Irish-Language

Cyprus Avenue - tógra scannánaíochta ina léireoidh Brendan saol an lae inniu

<b>BRENDAN J BYRNE: </b>C&eacute; go bhfuil a chuid saothar molta ag criticeoir&iacute; agus ag lucht f&eacute;achana ar dh&aacute; thaobh an Atlantaigh, t&aacute; an sti&uacute;rth&oacute;ir/l&eacute;iritheoir as tuaisceart Bh&eacute;al Feirste ar t&iacute; toiseacht amach ar&iacute;s le fiontar &uacute;r a l&eacute;ireoidh na suimeanna at&aacute; aige san fh&iacute;orshaol agus an fhicsin ar aon i sraith scann&aacute;n a bhfuil &eacute;ags&uacute;lacht mh&oacute;r ag baint leo&nbsp; &nbsp;
BRENDAN J BYRNE: Cé go bhfuil a chuid saothar molta ag criticeoirí agus ag lucht féachana ar dhá thaobh an Atlantaigh, tá an stiúrthóir/léiritheoir as tuaisceart Bhéal Feirste ar t&iacu BRENDAN J BYRNE: Cé go bhfuil a chuid saothar molta ag criticeoirí agus ag lucht féachana ar dhá thaobh an Atlantaigh, tá an stiúrthóir/léiritheoir as tuaisceart Bhéal Feirste ar tí toiseacht amach arís le fiontar úr a léireoidh na suimeanna atá aige san fhíorshaol agus an fhicsin ar aon i sraith scannán a bhfuil éagsúlacht mhór ag baint leo   

I  nDIAIDH a bheith ag amharc ar scoth na scannán faisnéise atá déanta ag comhlachtaí sna Sé Chontae, tá ainm amháin a cheanglaíonn cuid mhór acu le chéile – Brendan J Byrne.

Tá fear Ard Eoin ar dhuine de na léiritheoirí/stiúrthóirí is aitheanta in Éirinn agus réimse ilchineálach oibre curtha le chéile aige ó rinne sé a chead scannán, The Kickhams faoin chumann peile ar imir sé dóibh, Ciceaim Ard Eoin.

Ó shin i leith, tá a shaothar i mbéal an phobail ar fud na cruinne ach b’iontach mar a thosaigh Brendan amach mar scannánóir.

“Mar chuid den chéim ghnó a bhí á críochnú agam ag an am, chuaigh mé fríd roinnt tástálacha inar cheangal fostóirí pearsantachtaí daoine le comhlachtaí áirithe,” a mhínigh sé dom.

“Caithfidh go raibh bunús éigin leis mar sheol sé mé a fhad le DBA, áit a raibh leithéidí John T Davis, David Barker agus Damian Gorman ag obair.”

Ach níorbh fhada gur aithin Byrne nár leor leis a bheith ag cuidiú le daoine scannáin a dhéanamh, go raibh sé ag iarraidh a scéalta féin a inse – agus ní raibh i bhfad le dul aige. 

“Ag fás aníos le linn na dtrioblóidí in Ard Eoin, chonacthas dom go raibh cuid mhór scéalta gan a n-inse,” ar sé.

“Fríd scéal na Kickhams, bhí mé in ann scéal a chur faoi bhráid daoine faoi phoblachtaigh nach raibh i bhfách leis an fhoréigean ach ar pléadh leo riamh anall mar dhaoine den dara ghrád agus fríd an scéal sin, fuair mé an guth a bhí ina thost ionam. Ba é an taithí sin a sheol mé ar bhealach na scannánaíochta” arsa Byrne.

Sin ráite, ní scannánóir polaitíochta é cé go bhfuil an pholaitíocht de dhlúth agus d’inneach cuid dá shaothar, Bobby Sands: 66 Days go príomha.

“Ní raibh mé ag iarraidh riamh go gcuirfí síos orm mar “scannánóir poblachtach” agus le scannán Bobby Sands, bhí muid sásta go bhfuair muid léirmheas ceithre réalta sa Daily Telegraph mar dá dtéadh an scannán meadar amháin isteach sa bholscaireacht do thaobh ar bith, bheadh sé cáinte go spéir ach rinne muid cáineadh ar na haontachtaithe agus ar phoblachtaigh ar aon mar sin bheadh sé deacair a rá go raibh an scannán ar dhóigh ar bith claonta."

Bhí scannáin eile de chuid Byrne a chuaigh go mór i bhfeidhm orm - bhí sé ina léiritheoir feidhmiúcháin ar No Stone Unturned, an scannán faoi na dúnmharuithe in Loch an Oileáin i gContae an Dúin ach ní in Éirinn amháin atá a chuid scannán faisnéise suite.

