Irish-Language

Scéalta agus amhráin na Fiannaíochta anois le fáil in aon bhunachar amháin

PÁDRAIG FHIA Ó MATHÚNA: An taighdeoir ag tabhairt cainte ar ábharthacht na scéalta Fiannaíochta do phobal Cho Lú inar chuir sé síos ar an áit ina bhfuil Fionn curtha sa Chontae (de réir an tseanchais) go dtí na troideanna móra a bhí ag na Fianna sa cheantar
PÁDRAIG FHIA Ó MATHÚNA: An taighdeoir ag tabhairt cainte ar ábharthacht na scéalta Fiannaíochta do phobal Cho Lú inar chuir sé síos ar an áit ina bhfuil Fionn curtha sa Chontae (de réir an tseanchais) go dtí na troideanna móra a bhí ag na Fianna sa cheantar

AN RAIBH TÚ gafa le Game of Thrones nuair a bhí sé ar an aer? An gcuireann The Witcher agus Outlander faoi dhraíocht thú? Cibé, is léir go santaíonn daoine sa lá atá inniu ann scéalta fantaisíochta mar a rinne a sinsear i bhfad siar sa chianaimsir.

Le mílaois go leith, tá Éireannaigh ag inse scéalta dá chéile faoina ngaiscígh féin, laochra a shiúil ar thalamh na hÉireann, ar tharla eachtra osréalaíocha dóibh, a bhain clú agus cáil amach as a scileanna lúthchleasaíochta agus a throid go fíochmhar láidir in éadan gach namhaid – agus in éadan cairde nuair ab éigean.

Miotais, finscéalta, laoithe, síscéalta, amhráin – tá siad seo uilig agus a thuilleadh mar chuid de shaibhreas chultúr na nGael agus iad inchurtha le rud ar bith a d’fheicfeá ar Netflix.

I measc na gcorpas uilig ina bhfuil ár n-oidhreacht liteartha dhúchasach, tá an Fhiannaíocht, bailiúchán ollmhór de scéalta a bhaineann le Fionn Mac Cumhaill agus a bhuíon gaiscíoch, na Fianna.

Anois, tá teacht ar thuairim agus 3,500 scéal agus amhrán acu i mbunachar nua ar líne, Bunachar Bhéaloideas na Féinne (https://fionnfolklore.org/), togra uaillmhianach atá maoinithe ag Ollscoil Harvard agus Clár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann faoi stiúir an Dr Natasha Sumner ó Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Ollscoil Harvard.

Tá sí féin agus a foireann i ndiaidh beagnach 10 mbliana a chaitheamh ag catalógú an chorpais.

An tseachtain seo caite, thug taighdeoir ar an tionsscadal, Pádraig Fhia Ó Mathúna, léargas dom ar an bhunachar iontach seo.

“Is scéalta iad seo atá a bhunachar a seachadadh ó bhéal go béal faoi na laochra is mó sa domhan Gaelach: Fionn mac Cumhaill agus a bhanna de ghaiscígh, na Fianna,” arsa Pádraig, arb as Hartford sna Stáit Aontaithe ó dhúchas dó.

“Sular tugadh faoin tionscadal seo, níor tuigeadh cé chomh mór is atá an corpas scéalta na Fiannaíochta, go fiú i measc an phobail léannta. Seo solas úr, mar sin, ar raon leathan de scéalta faoi na Fianna agus cuireann sé na scéalaithe agus na bailitheoirí cumasacha a chaomhnaigh iad ón ochtú haois déag ar aghaidh in aithne dúinn,” arsa Pádraig.

Bainfidh cuairteoirí taitneamh as achoimrí ar gach scéal nó leagan atá sa bhunachar, gluais de théarmaí úsáideacha, agus cur síos ar na carachtair is suntasaí i saol na Féinne. 

Ach is é an ghné logánta is mó a mheallfaidh cuairteoirí chuig an suíomh, dar leis.

Is féidir leo leas a bhaint as léarscáil dhigiteach idirghníomhach le scéalaithe agus le seanscéalta a aimsiú ina gceantar féin nó i réigiún a sinsear, cibé acu in Éirinn, in Albain, nó ar Oileán Mhanann é – nó níos faide i gcéin i Sasana, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. 

“Thig leat dul isteach sa bhunachar, do cheantar féin a chur isteach agus tiocfaidh tú  ar scéalta a insíodh ann agus na daoine a d’insíodh iad,” arsa Pádraig.

Luann sé an drochthionchar a d’imir an chríochdheighilt ar bhailiú na scéalta fiannaíochta seo mar, cé go bhfuil siad forleathan fud fad na hÉireann, is tearc a líon sna Sé Chontae.

Sin ráite, má théann tú chuig an léarscáil agus má bhuaileann tú an cnaipe os cionn Ghlinntí Aontroma, gheobhaidh tú scéal ó Bhrian Mac Amhlaoidbh nó Barney McAuley i nGleann Bhaile Uí Dhíomáin; fuarthas scéal ó John O’Neill i mBun na hAbhna/Waterfoot c1828 agus d’inis Mrs Emerson as Gort na Claí scéal Oisín i ndiaidh na Féinne do Michael J Murphy i 1953,

Cinnte, tá go leor scéalta as Co. Thír Eoghain, áit a mbíodh an Ghaeltacht dheireanach sna Sé Chontae, agus tá Lámhscríbhinní McAdam Bryson sa Leabhar lann Láir i mBéal Feirste ach is beag ábhar eile atá ar fáil.

Sin ráite, tá tuairim’s ar 211 scéal le fáil i dTír Chonaill agus tá scéalta in beagnach gach contae eile sa tír.

D’aontaigh mé féin agus Pádraig go gcothóidh an bunachar dáimh idir Gaeil an lae inniu agus ár sinsear san aimsir anallód.

Seo na scéalta agus na hamhráin a bhíodh á n-aithris agus á gceol acu ina dtithe beaga tuaithe roimh theacht an leictreachais. 

San aois réamh-Netflix agus Prime seo, ba iad na scéalta seo a chothaigh a samhlaíocht agus a theagasc ceachtanna faoin saol thart orthu dóibh.

Is doiligh dúinn, is dócha, a thuigbheáil cad é mar a mhúnlaigh na scéalta seo an meon Éireannach an t-am ba leitheadaí iad.

Creidim féin go bhfuil athmheasúnú leanúnach ag dul ar aghaidh maidir le saibhreas an chultúir Ghaelaigh.

Tá sé le feiceáil san foclóirí atá ag teacht amach, le dul chun cinn an cheoil thraidisiúnta agus nua-aimseartha, le scoth na gcláracha ar TG4 agus an iomáint féin a bheith ar BBC2!

Creidim go bhfuil an bunachar trítheangach seo – Béarla, Gaeilge agus Gaeilge na hAlban – mar chuid den ghluaiseacht sin ach, ar dtús, tá sé ann le sult agus pléisiúr a bhaint as.   

:: Tá an Bunachar le fáil ag fionnfolklore.org nó déan teagmháil ar na meáin shóisialta (@fionnfolklore) nó trí ríomhphost (fionnfolklore@gmail.com).