Irish-Language

Duais Eorpach bronnta ar chomhlacht teilifíse i mBéal Feirste as léargas a thabhairt ar an chiníochas ó dheas

INIÚCHADH: An t-iriseoir Feirsteach, Kevin Magee, ag cur ceisteanna ar dhaoine atá ag agóidíocht in éadan líon na dteifeach in Éirinn
INIÚCHADH: An t-iriseoir Feirsteach, Kevin Magee, ag cur ceisteanna ar dhaoine atá ag agóidíocht in éadan líon na dteifeach in Éirinn INIÚCHADH: An t-iriseoir Feirsteach, Kevin Magee, ag cur ceisteanna ar dhaoine atá ag agóidíocht in éadan líon na dteifeach in Éirinn

Tá an t-iriseoir Feirsteach, Kevin Magee, agus an comhlacht Clean Slate atá lonnaithe i ndeisceart Bhéal Feirste, i ndiaidh duais Eorpach a thabhairt leo do chlár a rinne siad ar fhás na heite deise in Éirinn agus an dearcadh atá acu ar an inimirce. 

I dtréimhse ina bhfuil na meáin iniúcacha níos tábhachtaí ná mar a bhí siad, riamh, tá Prix CIRCOM 2023 buaite ag Clean Slate dá gclár cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? .  

Roghnaíodh an clár mar bhuaiteoir na catagóire ‘Iriseoireacht Iniúchta’, catagóir atá urraithe ag Comhairle na hEorpa. 

Gach bliain ó 1990 i leith, tugann gradaim Prix CIRCOM – na gradaim idirnáisiúnta is tábhachtaí i dtaobh cláracha réigiúnacha –  aitheantas do na léiriúcháin is fearr.

Tá aon chatagóir déag i ngradam na bliana seo lena n-áirítear;  Iriseoireacht Iniúchta, Faisnéis, Tuairisc Nuachta,  Ceol agus Ealaíon, agus ilmheáin Dhigiteacha. Cuireadh isteach níos mó ná 170 iontráil ar na gradaim i mbliana ó 22 craoltóir.

In Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? tugann Kevin Magee aghaidh ar an fhás in agóidí in aghaidh na hinimirce atá ag tarlú fud fad an deiscirt le déanaí agus an ról atá ag roinnt gníomhaithe ón ghluaiseacht in aghaidh inimirce ag cuidiú leis na hagóidí seo a chur chun cinn.

Pléitear fosta, an teolas bréagach atá á scaipeadh maidir leis an inimirce agus le hiarrthóirí tearmainn in Éirinn agus fiosraítear an léiríonn na hagóidí go bhfuil an ciníochas ag spréadh in Éirinn.  

Tá an clár mar chuid de shraith nua mhíosúil cúrsaí reatha, Iniúchadh TG4, atá á léiriú ag Clean Slate Productions atá lonnaithe i mBéal Feirste agus á chur i láthair ag Kevin Magee.

Dar le Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4, Deirdre Ní Choistín, tugann an clár léargas iontach ar scéal atá go mór i mbéal an phobail in Éirinn, scéal atá ag cur imní ar dhaoine trasna na hEorpa chomh maith.

"Tá TG4 tiomanta d’fhorbairt Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar gach ardán, agus is fianaise ar an ngealltanas sin é an gradam seo a fháil,” ar sí.

Bronnfar na gradaim ar an 1 Meitheamh 2023 mar chuid de Chomhdháil Bhliantúil Réigiúnach CIRCOM a bheidh ar siúl i Donostia-San Sebastian, sa Spáinn, arna óstáil ag EITB – Raidió agus Teilifís na mBascach.

Is féidir féachaint ar Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte?, ar sheinnteoir TG4 ag https://nasc.tg4.tv/IniuchadhTG4-CeadMileFailte