Irish-Language

Tá Cúchulainn beo beathach sa lá atá inniu ann i leabhar úr álainn

Ceann de na pictiúir chorraitheacha atá le feiceáil sa leabhar Laoch na Laochra faoi ghaiscíoch Chúige Uladh, Cúchulainn
Ceann de na pictiúir chorraitheacha atá le feiceáil sa leabhar Laoch na Laochra faoi ghaiscíoch Chúige Uladh, Cúchulainn Ceann de na pictiúir chorraitheacha atá le feiceáil sa leabhar Laoch na Laochra faoi ghaiscíoch Chúige Uladh, Cúchulainn

BodyTextDéardaoin seo chugainn, in ionad Eamhain Mhacha i gCathair Ard Mhacha, seolfar Laoch na Laochra, ceann de na leabhair is aille, is corraithí agus is spreagúla dá bhfaca mé le fada.

Is leabhar 280 leathanach é Laoch na Laochra a chuireann síos ar na heachtraí de chuid Chúchulainn atá le fáil sa chorpas mór miotaseolaíochta, An Rúraíocht.

Tá an athinsint dhílis ar scéalta ársa ár sean scríofa ag Réamonn Ó Ciaráin agus tá an téacs saibhir maisithe le healaín dhalba, fhuinniúil agus threibheach Dhara Vallely.

Chonaic mé taispeántas den ealaíon in Iarsmalann Uladh i mí Lúnasa na bliana seo agus seans mór go bhfeicfidh muid arís é san am atá le theacht.

Nach iontach mar a bhíonn pearsaí ó shaol osnádúrtha, mistéireach, éiginnte ag coinneáil greim ar ár meon in aimsir seo na teicneolaíochta, an ábharachais agus, dar linn, an uilefheasa.

Caithfidh go bhfuil rud éigin athdhúchasach ionann inniu, rud éigin a theann i bhfad siar fríd an ghinealach go dtí ár sinsir agus a bhfuil aibhleog bheag beo ionainn go fóill.

B’fhéidir go raibh an scéalaíocht ar cheann de na

gnéithe sin a cheanglaíonn muid sa 21ú céad lenár muintir, mar a déarfadh Seosamh Mac Grianna, thír i mbroinn chian cheoch na haimsire.

Is é Lebor na hUidhre an lámhscríbhinn Gaeilge is sine dá bhfuil againn in Éirinn. Scríobhadh fá thús an 12ú céad é agus ar a leathanaigh pháir, tá leagan de Táin Bó Chuailgne – scéal eipiciúil a chuirtear i gcomparáid go minic le Iliad Homer – agus eachtraí laoich óig a aithníonn muid inniu mar Chúchulainn.

Ní fios an pearsa stairiúil a bhí in Cúchulainn ach is cuma, tá a lorg le feiceáil sa lá atá inniu ann – agus feicfidh muid níos mó den laoch an bhliain seo chugainn.

Is iontach mar a thagann na focail agus na pictiúir le chéile

Chaith an t-ealaíontóir, Dara Vallely agus an t-údar, Réamonn Ó Ciaráin tréimhse fhada ag plé na dteideal faoina a mbeadh siad ag saothrú. Nuair a bhí ábhar an leabhair, na mórthéamaí, aontaithe, d’oibrigh siad leo féin go dtí go raibh siad réidh leis an téacs agus an ealaín a phósadh le chéile.

D’oibrigh Réamonn agus Dara go dlúth leis an dearthóir leabhair, leis an ghrianghrafadóir agus leis an chomhairleoir téacs go dtí go raibh achan duine sásta leis an leabhar.

Ó mo thaobhse de, caithfidh mé a rá go bhfuil caighdeán priontála an leabhair, mar a mhothaíonn na leathanaigh, an áilleacht fhísiúil a bhaineann leis, tá siad den chéad ghrád.

Seo an chéad leagan nua aimsire, i gcanúint Uladh, in aon leabhar amháin de na scéalta seo don ghnáth léitheoir.

Is as Ard Mhacha an t-údar agus an t-ealaíontóir agus tá eolas logánta acu ar cheantair na bpríomh-eachtraí sna scéalta seo. Tá cuid de na scéalta nach bhfuil coitianta ar fáil don ghnáth léitheoir i nGaeilge na linne seo don chéad uair sa leabhar ealaíonta seo.

Is tráthúil go bhfuil an leabhar seo ag teacht amach in am do chomóradh 1916 mar tá glacadh leathan gur spreag íomhá Chúchulainn cuid de na heochair-imreoirí san Éirí Amach.

‘When Pearse summoned Cuchulain to his side.

What stalked through the post office? What intellect,

What calculation, number, measurement, replied?’

Ach mar a deir Risteard Mac Gabhann ina réamhrá: “Tá Cúchulainn roghnaithe ag traidisiún poblachtach na hÉireann mar shiombal den laoch féiníobartach ar son a mhuintire agus ag dílseoirí an Tuaiscirt mar laoch cosanta a mhuintire. Ar ndóigh, i ndeireadh na dála, is den ghas céanna an dá shamhail seo, a fhágann nach bhfuil siad rófhada óna chéile.”

Is féidir Laoch na Laochra a fháil ó shuíomh idirlín Gael-Linn ar €30 (postas san áireamh) nó £20 móide postas) agus beidh sé ar fáil i siopaí maithe leabhar ar fud na tíre roimh i bhfad.

Mar a deirtear, ba cheart go mbeadh cóip i ngach teach agus i ngach scoil.