Irish language

Sceal dochreidte an fhir a dtiocfadh leis a bheith mar Führer na hÉireann

KEVIN MAGEE: Tá clár iontach déanta ag Kevin agus ag Macha Media faoin spiaire Naitsíoch Ludwig Mühlhausen, clár atá chomh maith le ceann ar bith a chonaic mé i mbliana  

Éire mar linn oibrithe agus mar chófra bia don Ghearmáin Naitsíoch.

Sin an sprioc a bhí ag scoláire Gaeilge as an Ghearmáin a chaith cúpla seal in Éirinn, uair amháin ar na Blascaodaí, i gCorcaigh, i gConamara agus ar deireadh, i 1937, sé sheachtaine i dTeileann i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag cur feabhais ar an smacht a bhí aige ar chanúintí uile na Gaeilge.

Ach bhí aidhm níos diamhraí ag an Dr Ludwig Mühlhausen agus é in Éirinn – faisnéis a bhailiú lena chur ar fáil do na Naitsithe sa chás go ndéanfaí Hitler ionradh ar Éirinn.

Tá sé seo ar eolas againn mar thoradh ar Nazi sa Ghaeltacht, clár faisnéise atá déanta ag tuairisceoir iniúchach de chuid an BBC, Kevin Magee agus a bheidh le feiceáil ar BBC2 NI ar a 10pm an Domhnach beag seo.

Thosaigh Kevin Magee a fhoghlaim na Gaeilge daichead éigin bliain ó shin agus go Teileann a chuaigh sé le feabhas a chur uirthi.

B’ansin a chuala sé na ráflaí faoi Mühlhausen, gur spiaire a bhí ann ach ag an phointe sin, ní raibh ann ach caint, a mhínigh sé dom.

“Thosaigh mé a fhoghlaim Gaeilge sna 1970idí ach sé bliana ó shin, bhí ceiliúradh á dhéanamh ar Choláiste Aoidh Mhic Bhricne agus bhí mé féin i measc an scaifte breá

daoine a d’fhreastail ar an ócáid,” arsa Kevin.

“Thosaigh muid ag caint ar na daoine a d’fhreastal ar an choláiste – Bernadette Devlin, Barra McGrory, Joe Brolly – ach dúirt duine amháin ‘cad é faoi Ludwig Mühlhausen?’

“Ansin thosaigh seanduine de bhunadh na háite ag caint ar an Ghearmánach mistéireach seo agus b’ansin a chinn mé go bhfaighinn amach oiread agus ab fhéidir faoi, cé acu ba é an Ghaeilge a spreag é – nó an Naitsíochas,” arsa Kevin.

Agus baineadh stangadh as arís agus arís eile agus é i mbun taighde.

Tháinig sé ar cháipéis áirithe amháin a bhain geit as, tuairisc a scríobh an Gearmánach é féin inar chuir sé síos ar gheilleagar na tíre, go háirithe ar chúrsaí talmhaíochta agus an dearcadh a bhí ag na hÉireannaigh ar a rialtas féin agus ar na Naitsithe, agus mar sin de.

“Nuair a bhí sé i dTeileann, bhí Mühlhausen i gcónaí ag cur litreacha ar ais chun na húdaráis Naitsíocha sa Ghearmáin, ag cur síos ar gach ar fhoghlaim sé faoi Éirinn díreach roimh thús an Dara Cogaidh Domhanda.

Ag creidbheáil gur ghnáth-fhear acadúil a bhí in Mühlhausen, ba é Séamus Ó Duilearga, an fear a bhí i mbun an Chumainn le Béaloideas Éireann ag an am, a d’iarr ar an bhailitheoir clúiteach Conallach, Sean Ó hEochaidh, cuidiú le Mühlhausen, lóistín a shocrú do i dteach a mbeadh Gaeilge den scoth á labhairt ann agus feirmeoireacht agus iascaireacht ar bun ag bunadh an tí.

