Irish-Language

Tosagígí ag scríobh a fhilí na hÉireann tá comórtas filíochta ag fanacht libh

<b>L&Aacute;N CULT&Uacute;IR:</b> N&iacute; amh&aacute;in go mb&iacute;onn scoth na n-imeachta&iacute; litr&iacute;ochta ar si&uacute;l taobh istigh den Chult&uacute;rlann, t&aacute; an l&aacute;r-ionad Gaeilge ag iarraidh daoine taobh amuigh a ghr&iacute;os&uacute; a gcuid fil&iacute;ochta f&eacute;in a chumadh mar chuid d&aacute; Chom&oacute;rtas Fil&iacute;ochta&nbsp;
LÁN CULTÚIR: Ní amháin go mbíonn scoth na n-imeachtaí litríochta ar siúl taobh istigh den Chultúrlann, tá an lár-ionad Gaeilge ag iarraidh daoine taobh amuigh a ghrí LÁN CULTÚIR: Ní amháin go mbíonn scoth na n-imeachtaí litríochta ar siúl taobh istigh den Chultúrlann, tá an lár-ionad Gaeilge ag iarraidh daoine taobh amuigh a ghríosú a gcuid filíochta féin a chumadh mar chuid dá Chomórtas Filíochta 

DEIR DAOINE go bhfuil féith na filíochta i ngach Éireannach agus d’aontódh na hÉireannaigh leo go bhfuil siad féin thar a bheith filiúnta.

Tá iomrá ar fud na cruinne ar Jonathan Swift, William Butler Yeats, Patrick Kavanagh agus Séamus Heaney ach is beag duine thall nó abhus a thuigeann go bhfuil corpas iontach filíochta anseo againn in Éirinn a théann siar 1,400 bliain.

(Na dánta Gaeilge is sine dá bhfuil againn, cumadh iad sa 6ú haois’ na dánta is luaithe dár scriobhadh i mBéarla in Érinn. is ón 14ú haois a thagann siad sin.

Le teacht an Bhéarla, ligeadh don saibhreas iontach filíochta sin imeacht le sruth agus tá bearna do-líonta idir muid agus é mar gheall ar mheath na Gaeilge agus ar imeacht na haimsire.

D’fheadfadh an fhilíocht Ghaeilge báitheadh i ngaineamh súraic (quicksand) na gcianaoisanna mura raibh filí ann a mheas nach dtiocfadh leo iad féin nó a tír a chur in iúl ach i nGaeilge agus a bhuí leo sin, tá filíocht i dteanga ársa na Gaeilge beo beathach mura bhfuil sí i mbarr a feabhais.

Tá an fhilíocht go láidir i gCúige Uladh agus leithéidí Chathail Uí Shearcaigh, Gearóid Mac Lochlainn, Philip Cummings agus Caitríona Ní Chleiricín ag cumadh leo agus iad á moladh go hard.

Agus tá daoine sna ceithre hairde ag cumadh leo, ina seomraí féin fud fad na háite.

Anois, tá deis ar fail ag na daoine sin - yep, tusa ina measc, b’fhéidir - cur isteach ar cheann amháin de dhá chomórtas filíochta atá á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Níl sé seo ag teacht aniar aduaidh mar is léir go bhfuil borradh faoin fhilíocht Ghaeilge i mBéal Feirste le blianta anuas.

“Chonaic muid leis na slámanna filíochta a bhí againn le linn Fhleadh Feirste go bhfuil tallann iontach i measc an aosa óig a tógadh le Gaeilge i mBéal Feirste agus go bhfuil sé sin ag teacht i mbláth,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, stiúrthóir na Cultúrlainne.

“Ní amháin go bhfuil an fhilíocht thraidisiúnta á cumadh ach tá taibhfhilíocht (performance poetry) ann agus tá borradh mór faoin i nGaeilge, a bhuíochas do Kneecap agus IMLÉ agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.

“Mar sin, mheas muid gur choir na daoine sin, idir óg agus aosta,  atá ag cumadh filíochta de chineál ar bith theacht chun cinn agus cur isteach ar an dá chomórtas atá muid á reáchtáil,” arsa Ciarán.

Beidh na Comórtais Filíochta a reáchtáil le linn Sheachtain na Gaeilge agus cuirfear fáilte chroíúil roimh dhánta i nGaeilge agus i dteangacha eile seachas an Ghaeilge. Beidh costas £5 ar gach dán a chuirfear isteach.

Ar dhaoine óga idir 11-18 mbliana d’aois atá Comórtas Filíochta Pádraic Fiacc dírithe agus iarrtar ar dhaltaí scoile dán a chumadh ar an téama Féiniúlacht agus Teanga ach glacfar le dánta nach gcloíonn leis an téama seo.

Mar a gceanna le Comórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiaich atá dírithe ar dhaoine os cionn 19 mbliana d’aois.

Agus tá A-Listers na litríochta Gaeilge mar mholtóir ar an dá chomórtas – Myra Zepf, Fionnuala Ní Mhealláin agus Frances Hesketh na moltóirí do chomórtas na ndaoine óga agus Philip Cummings, Milène Fagan agus Gearóid Mac Lochlainn na moltóirí i gcomórtas na ndaoine fásta.

“Tá muid uilig ag dúil go mór leis na hiontrálacha uilig,” arsa Ciarán,” agus is léir go bhfuil mór-ráchairt ar an chomórtas - tháinig an chéad dhán isteach ar a deich i ndiaidh an mheánoíche - 10 mbomaite i ndiaidh muid an comórtas a oscailt!”

Ba mhaith le Ciarán go mbeadh duine as gach cearn agus as gach cúlra páirteach sa chomórtas.

“Tá daoine ina gcónaí taobh linn nár rugadh in Éirinn ach atá mar chuid thábhachtach den phobal anseo,” ar sé.

“Bheadh cead acu dán ina dteanga féin a chur isteach ach iad a aistriú dúinn ar tús.”

Is éigean na dánta sa dá chatagóir bheith istigh roimh dheireadh an lae, 14 Feabhra (Lá na Féile Vailintín).

I ndiaidh na mbuaiteoirí bheith fógartha, eagrófar Ócáid mhórthaibhseach Bhronnta ar an 11ú

Márta ar a 7pm i nDánlann Dillon sa Chultúrlann agus tá súil ag eagraithe an chomórtais go mbeidh baill Cheolfhoireann Uladh ag seinm ar an oíche agus go ndéanfar físeáin de na dánta buacacha.

Is deis ar leith é an comórtas seo d’ábhar filí, idir óg agus aigeanta. 

Cad é atá bhur gcoinneáil?

:: Le haghaidh tuilleadh eolais agus treoirlínte, buail isteach sa Chultúrlann nó déan teagmháil le comortas@culturlann.ie