosheachanta anois agus mé ag breathnú go fuarchúiseach ar a bhfuil ag titim amach.

Mar a tharla riamh anall, tá an teimpléad do dhul chun cinn á chruthú ag náisiúnaithe i gcuid mhór dóigheanna ó bhunú na gComhar Creidmheasa, go dtí na buntáistí a bhain siad as rochtain a bheith acu ar mhaoiniú Eorpach agus anois, tá siad ag réiteach an bhealaigh d’athaontú na tíre.

Bhí aontachtaithe malltriallach ag aithint na mbuntáistí a bhain leis na Comhair Chreidmeasa do phobail bheaga, bhí siad malltriallach ag baint tairbhe as airgead Eorpach agus tá siad malltriallach ag cur an cháis ar son an Aontais chun cinn, tráth a bhfuil náisiúnaithe ag eagrú cruinnithe fud fad na hÉireann – agus iad ar fáil ar líne ar fud na cruinne – le ceisteanna casta an athaontaithe a phlé.

Níl aontaithe ag déanamh an rud céanna. Leoga, is é an fhreagairt amháin atá acu ar an bhealach chun cinn ná go n-amharcfadh siad níos géire ar a n-imleacáin féin. 

Fuair siad tacaíocht bheag, dar leo, ón Dr Brendan O’Leary ó Arins (Analysing and Researching Ireland North and South) de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.

Luaigh seisean “toil na gcailliúnaithe” i gcomhthéacs reifrinn ar Éirinn Aontaithe agus thuig daoine gur ag caint ar chros (veto) a bhí sé ach i gcaint a thug an Dr O’Leary mar chuid den imeacht The Good Friday Agreement 25 Years On: What Next?, imeacht a reáchtáil Ireland’s Future, dúirt sé gur baineadh míchiall as an méid a dúirt sé.

“Caithfidh mé a mhíniú nach ionann “toil na gcailliúnaithe” agus cros, níl baint ar bith aige le crosadh,” ar sé.

“Ach is fearr a oibríonn an daonlathas i dtoghcháin nó i reifrinn má ghlacann na cailliúnaithe leis na torthaí, mar sin de, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na buaiteoirí smaoineamh go cúramach ar dhóigheanna  a mhéadóidh an dóchúlacht go nglacfaidh na cailliúnaithe leis na torthaí,” ar sé.

Ina leabhar, Making Sense of a United Ireland, chuir an Dr O’Leary in iúl gur cheart go rachadh na reifrinn sa dá dhlínse amach anseo ar aghaidh ar bhonn riail simplí tromlaigh. 

“Ní ann do thromlach cáilithe, nó tairseacha (thresholds), nó cuótaí, nó crosadh pobail. Ní oibreoidh beart Ian Paisley atá ag iarraidh na rialacha a athrú,” dar leis.

Le linn na díospóireachta céanna, dúirt Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuallaíochta (Alliance) gur aontaigh sé leis an Dr O’Leary gur leor 50+1 le reifreann a bhaint ach mar pháirtí, níl Alliance teoranta ag an cheist bhunreachtúil. 

“Sin ráite, tá deiseanna suntasacha ann chun comhoibriú praiticiúil thuaidh-theas a fhorbairt sna réimsí sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil,” ar sé.

“Agus tá forbairt an gheilleagair uile-Éireann ann.

“Ní dóigh liom go ndearnadh go leor smaointeoireachta ar na deiseanna a d’eascródh as geilleagar uile-oileánda a bheith againn,” arsa an Dr Farry.

Cé go bhfuil an bhéim ar Aontachtaithe in Éirinn Aontaithe, dúirt Gerry Adams go raibh rialtais na Breataine agus na hÉireann i gcoinne athrú bunreachta, agus i gcoinne na reifreann chomh maith leis na páirtithe Aontachtacha. 

“Tá na páirtithe rialtais ó dheas imníoch go gcaillfidh siad a bhforlámhas, ar sé.

“Ach ina ainneoin sin caithfidh muid ár n-iarrachtaí a dhíriú ar dhúshlán a thabhairt do rialtais na hÉireann agus na Breataine dáta a shocrú do na reifrinn,” ar sé. 

Martin Mansergh ó Fhianna Fáil an duine deireanach a labhair.

Dúirt sé gur chuir an staraí Christine Kineally síos ar na 26 Cho mar dhaonlathas rathúil.

“Cosúil le sochaí ar bith eile, tá fadhbanna agus easnaimh ann ach tá na hacmhainní aige déileáil leo,” arsa Mansergh.

“Is é mo mhian is láidre don todhchaí ná go mbeidh Éire ina hiomláine ina gnáthdhaonlathas.” ar sé.

Síos fríd na haithisc, bhí an aithne ann go raibh streáchailt fhada, chasta, chorrach rompu sin atá ag iarraidh go mbeadh Éire athaontaithe arís ach gur seo an t-am le aghaidh a thabhairt orthu le go mbeadh an oiread daoine agus ab fhéidir sásta vótáil ar a shon.

Tá gá anois le saineolaithe airgeadais (beidh an euro mar airgeadra againn, cúrsaí cánach), sláinte (cad é a tharlóidh don NHS?), infreastruchtúr (traenacha chun an iarthuaiscirt, traenacha ardluais go Baile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh, etc), slándála (nascadh an Garda Síochána agus an PSNI, Arm 32 chontae), oideachais (an é an Leaving nó A-Levels a bheas muid á ndéanamh?) le go dtíg leo na mílte ceist chasta mar seo a iniúchadh le go dtig linne cinneadh tomhaiste a dhéanamh.   

An bhfuil aontachtaithe in ann an rud céanna a dhéanamh?