Sin an rud a tharla. Shocraigh Ó hEochaidh lóistín dó i dtig Aodha Uí Bheirn agus chaith an bheirt cuid mhór ama i dtithe airneáil, ag caint ar

rialú na tíre agus ar chúrsaí talmhaíochta, an Gearmánach ag iarraidh áitiú ar na Gaeil go mbeadh Éire ar fad agus feirmeoirí beaga mar iad i bhfad níos fearr as dá mbeadh Gearmánaigh ag rialú na tíre.

Chaith sé sé sheachtain i dTeileann, ag glacadh grianghrafanna agus ag iascaireacht. Ach chuir rud amháin iontas ar mhuintir na háite - ní raibh duán ar a shlat iascaireachta. Cad é mar a thiocfadh leis breith ar iasc ar bith gan duán.

Measann Kevin go raibh aidhm níos tromchúisí na iasc i gceist – bhí Mühlhausen ag iarraidh fáil amach an raibh an fharraige domhan go leor le fomhuireáin de chuid an Kriegsmarine, cabhlach na Naitsíoch, a ligin isteach.

Doiligh a chreidbheáil? 

De réir a chéile, síos fríd Nazi sa Ghaeltacht, cuireann Kevin píosaí beaga eolais le chéile a léiríonn pictiúr thar a bheith soiléir faoin chineál duine a bhí in Mühlhausen agus gur fear iontach contúirteach a bhí ann.

Gach áit, tháinig sé ar iontais, go leor de sa Chartlann Mhíleata i nDún Chathal Brugha i mBaile Átha Cliath.

“Níor chreid mé chomh cumhachtach agus a bhí na cáipéisí a raibh mé in ann iad a léamh,” ar sé liom.

“Bhí grúpa de chuid Arm na hÉireann, G2, ag coinneáil súil ar Naitsithe agus a lucht leanúna in Éirinn an t-am ar fad.

“Sa chomhad seo, chonaic mé tuairisc ar Mühlhausen a mhaígh gur labhair sé

“English and Irish fluently but with a marked German accent” agus “enthusiastic Nazi, most energetic worker, approves of Irish whiskey and can be very genial but can fly into a violent temper.”

Sa chomhad chéanna, tá litir a scríobh Séamus Ó Duilearga chuig na húdaráis ag léiriú go raibh sé ag éirí amhrasach faoin duine ar éascaigh sé a chuairt ar Thír Chonaill.

Ach an rud ba mhó a chuir iontas air ná Militärgeographische Angaben über Irland - Tíreolas Míleata ar Éirinn. 

Le cuidiú Frank Reidy, d’oibrigh siad amach go mbeadh grianghrafanna Mühlhausen iontach úsáideach ag arm ionraidh. Leoga, seans mór gur inseadh dó cén cineál pictiúr a bheadh de dhíth, pictiúir a léirigh an tírdhreach, an tír-raon etc.

Dá ndéanfadh na  Gearmánaigh ionradh ar  Éirinn, bheadh siad ag brath go mór ar an fhaisnéis a chuir Ludwig Mühlhausen ar fáil dóibh.

I ndiaidh sé sheachtaine i dTeileann, thaistil an spiaire Gearmánach go Baile Átha Cliath, le bualadh le ceannaire na Naitsíoch in Éirinn, Adolphe Mahr, a bhí ag obair mar in ArdMhusaem na hÉireann ag an am.

“Creidim gur bhuail Mühlhausen agus Mahr lena chéile in Inbhear, baile beag idir na Cealla Beaga agus Baile Dhún na nGall.

Ag an am bhí óstán mór in Inbhear ar le Gearmánach é ach ní raibh go leor fianaise agam leis sin a chur sa chlár,” arsa Kevin.

Agus d’fhéadfainn féin i bhfad níos mo a scríobh faoin chlár – scéal Dubhghlas de hÍde, na Léinte Donna, Heinrich Himmler, an fhaisnéis atá sa Bundesarchiv i mBeirlín agus an dóigh a raibh Mühlhauser mar Lord Haw-Haw na Gaeilge le linn an Dara Cogadh Domhanda – ach tá mé in éadan spoiler alerts!

Beidh sibh féin ábalta Nazi sa Ghaeltacht. déanta ag Macha Media, a fheiceáil ar BBC2 TÉ oíche Dhomhnaigh ar a 10pm. 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access