Irish Language

Siúlóidí, puipéadóireacht agus drámaíocht ag teacht go Contae an Dúin

Craic agus cuideachta le linn Sheachtain na Gaeilge

The Irish language puppet show Caoimhe agus an Chóisir
Íomhá ón seó puipéadóireachta Caoimhe agus an Chóisir a bheidh le feiceáil ar na meáin shóísialta do Sheachtain na Gaeilge (Niamh Ní Ruadhagáin)

Déanfaidh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana le hábhar agus imeachtaí speisialta ó 1 Márta go Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta.

Mar atá a fhios ag an uile dhuine, is í an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan í Seachtain na Gaeilge, féile a dhéanann ceiliúradh ar theanga dhúchais agus chultúr na hÉireann.

Cuirfidh na himeachtaí atá beartaithe ag an Chomhairle deis ar fáil do dhaoine sult a bhaint as an Ghaeilge trí réimse leathan gníomhaíochtaí: siúlóidí treoraithe, ábhair físe, seónna puipéadóireachta agus Féile Scoildrámaíochta.

Is cuma cé acu is foghlaimeoir nua thú nó is cainteoir líofa thú, cuirfear fáilte mhór romhat.

Spreagfaidh na gníomhaíochtaí agus na himeachtaí toil agus suim daoine i leith na teanga, á spreagfaidh leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus tabharfaidh na hábhair físe ar líne deis níos fearr do dhaoine taitneamh a bhaint as an Ghaeilge.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, an Comhairleoir Valerie Harte go raibh sé tábhachtach don Chomhairle “go gcluinimid agus go bhfeicimid an Ghaeilge thart orainn, ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge ach i rith na bliana, agus ní hamháin sa phobal ach laistigh den eagraíocht féin chomh maith.

“Ar an ábhar sin, tá mé an-sásta Maidin Chaifé a eagrú sa Chomhairle le Seachtain na Gaeilge 2024 a cheiliúradh. Déanfar sin i gcuideachta Comhairleoirí agus ball foirne na Comhairle ó na ranna éagsúla,” ar sí.

Ar phríomhthograí le haghaidh Sheachtain na Gaeilge 2024 beidh:

Grúpa nua Tuistí agus Tachráin: Seal Spraoi

Bíonn an Chomhairle ag obair le grúpaí Gaeilge sa phobal agus le heagraíochtaí Gaeilge thuaidh agus theas i rith na bliana.

Le déanaí, tá siad ag obair i gcomhpháirtíocht leis an eagraíocht uile-oileánda Ghaeilge Glór na nGael chun grúpa tuistí agus tachráin a thosú sa cheantar.

Comhfhiontar speisialta atá ann le freastal ar theaghlaigh thart ar an Iúr agus in Ard Mhacha Theas ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt le chéile sa teaghlach.

Seal Spraoi is ainm don ghrúpa nua seo a seolfar go hoifigiúil san ionad siopadóireachta The Quays Dé Céadaoin 5 Márta le seó speisialta puipéadóireachta.

Tháinig an grúpa le chéile den chéad uair an mhí seo agus tagann siad le chéile ar a 10rn ar an chéad Chéadaoin gach mí.

Más mian leat clárú don ghrúpa seo, déan teagmháil le niamh@glornangael.ie.

Cuirfear fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus roimh thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu, agus rompu siúd a bhfuil spéis acu sa teanga teacht le chéile le sult a bhaint as an teanga agus as an chuideachta.

Seó Puipéadóireachta agus Sraith físeán: Caoimhe agus an Chóisir

Forbraíodh sraith ghairid físeán dar teideal Caoimhe agus an Chóisir le tacaíocht ón Chomhairle.

Dá thairbhe sin, cruthaíodh scéal agus saothar ealaíne úrnua mar chuid den togra.

Is sraith de thrí fhíseán atá léirithe ag Seán Ó Muireagáin agus Edel Ní Churraoin í Caoimhe agus an Chóisir, agus déanfar an tsraith a roinnt le linn Sheachtain na Gaeilge ar chainéil mheáin shóisialta na Comhairle.

