Bhí mé ar Bhalla Mhór na Síne i 2016 agus chuir sé faoi dhraíocht mé, cé nach raibh mé ag iarraidh dul ann sa chéad dul síos.
Ar ndóigh, bhí an tírdhreach thart ar an chuid sin de 21,196 ciliméadar an bhalla ar a raibh muid inár seasamh thar a bheith álainn agus shamhlaigh mé na mílte oibrí a chur an balla le chéile, éacht a ghlac 2,000 bliain!
Ach an lá sin, ní as na brící nó as na cnoic a fuair mé an pléisiúr ba mhó ach as na daoine.
Chuala mé roimhe sin go n-éireodh Sínigh na tuaithe iontach tógtha dá bhfeicfeadh siad coimhthíoch agus bhí sé amhlaidh.
Ar chuid den bhalla, stad an teaghlach seo mé agus thosaigh ag screadaigh “Ma, Ma” agus thart an coirnéal tháinig Ma, máthair an teaghlaigh agus í ar bís go raibh grianghráfanna á ghlacadh di i gcuideachta duine as an Eoraip.
Tharla sé seo cúpla uair agus mhothaigh mé mar a bheadh réalt scannáin ionam!
D’athraigh an turas sin mo dhearcadh ar an tír rí-spéisiúil seo.
Ag fás aníos sna 1960idí, ní raibh d’eolas agam ar an tír ach líon na rothar a chonaic mé ar mo theilifíseán beag dubh agus bán, leabhar beag Mao Tse Tung agus eagla.
Bhi na Sínigh “inscrutable,” níorbh fhéidir muinín a bheith agat astu, bhí i bhfad barraíochta acu ann, Cumannaigh a bhí iontu a chuir eagla ar Uachtarán s’againne, John Fitzgerald Kennedy, Éireannach agus Caitliceach.
Inniu, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá -ceann de na tíortha is éagothroime ar chlár na cruinne – ag cuidiú le hIosrael cinedhíothú na bPalaistíneach a chur i gcrích agus tá an coimpléasc míleata-tionsclaíoch a luaigh Dwight Eisenhower ag stiúradh polasaí eachtrach an Fheidhmeannais.
Ar chóir an eagla chéanna a bheith orainn roimh na Meiriceánaigh is atá orainn roimh na Sínigh?
Tá rialtas na Síne i bhfách le sos buan cogaidh i nGaza; tá rialtas Joe Biden ina coinne.
Chonaic mé tagairt d’alt in iris Mheiriceánach an tseachtain seo a luaigh nach raibh buntáistí ar bith ag baint le taisteal thar lear. Dearg-amaidí ar ndóigh.
Ó mo thaobh féin de, tugann sealanna i dtíortha nó i gcathracha éagsúla peirspictíocht dhifriúil dom, dearcadh nach bhfuil cruthaithe ag bolscairí rialtais nó ag tráchtairí claonta.
Ní tír theibí atá sa tSín dom níos mó agus cé go n-admhaím go raibh mé ansin mar thurasóir go Béising agus nach raibh deis agam labhairt le bunadh na cathrach, admhaím gur iarraidh orainn gan ceisteanna áirithe a chur (go háirithe agus muid i gCearnóg Tiananmen.)
Ach sin ráite, chonaic mé níos mó Rolls Royce ná mar a chonaic mé riamh roimhe i mo shaol; bhí deis agam siopadóireacht a dhéanamh, beoir a ordú agus, go bunúsach a bheith i m’fhinné ar shaol laethúil an ghnáthBhéisingeach.
Chomh maith, is breá liom cuid de na bialanna Síneacha i mBéal Feirste agus an bhialann Madame Pho, a ofrálann bia blasta Vítneamach – cé gur Síneach é an t–úinéir agus go leor den fhoireann chairdiúil.
Mar sin de, nuair a chuala mé go raibh ranganna Sínise á n-ullmhú trí mheán na Gaeilge i seomraí Raidió Fáilte i mBéal Feirste, ba é seo an deis a bhí mé a iarraidh le fada an lá.
Chuir mé aithne ar Phól Ó Néill a chaith seacht mbliana go leith ag obair i mBéising agus i Ganzhou agus caithfidh mé a rá gur mheall a shuim sa tSínis agus a acmhainn grinn chun na ranganna mé.
Ach cad é chomh deacair agus a bheadh sé an teanga mhistéireach seo a fhoghlaim?
Bhuel, sa chéad dul síos, chuir Pól ar ár suaimhneas muid.
Chóir a bheith nach bhfuil gramadach ar bith sa tSínis a dúirt sé. Do lucht na Gaeilge, a bhfuil 20 eisceacht le gach riail ghramadaí, faoiseamh mór a bhí anseo.
Chomh maith, bhain muid úsáid as pinyin, an aibítir Rómhánach a cumadh le fuaimeanna na Sínise a chur in iúl. Bua eile dúinn. Ní bheadh orainn na céadta picteagram a fhoghlaim de ghlanmheabhair le go mbeadh muid in ann comhrá a bheith againn le Sínigh Bhéal Feirste.
Rud suimiúil eile a luaigh Pól ná go raibh sé i gceantar amháin sa chathair agus Mandairínis ar fad a chuala sé cionn is gurbh as tír mór na Síne na daoine a bhí ina gcónaí nó ag obair ansin.
I gceantar Botanic, Cantainis a chuala sé go príomha cionn is gurb as Hong Kong bunús na Síneach a bhi ag cur fúthu sa cheantar sin mar sin. Mhothaigh mé go raibh sé thar a bheith suimiúil go raibh deighilt gheografach sa chathair idir lucht na Mandairínise agus lucht na Cantainise.
Domsa treisíonn sin saibhreas teangeolaíoch na cathrach.
Thosaigh Pól ag caint ar struchtúr an chúrsa, agus ar stair na Sínise agus a thaithí féin leis an teanga ach níorbh fhada gur thosaigh an obair chrua.
Mar atá a fhios ag go leor agaibh, bíonn tuineacha nó tones i gceist sa tSínis. Is féidir focal beag cosúil le “ma” a fhuaimniú ar cúig bhealaí éagsúla! Bhí an t-ádh ormsa mar chleacht mé sin roimhe agus ní constaic ró-mhór a bhí ann.
Ansin, chuir Pól síos ar na fuaimeanna sa tSínis nach bhfuil sa Ghaeilge. Ag a phointe seo, bhí mé ar tí mo chóta a chur orm agus imeacht liom ach is fear crua mé.
Chleacht muid agus chleacht muid agus chleacht muid agus thosaigh rudaí ag éirí níos soiléire. Ní raibh siad soiléir ach ní raibh siad chomh doiléir is a bhí siad roimhe.
Ansin, thosaigh muid a fhoghlaim frásaí beaga - nǐ hǎo! (Dia duit); nǐ jiào shénme? (Cad é an t-ainm atá ort?); wǒ jiào Robert (Robert an t-ainm atá orm); agus zaìjiàn! (Slán).
Ceithre abairt ach mar a deir na Sínigh: “tosaíonn an turas is faide le céim amháin.”
Tá mé ag dúil go mór leis an chéad rang eile an Mháirt seo romhainn ar 6.30pm ag Raidió Fáilte agus beidh fáilte roimh gach duine.
Is féidir clárú do na ranganna Sínise ach teagmháil a dhéanamh le guth@raidiofailte.com