Irish-Language

Meánaosta sna meánaoiseanna is mé ar cuairt i gCill Chainnigh

AN SEAN AGUS AN NUA: Is meascán de gach ré i stair na hÉireann beagnach cathair Chill Chainnigh, ó na bialanna agus siopaí úra ar sheansháideanna, pubanna galánta lena seisiúin amhránaíochta agus Ardeaglais Chainnigh a tógadh i gcéaduair sa 6ú haois
AN SEAN AGUS AN NUA: Is meascán de gach ré i stair na hÉireann beagnach cathair Chill Chainnigh, ó na bialanna agus siopaí úra ar sheansháideanna, pubanna galánta lena seisiúin amhránaíochta agus Ardeaglais Chainnigh a tógadh i gcéaduair sa 6ú haois

TARLAÍONN SÉ in áiteanna eile, tá mé cinnte, ach tchítear dom gur seoid chultúrtha é an seisiún amhránaíochta i bpubanna na hÉireann.

Bhí mé féin ag ceann acu i gCill Chainnigh an tseachtain seo agus mé i dteach tábhairne John Cleere i sráid na Parlaiminte sa chathair.

Is rud beo bríomhar é an stair in Éirinn agus níl sé sin níos follasaí níos mó ná sa chathair Laighneach seo.

Cúpla céad slat ó theach tábhairne Cleere, tá Teach Rothe, teach a thóg John Rothe i 1594.

Bhí muintir Rothe ar cheann de theaghlaigh thábhachtacha Chill Chainnigh idir 1400 agus 1700.

B’ann a bhí cónaí ar an Dr David Rothe, easpag Osraí, le linn na Cónaidhme, tráth a raibh Caitlicigh na hÉireann i réim idir 1642 agus 1648 agus bhíodh cruinnithe i dTeach Rothe idir ceannairí móra creidimh agus polaitíochta na linne, an tArdeaspag Rinuccini agus Eoghan Rua Ó Néill ina measc.

Thomas MacDonagh, duine de shínitheoirí fhorógra 1916, chláraigh sé le Conradh na Gaeilge i dTeach Rothe agus theagasc sé stair sna seomraí ranga ann.

Aon teach amháin agus stair  dhochreidte ag baint leis!

Athchóiríodh an teach i 1898 ach tá cuid mhór foirgnimh eile sa chathair arbh fhiú cuairt a thabhairt orthu.

Sin ráite, agus muid ag siúl na sráideanna, bhuail muid le John a bhí ag díol ticéidí isteach chuig iarsmalann i lár na cathrach.

Ní raibh an t-am againn ach thug John aitheasc 15-bhomaite dúinn inar chuir sé síos ar chailleachaí.

B’as Cill Chainnigh don dáma Alice Kyteler, an chéad duine riamh in Éirinn a daoradh chun báis mar chailleach. 

D’éirigh le hAlice teitheadh go Flóndras ach dóú ag an stáca cuid dá lucht leanúna, Petronella de Meath ar dhuine acu.

Agus away le John arís.

Trasna na sráide, bhí Sráid William a baisteadh as an Rí Liam III, King Billy, a tháinig go Cill Chainnigh i ndiaidh Chath na Bóinne.

Roimhe sin, bhí Cromwell sa chathair agus d’athraigh an bheirt seo an riocht a bhí ar Éirinn as sin amach.

I gCill Chainnigh agus an ceantar máguaird, tháinig meath ar an ríshliocht Angla Normannach agus aistríodh a dtailte chuig úinéirí úra Protastúnacha.

Caisleán Chill Chainnigh, a bhíodh ina dhúnfort ag clann de Buitléar, glacadh seilbh air agus tháinig drochbhail air ina dhiaidh.  

Tá clú ar Chill Chainnigh inniu mar chathair “mheánaoiseach,” cuid den bhrandáil turasóireachta a chuireann síos ar bhunús Chúige Laighean mar “Ireland’s Historic East”. ach téann stair Chill Chainnigh i bhfad níos sia siar ná na meánaoiseanna.

Ar ndóigh eascraíonn ainm na cathrach ón chill a thóg Cainneach agus tá fianaise ann go raibh daoine ina gcónaí sa cheantar sa tréimhse Neoiliteach 6,000 bliain ó shin.

