Irish-Language

Imram - cuireadh eile dul ar thuras mistéireach i dtreo na n-ealaíon

<em><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">WESTEROS: Beidh l&eacute;amh &oacute; </span><i style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">Chluiche na Cor&oacute;nach</i><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">, an leagan Gaeilge de </span><i style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">Game of Thrones</i><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">&nbsp;agus ceol lena chois le cluinstin le linn IMRAM na bliana seo</span></em>
WESTEROS: Beidh léamh ó WESTEROS: Beidh léamh ó Chluiche na Corónach, an leagan Gaeilge de Game of Thrones agus ceol lena chois le cluinstin le linn IMRAM na bliana seo

Ba mhaith liom a shílstin go rachadh Liam Ó Maonlaí an bealach ar fad agus smideadh agus platform shoes a chaitheamh agus é ag ceol amhrán An Ridire Bháin in Réaltneach: Tionscadal David Bowie ceann de thograí corraitheacha IMRAM na bliana seo. 

Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil an fheile litríochta Gaeilge 12 bhliain ar an fhód i mbliana, ach faoi stiúir Liam Carson arb as Béal Feirste ó dhúchas dó, tá IMRAM i ndiaidh íomhá eile a chruthú de shaol na litríochta Gaeilge, á meascadh le ceol, leis na físealaíona, le meon 21ú aoiseach agus le dearcadh idirnáisiúnta a bhfuil an Ghaeilge ina chroí.

Is iad na tionscadail buaicphointí gach IMRAM agus ómós tugtha do Leonard Cohen (a bheidh le feiceáil i mBéal Feirste), Bobs Marley agus Dylan, Edith Piaf/Jacques Brel agus Van Morrison i measc laochra eile agus is é seal David Bowie athchruthú eile a fháil agus cuid dá chuid amhrán aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock agus iad á gceol ag Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra.

Mar duine a chonaic cuid de na seónna seo, thig liom a dearbhú go bhfuil siad corraitheach, croíúil agus spreagúil arís eile.

Riamh anall, bhí nasc idir an fhilíocht agus an amhránaíocht i gcultúr na nGael agus leanann an traidisiún sin in go leor imeachtaí in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath.

I mbliana, thug Barack Obama cuairt ar Hiroshima, an chéad chathair ar leag Stáit Aontaithe Mheiriceá buama air le linn na Dara Cogadh Domhanda.

Scríobh Eoghan Ó Tuairisc dán fada i bhfoirm Aifreann Éagnairce scríofa, Aifreann na Marbh, ina bhfuil cur síos ar an uafás a tharla ag 8:15rn ar an 6 Lúnasa, 1945.

In Amharclann Smock Alley an 7 Deireadh Fómhair, léifidh Rita Kelly, Gabriel Rosenstock agus Marcus Mac Conghail an dán coscrach seo agus beidh ceol ó Sean McErlaine, Clive Bell (ag seinm ar an uirlis Sheapánach an shakuhachi) agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán.

Ba cheart gur oíche mhothúchánach a bheidh ann.

Anois, is dócha gur beag duine i ndomhan an iarthair nár chuala iomrá ar Game of Thrones, sraith teilifíse a bhfuil an-ráchairt ilnáisiúnta air “ar na cúiseanna céanna ar beo i gcónaí do dhrámaí de chuid Hóiméir, Sophocles agus Shakespeare” dar le criticeoirí. Tagann an mhiotaseolaíocht, an stair agus scéalta pearsanta le chéile go diamhair sa choimhlint chumhachta atá ar siúl sna Seacht Ríocht. Tarraingíonn Cluiche na Corónach as foinsí ar nós Chogadh na Rósanna ina mbíonn rath ar na buaiteoirí agus brúitear na cailliúnaithe faoi chois gan taise gan trócaire.

Ar an 13 Deireadh Fómhair, léireoidh IMRAM seó ilmheánach atá bunaithe ar aistriúchán Oisín Uí Mhuirthile ar Cluiche na Corónach, (foilsithe ag Leabhar Breac) ina léifidh Seán T Ó Meallaigh agus Sinéad Ní Uallacháin as an saothar; canfaidh Caitríona O’Leary ceol a chum sí féin don seó le tionlacan ó Nick Roth (sacsafón), Matthias Loibner (hurdaí-gurdaí) agus Francesco Turrisi (frámdhrumaí agus méarchlár). Cuirfidh Margaret Lonergan íomhánna ar fáil, bunaithe ar fhoinsí ón Mheánaois.

Ó Westeros agus Essos go dtí an Ghealtacht agus beidh dhá ócáid thar a bheith suimiúil ar siúl le linn IMRAM.

Is cuimhin liom féin Caitlín Maude bheith i gCumann Chluain Ard agus í ag aithris a cuid filíochta.

Thuig mé agus mé i mo dhéagóir ag an am gurbh í a bhí cumhachtach ag aithris a dánta féin agus ag canadh amhrán ar an sean-nós.

Ach níor leor é sin aici, bhí sí ina drámadóir, ina haisteoir, ina hoideachasóir agus ina gníomhaí polaitiúil le Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus go leor eagraíochta eile.

Beidh oíche in ómós do Chaitlín, a fuair bás in 1982 agus gan í ach 41 bhliain d’aois, ina léifidh Biddy Jenkinson, Emer Ní Neachtain agus Síle Denvir filíocht Chaitlín gus beidh ceol beo ann ó Enda Reilly, ceolfaidh Colm Ó Snodaigh amhráin bunaithe ar a dánta agus ceolfaidh Síle Denvir amhráin a raibh baint acu le Caitlín.

Seo dátheangach a bheidh ann le leaganacha Béarla dá dánta aistrithe ag Caitlín í féin, ag Gabriel Fitzmaurice agus ag Michael Hartnett.

Tá an seó curtha le cheile ag Cathal Póirtéir.

Chuig beirt laoch eile de chuid Chonamara, Máirtín Ó Cadhain agus Joe Steve Ó Neachtain.

Tabharfaidh Joe Steve Léacht Uí Chadhain i mbliana i gcaint dar teideal, Ó Cadhain: an ag doras an bháis atá lorg a láimhe anois?

Pléifidh an scríbhneoir tionchar Chois Fharraige, baile dúchais an Chadhnaigh, agus fiafraíonn sé cén dearcadh a bheadh ag Ó Cadhain ar ghluaiseacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Mar is léir óna buaicphointí thuas, tá idir shiamsaíocht agus ábhar tromchúiseach de dhlúth agus d’inneach na féile.

Beidh oíche ómóis don Athair Bhreandán Ó Doibhlinn, mach maireann; léifidh Séamus Mac Annaidh as a leabhar clúiteach Cuaifeach Mo Londubh Buí agus Steve Cooney á thionlacan ar an ghiotár; Mór-oíche Ceoil Is Filíochta; tá taispeántas Clóghrafaíochta bearteaith bunaithe ar chaártaó poist; Ó Bhaile Átha Cliath Go Prág is ainm do mhór-oíche litríochta na Gaeilge agus na Seicise; déanfar ceiliúradh ar An Béal Bocht ag 75: dráma le hAodh ÓDomhnaill, Lón Leningrad, agus beidh dara Comhdháil Chré Na Cille ar siúl le linn na féile.

Is cosúíl go bbhfuil leisc ar dhaoine turas fada a dheanamh le dul chuig imeachtaí ach ... níl ach £20 ar an bhus go Baile Átha Cliath!