Irish-Language

Tobar eolais agus spreagtha a mbeidh daoine ag tarraingt as ar feadh i bhfad

COMHFHIONTAR LUACHMHAR: Seoladh Cartlann POBAL sa Halla Fhada i gCnoc an Anfa inné, comhfhiontar idir an Droichead agus POBAL. Sa phictiúr, tá Maureen O’Donoghue, Fionnuala Nic Thom agus Pól Deeds ó An Droichead, iarStiúrthóir POBAL Janet Muller, an t-iarAire Deirdre Hargey agus Claire Kieran ón Droichead
COMHFHIONTAR LUACHMHAR: Seoladh Cartlann POBAL sa Halla Fhada i gCnoc an Anfa inné, comhfhiontar idir an Droichead agus POBAL. Sa phictiúr, tá Maureen O’Donoghue, Fionnuala Nic Thom agus Pól Deeds ó An Droichead, iarStiúrthóir POBAL Janet Muller, an t-iarAire Deirdre Hargey agus Claire Kieran ón Droichead

Chonacthas i gcónaí dom nár tugadh a luach riamh don scátheagras POBAL agus dá stiúrthóir Janet Muller ó bunaíodh é i 1998 go dtí gur cuireadh deireadh leis i 2019.

Is beag obair abhcóideachta Gaeilge atá ar bun inniu nach léiríonn go rí-shoiléir tionchar agus cur chuige nuálach, ceannródaíoch POBAL agus b’ábhar mór díomá agus iontais é gur cuireadh deireadh leis.

Tá léargas ar an obair a rinne POBAL sa scór bliain a raibh siad gníomhach le fáil anois i rannóg i suíomh úr An Droichead a seoladh go hoifigiúil ag Cnoc an Anfa inniu.

Tharla díscaoileadh POBAL cúig bliana i ndiaidh do pholaiteoirí agus d’Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le maoiniú do na grúpaí ar fad lonnaithe sna Sé Chontae a bhí ag fáil bunmhaoiniú roimhe sin. 

Tugadh an maoiniú seo do shé eagras a raibh ceanncheathrúna acu i mBaile Átha Cliath. 

Uaidh sin amach, le fostaí páirtaimseartha amháin in áit na sé phost lánaimseartha a bhí ag an eagras roimhe, lean POBAL ar aghaidh ag obair ar chlár cuimsitheach, dúshlánach oibre agus tá cuid den obair sin anois ar fáil sa chartlann chomh maith. 

“Agus fiche bliain curtha isteach ag obair do phobal na Gaeilge, bhí cnuasach suntasach d’ábhair agus de thograí éagsúla curtha ar fáil don phobal ar shuíomhanna an eagrais, ábhair luachmhar, saineolach a chuireann réimse leathan daoine suim iontu agus ba mhór an cúis áthais nuair a thairiscint An Droichead spás de rogha ar leith den ábhar POBAL i gcartlann nua ar shuíomh An Droichead féin” arsa Janet Muller ag an ócáid inné.  

Ar fáil sa chartlann, beidh cuid de na cáipéisí, taighde, ábhar teagasc, físeáin srl a chur POBAL le chéile le corradh agus scór bliain. 

“Dár ndóigh, próiseas roghnaítheach a bhí ann mar níorbh fhéidir gach rud a chur ar fáil – bhí i bhfad barraíocht ann,” arsa Janet.

“Tuigim b’fhéidir níos fearr ná duine ar bith eile, nach bhfuil sa chartlann ach spléachadh ar an obair uilig a rinne foireann POBAL thar na blianta. 

“Sílim ag pointe amháin, agus muid ag amharc siar, go ndearna muid cuntas orthu sin uilig a fostaíodh le POBAL ó thosaigh muid i 1998. 

“Stop muid de bheith ag déanamh cuntais nuair a shroich muid 35 duine amach, díograiseoirí agus gníomhaithe uilig a thug a samhlaíocht agus a bhfuinneamh leo. 

“Is dár ndóigh, bhí oibrithe agus coisteoirí deonacha againn chomh maith,” ar sí. 

Is beag duine nach n-aontódh le Janet nuair a dúirt sí nach raibh aon amhras faoi ach gur athraigh POBAL stádas na Gaeilge sa tsochaí seo. 

