Irish-Language

Pian na dTrioblóidí á léiriú i bportráidí meabhraitheacha Colin Davidson

<b>FINN&Eacute;: </b>Ba mhaith le Colin Davidson go mbeadh muid uilig in&aacute;r bhfinn&eacute;ithe don phian a d&rsquo;fhulaing n&iacute; amh&aacute;in na daoine a bhfuil a bportr&aacute;id&iacute; in <em>Silent Testimony</em> ach gach duine ar tharla an sceimhle d&oacute;ibh le 40 bliain anuas
FINNÉ: Ba mhaith le Colin Davidson go mbeadh muid uilig inár bhfinnéithe don phian a d’fhulaing ní amháin na daoine a bhfuil a bportráidí in Silent Testimony ach gach duine ar tharla a FINNÉ: Ba mhaith le Colin Davidson go mbeadh muid uilig inár bhfinnéithe don phian a d’fhulaing ní amháin na daoine a bhfuil a bportráidí in Silent Testimony ach gach duine ar tharla an sceimhle dóibh le 40 bliain anuas

ÍOBARTAIGH. LEAGÁID. COIMISIÚIN. CÓIR. Is focail iad seo atá teibí go maith in intinn daoine agus iad ag meabhrú ar iarsmaí uafásacha na dTrioblóidí.

A mhalairt atá fíor faoin taispeántas atá ar ais arís in Iarsmalann Uladh, Silent Testimony, 18 bportráid le Colin Davidson de dhaoine a d’fhulaing agus a fhulaingíonn pian mhillteanach fiú 45 bliain i ndiaidh bhás fhoréigneach chairde a gcléibh - fear céile, bean chéile, mac, iníon, deartháir, deirfiúr, comharsa nó cara ionmhain.

Ní gá do na pictiúir screadaigh. Tá an tráma le feiceáil i gciúnas meabhraitheach na ndreacha agus sa phéint féin.

Tá Colin Davidson ag tarraingt pictiúr ó bhí sé ina ghasúr óg ach iontach go leor, ní raibh an phortráidíocht ar na speisialtachtaí a roghnaigh sé agus é ar an choláiste ealaíne.

“D’fhás mé aníos i dteaghlach thar a bheith cruthaitheach agus is cuimhin liom a bheith ag tarraingt pictiúr riamh anall,” arsa Colin liom ar an guthán maidin Dé Luain.

“Nuair a bhíodh na leaids eile amuigh ag imirt peile ar an tsráid, bhínnse istigh ag tarraingt pictiúr, mar sin bhí a fhios agam riamh anall go mbeinn i mo phéintéir gairmiúil lá éigin.”

Ach cé gur mó an aithne atá ar Colin mar phortráidí, níor roghnaigh sé speisialtacht ar bith agus é ar an Choláiste ealaíne i mBéal Feirste ach deir sé go bpléann sé le “téamaí,” ag athrú gach cúpla bliain.

Ach in 2010 phéinteáil Colin portráid mhór den amhránaí  Duke Special agus tá sé sáite san ealaín sin ó shin.

Ar na daoine a phéinteáil sé go dtí seo, tá lucht ealaíne - Seamus Heaney, Ciaran Hinds agus Glenn Patterson i measc na ndaoine atá le feiceáil in Amharclann an Lyric; tá portráidí déanta aige de Bhanríon Éilis II, Brad Pitt agus, er, Ed Sheeran agus ach is é an “chastacht” atá in aghaidheanna gnáthmhuintir ar tharla sceimhle dóibh atá i gcroí Silent Testimony.

“Agus na pictiúir chomh mór sin, thug mé faoi deara rud éigin eile faoi chloigeann an duine. Léirítear na mothúcháin i bhfad níos beaichte agus na pictiúir ar scala chomh mór seo.

“Ar bhealach éigin, ligeann an phéint féin spiorad an duine a bheith i bhfostú sa phictiúr agus go bhfaigheann muid léargas ar cad é a ghríosaíonn duine, cé iad féin i bhfírinne,” arsa Colin.

Chonacthas domsa go raibh an t-ochtar déag sna portráidí áit éigin eile. Bhí a fhios acu go raibh Colin á bpéinteáil cionn is gur tharla uafás dóibh.

