Irish-Language

Tá Imram ar na gaobhair arís agus níl rud ar bith mar é ar chlár na cruinne

<b>LIAM AN tSOISC&Eacute;IL: </b>Beidh Liam &Oacute; Maonla&iacute;, crann taca IMRAM, ag seinm ag c&uacute;pla &oacute;c&aacute;id le linn na f&eacute;ile litr&iacute;ochta &ndash; amhr&aacute;in shoisc&eacute;alacha Bob Dylan agus ceann eile bunaithe ar shaothar Mh&aacute;irt&iacute;n U&iacute; Dhire&aacute;in
LIAM AN tSOISCÉIL: Beidh Liam Ó Maonlaí, crann taca IMRAM, ag seinm ag cúpla ócáid le linn na féile litríochta – amhráin shoiscéalacha Bob Dylan agus ceann eile bunaithe ar LIAM AN tSOISCÉIL: Beidh Liam Ó Maonlaí, crann taca IMRAM, ag seinm ag cúpla ócáid le linn na féile litríochta – amhráin shoiscéalacha Bob Dylan agus ceann eile bunaithe ar shaothar Mháirtín Uí Dhireáin

DÓIBH SIÚD a chreideann nach bhfuil beocht ar bith sa chultúr Ghaelach, tugadh siad aghaidh ar IMRAM na bliana seo, mórfhéile litríochta a bheidh ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ón 15 - 20 Deireadh Fómhair. 

I measc na n-imeachtaí éagsúla cultúrtha i mbliana a riarfaidh ar gach aoisghrúpa tá Buail na Cloig/Ring them Bells: The Dylan Gospel Project leis an amhránaí Liam Ó Maonlaí agus oirfidigh eile den scoth mar aíonna aige. Déanfar comóradh freisin i mbliana ar Liam Ó Muirthile, an scríbhneoir tréitheach a d’imigh uainn ar shlí na fírinne ar na mallaibh.

Agus déanfaidh IMRAM na nÓg freastal ealaíonta ar dhaoine nach daoine fásta iad! 

Is iad an Leabharlann Lexicon agus an IADT i nDún Laoghaire na hionaid spraoi idir 11 Deireadh Fómhair  agus 10 Samhain - agus na himeachtaí uilig saor in aisce.

Beidh Máire Zepf, duais-údar as Ard Mhic Nasca a bhfuil níos mó ná cúpla tiúin, cúpla cleas is cúpla scéilín aisteach aici i láthair – d’fhéadfadh go mbuailfeá le haonbheannach darb ainm Fauna ann agus mura gcreideann tú sna haonbheannaigh, beidh turgnaimh eolaíochta ar siúl ag Peadar Ó Goill ón chlár Is Eolaí Mé ar TG4 – agus níl ansin ach blaiseadh beag den chraic go léir a bheidh ann.

Is é a bheidh san oíche mhór ar an ar an 15 Deireadh Fómhair Ceardaí Focal/Craftsman of Words ná blaiseadh ar scríbhneoireacht an fhile ildánaigh Liam Ó Muirthile, agus ómós á léiriú don fhear ar bhain scóip iontach lena shaothar -  prós, filíocht, drámaíocht. 

Déanfaidh Saighdiúir Farraige ceiliúradh ar cheardaí eile focal a d’imigh uainn róluath, Domhnall Mac Síthigh nó Danny Sheehy, agus is cuí gur i Músaem Mara Dhún Laoghaire a bheidh an ócáid sin.

Is é a bheidh in Siar agus Aniar in Acadamh Ríoga na hÉireann, ná filíocht agus prós bunaithe ar a bhfuil sa leabhar Modern Ireland in 100 Artworks, léargas ar shaol cultúrtha na hÉireann sa tréimhse 1916-2015 agus béim ann ar Chorca Dhuibhne. 

Taispeántas speisialta a bhaineann le téacsanna Gaeilge is ea Cló Draíochta, taispeántas a réitigh mic léinn DIT agus beidh sé ar fáil ar líne chomh maith. 

Léiriú ilmheánach filíochta is ea Ar ais go Rinn na Mara/Back to Seapoint ina dtugann Rody Gorman ar aistear cuimhne sinn trí thírdhreach a óige, á thionlacan ag an chumadóir mór le rá Seán MacErlaine. 

Teilgfear íomhnna áille a chruthaigh Margaret Lonergan ar scáileán.

Bíonn ról lárnach ag an cheol in imeachtaí IMRAM agus i mbliana tabharfar ómós don Duaiseoir Nobel Bob Dylan le Buail na Cloig/ Ring them Bells: The Dylan Gospel Project’. 

Tá scata ceoltóirí breátha tugtha le chéile ag Liam  Maonlaí le haghaidh an tseó agus seanchara eile le IMRAM, Gabriel Rosenstock, a dhein na liricí a thraschruthú. Tá an-sciobadh cheana ar thicéid cheana féin!

Beidh Liam i lár an aonaigh arís leis an seó An tEarrach Thiar, dánta leis an Direánach agus ceol curtha leo ag fear an chairdín, Johnny Óg Connolly. 

Ar an 20 Deireadh Fómhair, beidh móroíche cheoil is litríochta againn leis na Thatchers of the Acropolis, a sheinneann meascán de rac, ceol leictreonach agus sean-nós agus Árchú lena gceol leictrea-acústach/traidisiúnta móide Dave Duggan ag léamh as an nóibhille Makaronik ina bhfuil Diarmuid agus Gráinne againn, ní san am atá caite ach san am atá le teacht.

Beidh an Direánach, fathach na nuafhilíochta, faoi chaibidil arís i  mórthaispeántas atá á eagrú tríocha bliain i ndiaidh a bháis. 

Faightear léargas eile ar fhear Árann in Fathach File/Reluctant Modernist i gcomhar le hÉigse Éireann. 

Beidh comhdháil ar siúl ar shaol agus ar shaothar an Direánaigh ar an 19 Deireadh Fómhair agus tá díolaim dá phrós agus duanaire dá chuid filíochta ag teacht ó CIC.

Is é atá in Doras isteach don domhan/A way in for the world: Irish literary translation at home and abroad, ná lá cainteanna agus léachtaí in UCD agus is ann chomh maith a bheidh Léacht Uí Chadhain i mbliana a dhíreoidh ar fhilí INNTI.

Clár eile den scoth curtha le chéile ag Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson.

:: Tá sonraí iomlána na féile le fáil ar www.imram.ie