D‘FHÓGAIR Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le gairid gur cheadaigh siad leathmhilliún punt don eagraíocht Ghaeilge Glór na Móna, maoiniú a chuirfidh ar a gcumas an togra fadbheartaithe Croí na Carraige a thabhairt chun críche.
Foirgneamh úr atá i gceist le Croí na Carraige a bheas suite taobh le Gael-Ionad Mhic Goill, a bhfuil clú náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige mar “ionad pobail nuálach d’athghiniúint teanga agus obair óige trí mheán na Gaeilge.”
Tá sé mar aidhm ag Croí na Carraige “fís uaillmhianach Ghlór na Móna a thógáil agus a fhorbairt ar thalamh tréigthe de chuid na Comhairle taobh leis an Ghael-Ionad” ach i láthair na huaire, tá an obair thábhachtach seo ag dul ar aghaidh i ndá bhothán.
“Ní raibh seo riamh sásúil mar gheall ar an éileamh ollmhór atá ann dár seirbhísí,” a mhíníonn Eoghan Ó Gormaile ó Ghlór na Móna.
“Tá Sólás na nÓg againn a bhíonn ag plé le daoine óga a bhfuil sainriachtanais acu agus meallann an cumann óige cuid mhór páistí atá faoi mhíbhuntáiste chomh maith, mar sin de, tá an spás go mór de dhíth orainn,” arsa Eoghan.
Tá go leor le déanamh go fóill agus tá praghsanna gach rud ag éirí níos airde lá i ndiaidh lae ach nuair a osclófar é i mblaina nó an bhliain seo chugainn, is dócha, cuideoidh sé leis an dúrud páistí.
San idirlinn, is é an t-imeacht spreagúil is déanaí atá eagraithe ag Glór na Móna ná Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, sraith chainteanna in onóir Mháirtín Uí Chadhain, Gaeilgeoir, poblachtánach, gníomhaí teanga agus údar a fuair bás i 1970 ach atá ina spreagadh i rith an ama do Ghaeilgeoirí na Gaeltachta agus na Galltachta araon.
I gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar an 27 Eanáir, beidh cur agus cúiteamh faoi cheisteanna móra na linne seo agus ar na cainteoirí is mó a bhfuil cáil orthu, tá Clare Daly, ball neamhspleách Pharlaimint na hEorpa a thuill clú mar gheall ar na cainteanna, cumhachtacha, feargacha a thug sí sa Pharlaimint ar cheist chinedhíothú Iosrael ar mhuintir Gaza ach tosaíonn an Scoil Gheimhridh ar a 12 meánlae le seoladh leabhar Elizabeth De Young, Power, Politics and Territory in the ‘New Northern Ireland’: Girdwood Barracks and the Story of the Peace Process.
Insíonn an leabhar faoi cheann de na tograí tithíochta is conspóidí le 20 bliain anuas san áit a mbíodh beairic de chuid Arm na Breataine ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceart Bhéal Feirste.
An bhfaigheadh na teaghlaigh ba mhó práinn na tithe nó an roinnfí iad ar bhonn creidimh?
Ansin ar 1.30pm, beidh painéal cainteoirí ag plé an athraithe aeráide, an Ghaeilge agus cúrsaí tithíochta i seisiún dar teideal, Ag Tógáil na Poblachta Anois/Building the Republic Now.
Ar an phainéal, beidh Sianna Lafferty, John Barry agus Fearghal Mac Bhloscaidh.
Ar a 3pm, beidh cur agus cúiteamh faoi Éire Nua: Ar Son Cén Aicme?/A new Ireland: for what class? ina mbeidh Clare Daly, Bríd Smith (TD le PBP) agus Chris Hazzard (MP le SF) i mbun díospóireachta ar na daoine is mó a mbeidh leas orthu nuair a/má athaontófar an tír.
“Tá na díospóireachtaí maidir le haontú na tíre ag bailiú nirt i rith an ama,” arsa Eoghan,
“Sóisialach poblachtánach a bhí in Ó Cadhain mar sin tá sé cuí go mbeadh Clare Daly mar aoi againn ag Scoil Gheimhridh atá baiste as ach beidh bean iontach suimiúil eile ar an ardán, is é sin, Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús, bean a spreag cuid mhór de na daoine a bhí i láthair ag ollchruinniú Ireland’s Future i mBaile Átha Cliath anuraidh.
“Leag Bríd béim ar fhadhbanna socheacnamaíochta agus creideann muid féin gur chóir go mbeadh cúrsaí aicme agus socheacnamaíochta i gcroílár phlé ar bith ar Éirinn Aontaithe,” arsa Eoghan.
Is é Chris Hazzard ó Shinn Féin an tríú cainteoir ag Éire Nua: Ar Son Cén Aicme?
Fágann an Scoil Gheimhridh Éire ansin agus téann siad go tír atá go mór sa nuacht inniu, Éimin.
Ba sa tír sin a rugadh Mansoor Adayfi, Éimineach a bhí ina fhear óg nuair a chuaigh sé chun na hAfganastáine ar mhisean cultúrtha.
B’ansin a chuaigh rudaí in aimhréidh. Ar a bhealach ar ais chun an bhaile, d’fhuadaigh taoisigh chogaidh Afganastánach é lena dhíol le Meiriceánaigh, ag rá gur ball de chuid Al Qaeda é.
Tugadh Mansoor go Guantánamo, áit ar chaith sé13 bliana, idir 9 Feabhra, 2002 agus 11 Iúil, 2016.
Ina leabhar, Don’t Forget us Here, cuireann sé síos ar an dóigh ar ciapadh é ach ar an bhráithreachas a d’fhás idir é féin agus na fir eile a bhí imthreoranaithe gan a dhath curtha ina leith.
Beidh Mansoor Adayfi faoi agallamh ag Clare Daly i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar a 7.30pm.
Le deireadh a chur leis an Scoil Gheimhridh, beidh coirm cheoil na Palaistíne ar siúl agus scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ag glacadh páirt, ina measc Fergus Ó hÍr, Gráinne Holland, Torby, Edel Ní Churraoin, Conor Caldwell, Niamh NIc Ionnrachtaigh, Stiofán Loughran agus go leor eile.
Tá siad ann a déarfadh gur “talking shop” atá i gceist le leithéidí na Scoile Geimhridh seo ach deir Eoghan go bhfuil siad thar a bheith fiúntach.
“Má tá tú ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, is éigean go mbeadh an dúshraith bunaithe ar eolas agus ar fhíricí agus ar mhalartú smaointe mar atá againn i Scoil Gheimhridh Uí Chadhain,”ar sé.
“Agus thig linne a thábhachtaí is atá an Ghaeilge a chur ina luí ar dhaoine nár smaoinigh roimhe ar an teanga mar ghléas a bhfuil sé de chumhacht aige pobal muiníneach a thógáil a bheadh inchurtha leis an leatrom agus le neamhaird na n-údarás” arsa Ciarán, atá ar na daoine óga sin a bhain tairbhe mór as Ghlór na Móna.