Ina measc, tá Mo Norton ar maraíodh a deartháir agus é ar bhus ar an M62 i Sasana i mí Feabhra 1974 nó Jonnnie Proctor, ar mharaigh an tIRA a athair an lá i ndiaidh é teacht ar an saol agus an póilín ag dul ar cuairt chun na hotharlainne lena bhean agus a mhac úr a fheiceáil; nó Flo O’Riordan ar scaoil scaoil saighdiúir a mac 13 bliana sa chloigeann nó Tomás Ó Briain ar maraíodh a dheartháir, John, a dheirfiúr cleamhnais, Anna, agus beirt neacht dá chuid, Jacqueline (17 mí d’aois) agus Anne Marie (5 mhí d’aois) nuair a phléasc de chuid an UVF i Sráid Parnell i mBaile Átha Cliath.

Sna pictiúir, ní amháin go bhfuil siad i bhfostú sa phéint ach tá siad i bhfostú sa scéin a bhain leo - agus ní sin an rud a dhéanann portráidithe de ghnáth, dar le Colin.

“Is minic a bhíonn siad ag iarraidh an chuma is deise a chur ar na daoine atá á bpéinteáil acu agus ligin don

lucht féachana páirt a ghlacadh sa phictiúr nó teagmháil a dhéanamh leis. “A mhalairt ar fad atá ar bun agamsa sa mhéid is go bhfuil mé ag iarraidh nach mbeadh teagmháil againn leis an duine sa phictiúr, go bhfágfadh muid iad lena smaointe féin.

“Sin an t-am a thosaím ag péinteáil, nuair atá an duine os mo chomhair caillte ina gcuid smaointe agus ina gcuid cuimhní,” ar sé.

Ar an dóigh sin, measann Colin gur finnéithe muid d’fhulaingt na ndaoine seo.

Smaoinigh Colin ar Silent Testimony a chur le chéile don chead uair i 1998, an

bhliain ar síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. 

Deir sé gur aithin sé ar an toirt gur rud thar a bheith dearfach a bhí ann don chuid is mó againn. Go scaoilfí saor príosúnaigh ach nach uaidh dada ann dóibh siúd is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí.

“De réir mar a chuaigh an t-am thart, mhothaigh mé go raibh an sciar mór seo de

phobal s’againne ag íoc as síocháin gach duine eile,” arsa Colin. 

“Cé gur chuir Comhaontú Aoine an Chéasta tús le dóchas dúinne, dóibh siúd chuir sé deireadh le dóchas s’acusan, measaim,” ar sé.

Bhí sé daingean go mbeadh an taispeántas cothrom o thaobh na ndaoine a bhí freagrach as na coireanna a rinne íobartaigh de na daoine ar péinteáladh iad agus fuair sé cuidiú mhór ó WAVE Trauma Centre i mBéal Feirste, eagraíocht a thugann cúnamh agus aire do dhaoine a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí. 

Níor labhair Colin leo go dtí gur shuigh siad síos ina stiúideo.

Inniu, seolfar scannán gairid 23-bhomaite atá bunaithe ar Silent Testimony agus é déanta ag Brendan J Byrne.

Hear My Voice is teideal dó agus bhí Colin amhrasach faoin smaoineamh ar tús mar, deir sé gur mhothaigh sé iontach an-chosantach faoi na daoine a phéinteáil sé agus bhí sé buartha go mbeadh orthu a bpian a nochtadh arís eile.

do Bhreandán ach i ndiaidh comhráití le WAVE agus le daoine eile, d’oibrigh Colin agus Brendan go dlúth le chéile ar Hear My Voice, scannán séimh, ómósach ach tochtmhar ag an am céanna.

Is é an Seanadóir George Mitchell a sheolfaidh é mar tá caidreamh ag an Seanadóir Mitchell le Silent Testimony ón chéad lá riamh.

“Ba é George Mitchell a scríobh an réamhrá don leabhar a chuir Iarsmalann Uladh amach ach ar ndóigh, tá idir sceitimíní agus lúcháir orm go mbeadh sé linn amárach do sheoladh an scannáin.” arsa Colin.