Irish-Language

Corradh le milliún brionglóid ina luí i gcré na cille i Reilig Oileáin Hart

<b>&Oacute; BHRIONGL&Oacute;ID GO TROMLU&Iacute;: </b>T&aacute; duine dubh ar an ph&oacute;staer don scann&aacute;n moth&uacute;ch&aacute;nch seo ach t&aacute; gach cine, gach aicme,&nbsp;gach aoisghr&uacute;pa curtha ar an oil&eacute;an seo ar ch&oacute;sta Nua Eabhrac agus cuid bheag d&aacute; sc&eacute;alta &aacute; inse ag fear as tuaisceart Bh&eacute;al Feirste, Brendan J Byrne
Ó BHRIONGLÓID GO TROMLUÍ: Tá duine dubh ar an phóstaer don scannán mothúchánch seo ach tá gach cine, gach aicme, gach aoisghrúpa curtha ar an oiléan seo ar chó Ó BHRIONGLÓID GO TROMLUÍ: Tá duine dubh ar an phóstaer don scannán mothúchánch seo ach tá gach cine, gach aicme, gach aoisghrúpa curtha ar an oiléan seo ar chósta Nua Eabhrac agus cuid bheag dá scéalta á inse ag fear as tuaisceart Bhéal Feirste, Brendan J Byrne

I Reilig Bhaile an Mhuilinn i mBéal Feirste, tá trí pháirc ollmhóra ann agus gan ach fíorbheagán leac uaighe le feiceáil iontu.

Seo Talamh na mBocht, oll-uaigheanna inar cuireadh daoine a bhí ró-bhocht nó nach raibh sé ar a n-acmhainn ag a dteaghlaigh – má bhí teaghlaigh acu –  uaigheanna aonair a cheannacht.

Meastar go bhfuil suas le 200,000 duine curtha i Reilig Bhaile an Mhuilinn, idir 65,000 agus 80,000 acu sin i dTalamh na nBocht.

Ina measc, tá na daoine a fuair bás le linn rabharta an tífis sna 1870idí agus i bpaindéim an fhliú i 1918-1919.

Tá sé truamhéalach bheith ag breathnú ar na páirceanna slachtmhara seo agus gan a fhios againn a dhath faoi na daoine atá faoin fhód iontu. Cad é an saol a bhí acu? Cad é na huaillmhianta agus na brionglóidí a bhí acu? Cad é na scéalta a dtiocfadh leo inse?

Mar chomhtharlú, chonaic mé scannán – atá le feiceáil go fóill ar an QFT Player –  darb ainm One Million American Dreams, scannán faisnéise a insíonn scéal “pháirc an photadóra” ar Hart (nó Hart’s) Island.

Meastar go bhfáisceann an téarma “páirc an photadóra” as scéal ón Bhíobla ach sa lá ata inniu ann, ciallaíonn sé reilig do bhochtáin nó reilig comónta ina n-adhlactar an daibhir, daoine inaitheanta agus daoine nach bhfuil gaolta acu.

Fosta, tá coirp naíonán nach raibh an t-airgead ag a dtuismitheoirí iad a adhlacadh mar is ceart agus chuirfeadh an Comhairle Cathrach iad ar a son.

Ag tús One Million American Dreams, deirtear go bhfuil an tragóid de dhlúth agus d’inneach gach cathair mhór agus is dócha gur sin scéal Nua Eabhrac thar ceann ar bith eile, an chathair a thug dídean do gach náisiúntacht ar fud na cruinne, mar atá scríofa ar leac ar Dhealbh na Saoire;

“Give me your tired, your poor,

Your huddled masses yearning to breathe free,

The wretched refuse of your teeming shore.” 

Má chuir na Stáit Aontaithe fáilte rompu, ní hionann sin is a rá gur chomhlíon siad an bhrionglóid sin a luaitear mar  éiteas na Stát Aontaithe – gur féidir le gach uile dhuine dul chun cinn a dhéanamh maidir le maoin shaolta agus lon anama.

Osclaíodh Hart Island mar reilig i 1869, ceithre bliana i ndiaidh Reilig Bhaile an Mhuilinn.

Ón tús, tochailteadh trinsí agus i ngach trinse, bheadh suas le 150 cónra.

Líontar suas na trinsí in athuair gach 25 bliain mar, sa tréimhse sin, lobhann na cónraí suaracha péine agus na corpáin taobh istigh iontu.

Seo an bhail a thugtar do na mairbh agus tá méadú as cuimse ar líon na ndaoine atá á gcur faoin fhód ar Hart Island mar gheall ar an phandéim Covid-19 a bhfuil muid ag dul fríd faoi láthair.

Ghlacfadh sé stiúrthóir thar a bheith ealaíonta, tuigseach, daonna le scannán a dhéanamh ar an reilig gan dul thar fóir le maoithneas agus níl duine ar bith níos fearr a bhfuil na tréithe sin aige ná an Béal Feirsteach, Brendan Byrne.

Insíonn sé scéal Hart Island le cuidiú ó dhaoine a bhfuil a a ngaolta curtha ann.

Orthu seo, tá Hilda Rey Ferrer, ar imigh a hathair as Cúba le saol níos fearr a chruthú agus airgead a chur ar ais chuig a chlann.

Nuair a theip air, thiontaigh sé ar an ól - síor-chara na n-imirceach mar atá a fhios ag na hÉireannaigh.

Bhí sé ar an ghannchuid, néaltrú air nuair a fuair sé bás agus cuireadh ar Hart Island é - i ngan fhios dá theaghlach.

Leanann an scannán Hilda chun an oileáin ó thuaidh den Bronx le go dtabharfaidh sé ómós dá hathair.

Ghortaigh fear Donna Hanson a dhroim le linn dó bheith ag obair agus sin mar a thosaigh a andúil i ndrugaí.

D’imigh sé leis ar an drabhlás, stad sé teagmháil a dhéanamh lena bhean agus lena iníon Kimberly go dtí go bhfuair siadsan amach go raibh sé curtha sa potter’s field.

Cuireadh leathchúpla Herbert Sweat ansin fosta. Tá Herbert ag iarraidh aitheantas a fhil do na saighdiúirí dubha a throid i gCogadh Cathartha Mheiriceá agus atá curtha ansin fosta.

An rud is iontaí faoi na marbháin seo ná a neamhiontaí is a bhí siad. Is iad na daoine iad a shiúlann muid thart leo ar an tsráid, na daoine a chuireann déistin nó eagla orainn ach is daoine iad a theip agus ar theip orthu. Daoine daonna.  

Tá sé amuigh ar mhuintir Nua Eabhrac go bhfuil siad thar a bheith ceanndána, nach maith leo amadáin, go mbíonn siad ionsaitheach ach is clóca cosanta é an iompar seo, dar le Brendan Byrne, le go dtig le daoine iad féin a chosaint ar a chruálacht is atá an chathair.

“If you can make it there, you can make it anywhere” mar a cheol Frank Sinatra. Tá Hart Island lán daoine nach raibh inchurtha leis.