Le linn na 6ú haoise, lárionad eaglasta a bhí ann nuair a bhunaigh Cainneach an mhainistir agus an cloigtheach atá le feiceáil inniu.

Leoga, is féidir dul go barr an chloigthí le radharcanna iontacha den cheantar a fheiceáil.

Áit thábhachtach a bhí i gCill Chainnigh i bhfad roimh aimsir Brian Cody ach tá sé ceart a rá gur tháinig an chathair chun cinn le linn na 12ú agus na 13ú haoise mar gheall ar dhuine de na hAngla-Normannaigh ba chlúití riamh, an ridire Richard de Clare nó Strongbow. 

Faoina riail, rinneadh baile féin-rialaithe de Chill Chainnigh agus tógadh Ardeaglais Chainnigh agus Caisleán Chill Chainnigh.

Bhí rath ar chúrsaí trádála, tráchtála agus cultúir.

Thiocfadh ceannaithe ó gach cearn den Eoraip chuig margaidh Chill Chainnigh agus d’éirigh an chathair thar a bheith saibhir.

Príomhchathair thiarnas Gaelach Osraí a bhí ann (the capital of the Gaelic Lordship of Ossory.)

Ach mar Ghaeilgeoir, tá ainm Chill Chainnigh ceangailte leis an chéad iarracht smacht a chur ar an Ghaeilge.

Sa 14ú haois, tharla imeacht cultúrtha suntasach nuair a ritheadh “Reachtanna Chill Chainnigh”. 

Ba shraith dlíthe iad na reachtanna seo a d’achtaigh na hAngla-Normannaigh le smacht a choinneáil ar phobal Gaelach na hÉireann.

Bhí sé mar aidhm ag na reachtanna deighilt a chur idir na lonnaitheoirí Sasanacha agus an daonra dúchasach Éireannach, ag cur béime ar an Bhéarla agus ar nósanna an Bhéarla.

Ar deireadh, theip ar na reachtanna na spriocanna a bhí beartaithe dóibh agus d’athraigh siad an caidreamh cultúrtha idir an dá phobal go deo na ndeor.

Sna céadta bliain ina dhiaidh sin, tharla an Phlá Mhór (the Black Death), imris pholaitiúla agus an Reifirméisean i Sasana ach bhí rath i rith an ama ar Chill Chainnigh.

Sa 19ú agus 20ú haois, chuaigh Cill Chainnigh faoi phróiseas athbheochana agus athchóirithe. 

Aithníodh tábhacht stairiúil na cathrach agus rinneadh iarrachtaí a hoidhreacht a chaomhnú.

I measc na dtionscadal ba shuntasaí bhí athchóiriú Chaisleán Chill Chainnigh agus caomhnú a shráideanna agus a fhoirgnimh mheánaoiseacha.

Sa lá atá inniu ann, is cathair bhríomhar í Cill Chainnigh atá aitheanta as a

hoidhreacht chultúrtha, a háilleacht ailtireachta agus a saol ealaíon.

Oh, agus as Smithwicks atá déanta sa bhaile!

Shiúil muid thart ar a sráideanna meánaoiseach, thug muid cuairt ar a siopaí ceardaíochta, d’fhoghlaim muid faoi stair na hiomána sa chontae agus ar deireadh, bhuail muid isteach i Cleere’s.

Pub den tseandéanamh, é plódaithe le daoine – ach chan barraíocht – agus idir chuairteoirí agus bhunadh na háite ag rá a rogha amhrán, ó amhrán grá i bhFraincis go hÓro Mo Bháidín, amhrán grinn faoi Aldi agus Lidl ach bhí sé sonraíoch chomh maith is a bhí an ceol nuair a thosaigh an lucht éisteachta ag ceol – bhí siad mar a bheadh cór ann, ó shopráin mhná go dordghuthanna na bhfear.

Níl rud ar bith níos deise ná amhráin á gceol ag scaifte strainséirí faoi sholas fhannlag tí tábhairne go mall san oíche.

Ba é buaicphointe na hoíche an bhean a cheol The Green Glens of Antrim i nglór binn álainn agus dh’obair gur phléasc mo chroí Aontramach i lár Chill Chainnigh.

Beidh mé ar ais.