Ghnóthaigh an scannán Gaza ardmholadh ar fud na cruinne mar gheall ar an léiriú a thug sé ar shaol achan lá an ghnáth-Phalaistíneach sa “phríosún is mó ar domhan”.

Maidir le Gaza, deir Brendan go raibh cuid mhór daoine i dteagmháil leis cionn is go bhfaca siad na huafáis a bhí ag titim amach arís eile agus, cionn is go bhfaca siad an scannán agus gur chuimhnigh siad siar ar na daoine a chas leo agus iad ag amharc ar an scannán agus ba mhó an trua a bhí acu do na daoine thar a bheith fial flaithiúil seo. 

Anois, tá a chomhlacht féin curtha ar bun ag Brendan, Cyprus Avenue – ní mar ómós do Van the Man ach cionn is gur chónaigh Brendan, a bhean agus a cuid paistí sa tsráid chlúiteach ar feadh 10 mbliana.

“Tá fonn orm scannáin a chruthú a chuirfidh lucht féachana ar an eolas faoi ghnéithe tábhachtacha de shaol an lae inniu, scannáin a spreagfaidh iad agus a mhúsclóidh spéis iontu,” arsa Brendan.

“Beidh Cyprus Avenue Films ag saothrú scannán idir fhaisnéise agus dhrámaíochta le cuid den tallann is fearr atá ag obair in Éirinn inniu.”

Beidh an comhlacht ag cur chun cinn na smaointe is mó a bhfuil suim aige iontu ach de réir a chéile, tiocfaidh daoine eile ar bord a bhfuil an fhís chéanna acu.

“Cé gur mó an tsuim atá agam i scannáin fhaisnéise, is breá liom ficsean ag an am céanna.

“Tá an drámaíocht i bhfad níos costasaí, bíonn i bhfad níos mó daoine i gceist ach in amanna tá scannáin fhaisnéise níos deacra a dhéanamh mar níl script réamhdhéanta agat mar a bheadh agat i leabhar ficsin, san fhíor-shaol, athraíonn cúinsí, tarlaíonn rudaí nach bhfuil tú ag dúil leo, bíonn fadhbanna leis an scannánú agus athraíonn an scannán le linn na heagarthóireachta,” ar sé.

SCANNÁIN ÚRA Ó BRENDAN J BYRNE ...

My name is Bulger

TÁ eolas éigin ag daoine ar an choirpeach Meiriceánach de shliocht na nGael, Whitey Bulger (thuas) ach is lú an t-eolas atá ar a dheatháir, Bill Bulger, a bhíodh ina Uachtarán ar Sheanad an Stáit i Massachusetts le beagnach 20 bliain.

Téann an scannán taobh thiar de na cinnlínte le scéal an teaghlaigh a inse. 

That they May Face the Rising Sun

BA é That They Face the Rising Sun an leabhar deireannach a scríobh an t-úrscéalaí Éireannach, John McGahern.

Tá Joe agus Kate Ruttledge i ndiaidh teacht go hÉirinn as Londain agus cuireann an leabhar síos ar bhliain ina saol agus i saol na gcarachtar thart orthu. 

Tosóidh Cyprus Avenue an scannanú ar an úrscéal in 2022 agus beidh sé sna pictiúrlanna go luath in 2023.

Beidh an scannán le feiceáil ar Discovery+ i Meiricea ón 17 Meitheamh ar aghaidh.

Ryan McMullan - Debut

GHEOBHAIGH an scannán seo a premier domhanda le linn Fhleadh Scannánaíochta na Gaillimhe agus beidh sé ar an BBC níos maille i mbliana i ndiaidh é a bheith i roinnt bheag pictiúrlanna i mí Lúnasa/Meán Fómhair

Tá Ryan ar na ceoltóirí óga is mó a bhfuil gealladh faoi agus deir Brendan Byrne go bhfuil sé ag iarraidh an tréimhse sin i saol amhránaí nuair atá siad ar tháirseach rud eigin speisialta.

Murder in the Badlands

TÁ Cyprus Avenue ag comhoibriú le Fine Point Films le sraith darb ainm Murder in the Badlands a dhéanamh.

Insíonn sé na scéalta uafásacha a bhaineann le dúnmharuithe ban sna Sé Contae, ag toiseacht le marú brúidiúil an Ghearmánaigh óig Inga Maria Hauser, a bhí ina scolaire 18 mbliana nuair a maraíodh í in 1988.

Fuarthas a corp i bhForais Bhaile Phádraig in aice le Baile an Chaistil.