Irish-Language

Cad é mar atá eagraíochtaí Gaeilge ag dul i ngleic leis an díghlasáil?

<b>GL&Oacute;IR GHL&Oacute;R NA nGAEL: </b>Bhain bunadh Rann na Feirste (<i>thuas</i>) an-sult as Bronnadh Ghl&oacute;r na nGaeil anuraidh ach beidh searmanas 2020 ar l&iacute;ne i mbliana mar gheall ar gh&eacute;arch&eacute;im an Chor&oacute;inv&iacute;ris
GLÓIR GHLÓR NA nGAEL: Bhain bunadh Rann na Feirste (thuas) an-sult as Bronnadh Ghlór na nGaeil anuraidh ach beidh searmanas 2020 ar líne i mbliana mar gheall ar ghéarchéim an Choróinvír GLÓIR GHLÓR NA nGAEL: Bhain bunadh Rann na Feirste (thuas) an-sult as Bronnadh Ghlór na nGaeil anuraidh ach beidh searmanas 2020 ar líne i mbliana mar gheall ar ghéarchéim an Choróinvíris

Le Lorcán Mac Gabhann

FAOIN 23 Márta 2020, bhí ar chumas Ghlór na nGael, clár oibre nua a fhoilsiú don tréimhse Márta - Lúnasa 2020.  

D’aithin an eagraíocht go luath sa thréimhse ghéarchéime seo go raibh sé riachtanach clár oibre na bliana a athrú go radacach agus go tapa.

Tá taithí ag foireann na heagraíochta ar a bheith ag obair ón mbaile, mar sin, ní dúshlán an obair ón mbaile. Is dúshlán é, áfach, nach féidir le hOifigigh Forbartha cruinnithe pearsanta a eagrú le coistí pobail Gaeilge, le clubanna CLG, le grúpaí tuismitheora agus páistí, le cumainn Ghaelacha tríú leibhéil nó le dreamanna éagsúla eile.  

Sin ráite, tuigeann an eagraíocht go rí-mhaith nach socrú buan atá ann agus tá bealaí cumarsáide eile á úsáid againn. 

Idir an dá linn, tá próiseas suirbhéireachta a aontú le os cionn 150 clubanna CLG le go mbeidh siad in ann pleananna dearfacha gníomhaíochta a aontú faoi dheireadh na bliana, 2020.    

Is mór an trua nach raibh ar chumas na heagraíochta Bronnadh Duaischiste Ghlór na nGael a eagrú faoi mar a bhí beartaithe ar an 18 Aibreán i mbliana in éindí le hUachtarán na hÉireann, i nGaoth Dobhair.  

Tá sé i gceist an duaischiste €80,000+ a dháileadh ar choistí agus ar chumainn Ghaelacha na tíre ag ócáid ar-líne (atá fós le fógairt) ar an 21 Bealtaine.

Is mór an trua go bhfuil sé riachtanach ócáidí teaghlaigh na heagraíochta a chur ar ceal go dtí deireadh mí Lúnasa dá luaithe é. 

Dar ndóigh, tá ócáidí iontacha ar-líne á n-eagrú, Tráth na gCeist gach oíche Dhomhnaigh agus oíche Biongó Beo gach oíche Chéadaoine ina measc.   

Tá an-rath ar na himeachtaí seo agus na céadta teaghlach ag baint leas astu.  

Tá an Tráth Ceist á chraoladh ag TG4 comhthreomhar le craoladh beo Ghlór na nGael ar a leathanach Facebook. 

Seans go mbeidh tionchar dearfach ag an tréimhse reatha ar mhódh oibre na heagraíochta san fhadtréimhse.  

Tá éirithe linn teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh ar bhealaí nua-aimseartha agus déanfar forbairt ar seo.

Tá an ghéarchéim reatha ag tabhairt deis dúinn raon leathan d’acmhainní agus d’áiseanna a fhorbairt, ina measc, áiseanna léitheoireachta, áiseanna ceardaíochta agus áiseanna aclaíochta.  

Tá teacht orthu ag url.ie/17b0u

Is áis iontach don phobal í www.údar.ie, atá á bhainistiú ag Glór na nGael. Ó thosaigh an ghéarchéim tá sruth leanúnach de chustaiméirí ag baint úsáid as ar bhonn laethúil. 

Le Ciarán Mac Giolla Bhéin

THARLA SÉ go tobann. Lá amháin bhí muid le chéile ag beartú clár imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge agus Lá na Féile Pádraig agus, le caoch na súl, bhí muid ag stanadh ar a chéile ar scáileán Zoom agus gach rud ar ceal!

Is cinnte nach raibh, agus tá súil againn, nach mbeidh aon eispéireas eile againn cosúil leis an ghéarchéim a bhfuil muid ar fad ag maireachtáil fríd faoi láthair. 

Chothaigh an phaindéim seo imní, eagla, buairt, grá, dlúthpháirtíocht agus muintearas. Mothaíonn sciaranna leathan den phobal leochaileach don chéad uair agus muid scartha ó na greasáin shóisialta, phearsanta agus oibre ar thóg muid ár bhféiniúlacht thart orthu. 

Sa Chultúrlann, d’fhreagair muid ar an bhealach is coitianta ag pobal na Gaeilge agus an cheantar seo, trí ghníomh agus trín dlúthpháirtíocht. 

Tá clár imeachtaí nua deartha againn agus é bunaithe ar an áit a bhfuil muid faoi láthair agus muid tiománta go gcuirfear siamsaíocht ar fáil don phobal agus go dtacaíonn muid le healaíontóirí, le ceoltóirí agus eile atá go mór faoi mhíbhuntáiste ag an dhianghlasáil riachtanach seo. 

Is féidir linn teacht le chéile go minic, a bhuí leis an nua-theicneolaíocht agus tá agus beidh toradh na gcruinnithe sin le feiceáil sna míonna amach romhainn. 

Beidh ceolchoirm Bealtaine againn ar an Aoine agus seolfar clár Bealtaine ar an lá céanna. 

Ach seo deis dúinn machnamh a dhéanamh fosta. Machnamh ar an am saor atá againn anois, ar an deis atá againn don chéad uair le fada rudaí a dhéanamh a thaitníonn linn nach mbíonn an deis againn a dhéanamh de ghnáth. 

Ag bogadh chun tosaigh, ní mór dúinn cothromas a bhaint amach idir saol agus obair, slí beatha níos iomláine, sláintiúla a aimsiú. 

Níor chóir go raibh ar phaindéim muid a tharraingt chuig an chonclúid seo ach glacfaidh muid cibé tairbhe gur féidir linn aisti!

Beidh an Chultúrlann ar ais ar a sheanléim chomh luath agus is féidir.