Irish-Language

Deis iontach do scríbhneoirí na Gaeilge

Tá áiteanna ar fáil go fóill do MINDSHIFT - seisiúin forbartha gairme do scríbhneoirí Gaeilge, nua agus seanbhunaithe, chomh maith leo sin atá ag foilsiú sa Ghaeilge.

Beidh sé dírithe ar dheiseanna maoinithe agus tacaíochta, scéimeanna scríbhneoirí cónaithe agus ar ghnó an aistriúcháin. Tabharfaid sé léargas fosta ar stáid na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair.

Ná caill an deis eisceachtúil seo do dhaoine atá gafa le litríocht na Gaeilge do údair ghníomhacha agus gach duine atá rannpháirteach i dtionscadal na leabhar.

I measc na gcainteoirí beidh: Eibhlín de Paor (Ealaín na Gaeltachta), Seán Tadhg Ó Gairbhí (An Chomhairle Ealaíon), Lochlainn Ó Tuairisg (Chló Iar-Chonnacht), Muiris Ó Raghallaigh (An Gúm), Gréagóir Ó Dúill agus Anna Heussaff.

Cathal Póirtéir atá ag eagrú na hócáide.

Tá Mindshift á reáchtáil mar chuid den fhéile litríochta IMRAM agus beidh sé ar siúl Dé Sathairn 17 Deireadh Fómhair, 10.30am – 3.45pm

Táille: €25 / €20