Irish-Language

Comórtas Scríbhneoireachta Ghael Linn le 1916 a chomóradh

Tá dhá thionscnamh speisialta beartaithe ag Grúpa Uladh de chuid Gael Linn le comóradh a dhéanamh ar 1916 i gCúige Uladh.

Baineann an chead tionscnamh leis an scríbhneoireacht chruthaitheach ina mbeidh Gael Linn ar lorg iarratais ó dhaoine fásta do chomórtas úr scríbhneoireachta i gcanúint Uladh.

Ó Pheann na nGael an t-ainm atá ar an chomórtas agus beidh dhá chatagóir i gceist – gearrscéal suas le 1,500 focal agus filíocht, suas le cúig dhán.

Beidh €500 an duine ar fáil mar chéad duais don bheirt a thagann sa chéad áit sa dá chatagói agus bronnfar plaic an duine orthu siúd a thiocfaidh sa chéad áit agus bronnfar plaic ar an bheirt a thiocfaidh sa dara háit.

Bronnfar na duaiseanna ag an ócáid ar 8 Aibreán 2016 in Acadamh na hOllscolaíochta i nGaoth Dobhair.

An oíche chéanna, beidh an dara tionscnamh ar siúl, léiriú an scannáin íocónaigh Mise Éire. Beidh siamsaíocht agus smailceacha bia ar fáil ar an oíche mar aon le haíonna speisialta. Taispeánadh an scannán Mise Éire den chéad uair san Phictiúrlann i nGaoth Dobhair ar an 27 Eanáir, 1960.

Daoibh siúd atá ag iarraidh cur isteach ar Ó Pheann na nGael, seo thíos rialacha an chomórtais,

1. Caithfidh gach iontráil bheith i nGaeilge. Is féidir teangacha eile a chur san áireamh i gcomhthéacs an scéil.

2. Beidh cead ag Gael Linn na hiontrálacha a fhoilsiú.

3. Is é an 1 Feabhra 2016 spriocdháta an chomórtais

4. Tá uasteorainn 1,500 focal nó cúig dhán.

5. Tá an comórtas dírithe ar chanúint Uladh.

6. Beidh cead níos mó ná gearrscéal / cnuasach dán amháin a bheith san iomaíocht agat ach is gá do gach iontráil a bheith le foirm iarratais ar leith.

7. Is gá gach iontráil a chlóscríobh.

8. Ba cheart an chatagóir (prós nó filíocht) a léiriú go soiléir ar an fhoirm iontrála.

9. Ní ceadmhach scéalta a leasú nó a mhalartú tar éis duit iad a chur isteach ar an chomórtas.

10. Is gá gur saothar úrnua, neamhfhoilsithe a bheadh ann agus gan é a bheith faoi mheas ag aon fhoilseachán eile.

11. Beidh na hiontrálacha á mbreithniú gan ainm; ná scríobh d’ainm ar do scéal nó ar do chuid dán.

12.Níl dul thar bhreith na mholtóirí agus ní bheidh comhfhreagras ina taobh.

Tá tuilleadh eolais/foirm iarratais ar fáil ó reamonn@gael-linn.net