Leis an tsraith físeán a sheoladh, rachaidh an seó puipéadóireachta ar camchuairt go naíscoileanna fud fad an cheantair agus beidh deis ag na páistí óga an seó beo a fheiceáil ina scoil féin.

Ábhar físe ar chainéal YouTube na Comhairle

Le cúig bliana anuas, tá an Chomhairle ag cruthú ábhar físe don phobal a roinntear ar chainéal YouTube na Comhairle, agus ar na meáin shóisialta.

Anois in 2024, tá cartlann ábhar físe ar líne a mbeidh an pobal in ann taitneamh a bhaint aisti.

Tugann an t-ábhar ar líne deis bhreise do dhaoine taitneamh a bhaint as an Ghaeilge. Chun teacht ar na tograí físe Gaeilge atá léirithe thar na blianta téigh go: www.youtube.com/@newrymournedowndistrictcouncil

Siúlóidí Treoraithe

A picture of a man in a read top looking out over the Ring of Gullion
Nó is féidir dul ar shiúlóid dhátheangach fá Fháinne Chnoc Shliabh gCuillinn (thíos)

Mar is eol dúinn uilig, ní gá bheith sa tseomra ranga le Gaeilge a fhoghlaim agus i mbliana tá an Chomhairle ag tabhairt cuireadh dá fostaithe teacht chuig siúlóid threoraithe ar Fháinne Chnoc Shliabh gCuillinn nó i bPáirc Delamont.

Beidh deis ag daoine cúpla focal Gaeilge a úsáid agus beidh treoraí ag roinnt eolais ar an dúlra go dátheangach ag na himeachtaí inmheánacha seo.

Féile Scoildrámaíochta

Le tamall de bhlianta anuas, tá Féile Scoildrámaíochta an Iúir ag tabhairt deiseanna do pháistí ó na bunscoileanna áitiúla lán-Ghaeilge taithí a fháil ar ardán Halla an Bhaile, páirt a ghlacadh i gcomórtas drámaíochta atá ag dul ó neart go neart an t-am ar fad, agus scileanna nua a fhorbairt tríd an Ghaeilge.

I mbliana, beidh an Fhéile ar siúl ar ardáin eile, ach beidh na deiseanna céanna ar fáil do na páistí.

Tá an Chomhairle sásta tacaíocht a thabhairt don Fhéile Scoildrámaíochta a bheas ar siúl in Ionad Ealaíon an Dúin Dé Máirt 12 Márta ar a 10am agus in Amharclann Phlás an Mhargaidh Dé Céadaoin 13 Márta ar a 10am agus beidh an cúig bhunscoil lán-Ghaeilge páirteach sa chomórtas i mbliana.

Ábhar ceiliúrtha san earnáil oideachais

Tá Gaelscoil Phádraig Naofa ag ceiliúradh 20 bliain agus ba mhaith leis an Chomhairle comhghairdeas a dhéanamh le foireann na scoile atá ag tabhairt deis do pháistí sa cheantar seo a gcuid scolaíochta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Thosaigh ranganna Gaeilge in Ardscoil Naomh Muire ar an Iúr ag tús na bliana acadúla seo, rud a thugann deis do na daltaí an teanga a fhoghlaim.

Leis an fhorbairt seo a cheiliúradh tá an Chomhairle ag tabhairt tacaíochta don scoil sa dóigh is gur féidir leis na daltaí agus a múinteoir Seachtain na Gaeilge 2024 a cheiliúradh.

Scéim Sparánachta na Gaeilge 2024-25

Osclófar Scéim Sparánachta na Gaeilge 2024-25 Dé Luain 11 Márta 2024 ag meán lae. Chun a thuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamh, téigh go: www.newrymournedown.org/ssng

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na himeachtaí thuasluaite, déan teagmháil le gaeilge@nmandd.org nó féach www.newrymournedown.org/snag.