“Dúinn uilig a d’oibrigh don eagraíocht le linn na 20 bliain, is ábhar bród é an obair nuálach a chruthaigh muid féin, linn féin, dúinn féin,” ar sí. 

“Nuair a chéadthosaigh muid ag díriú ar iomlán tosca sainiúla na teanga sna sé chontae, ní raibh eiseamláir dá leithéid chéanna romhainn. 

“D’éirigh linn áfach, tógáil ar streachailt na nGael ó thuaidh ó bunaíodh an stát. 

“Bhí muid ar an chéad ghrúpa Gaeilge le Powerpoint a úsáid ar bhonn rialta. “Is cuimhin liom go maith an t-iontas a léirigh roinnt daoine go dtiocfadh focail agus frásaí as Gaeilge a stealladh ar scáileán is nach bpléascfadh an teicneolaíocht nua ina smidiríní!”

Chuir POBAL an Ghaeilge i lár an aonaigh agus is iomaí ócáid a d’fhreastail mé féin orthu in áiteanna nár chuala an Ghaeilge mórán roimhe, óstáin mhóra, hallaí maorga na gComhairlí áitiúla agus foirgnimh rialtasacha, Halla Uladh, lár na cathrach i mBéal Feirste. 

“Mar chuid den obair forbartha a rinne muid le tacú lenár mballghrúpaí áitiúla, thug muid daoine le chéile agus d’oibrigh leo ar phleananna agus straitéisí,” arsa Janet. 

“Chruthaigh muid Ródseó ealaíon na Gaeilge agus d’oibrigh le Comhairlí áitiúla – cuid acu nach ndearna rud ar bith leis an teanga a chur chun cinn roimhe sin. 

“Scaip muid bileoga agus ábhair eolais eile ag na hócáidí seo, faoi na seirbhísí a dtiocfadh leis an phobal a éileamh agus a úsáid. 

“Chuir muid aisteoirí chuig scoileanna fud fad na sé chontae le ceardlanna drámaíochta a chur ar fáil ar Bhreithiúnas dráma a cuireadh ar an siollabas A leibhéal ach nár léiríodh ar an ardán agus d’fhoilsigh muid nótaí staidéir do dhaltaí agus do mhúinteoirí.

“Reachtáil muid fosta comhdháil ar leith ar thábhacht na n-ealaíona i dteagasc ní amháin na Gaeilge ach i dteagasc réimse iomlán na n-ábhar scoile,” arsa Janet. 

Agus ar ndóigh, reáchtáil POBAL an seó mórthaibhseach Cearta agus Ceiliúradh in Aonach Naomh Seoirse – an ócáid Ghaeilge is mó a riamh sna Sé Chontae. 

Ach – cá bhfuair siad an t-am – rinne muid níos mó taighde agus taighde níos cuimsithí ná eagras ar bith eile sa tír. “Ón tús, leag muid dúshraith síos ar shainraichtanais an pháiste dhátheangaigh, ar riachtanais an phobail, agus cruthaíodh cúrsa iomlán feasachta teanga a chuideodh le soláthraithe seirbhísí a gcuid dualgas a chomhlíonadh. 

“Thug muid grúpaí oibre le chéile ar cheisteanna éagsúla, ag tabhairt cleachtóirí, oideachasóirí, acadúlaigh agus saineolaithe eile le chéile le moltaí a fhorbairt. 

“D’oibrigh muid ar Straitéis don Ghaeilge agus d’imir tionchar nach beag ar chur chuige na Roinne Cultúir ar an cheist,” ar sí.  

Ní nach ionadh go bhfuair POBAL aitheantas idirnáisiúnta mar shaineolaithe ar chur i bhfeidhm Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Chreat Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlaigh Náisiúnta. 

“Ceannródaithe ar fad a bhí ionainn ar reachtaíocht teanga agus ó 2004, dhírigh muid an feachtas le hAcht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a bhaint amach. 

Is doiligh cur síos ar líon agus ar ard-chaighdeán na n-ábhar a d’fhoilsigh POBAL ar cén saghas Achta a bhí de dhíth abhus ach ar a laghad anois go bhfuil cuid de sa chartlann. 

“Beidh An Chartlann ar shuíomh nua An Droichead ina dúshraith thábhachtach do na glúnta atá le teacht. 

“Tá saineolas gan réamhshampla sna doiciméidí atá anois ar fáil go furasta don phobal anseo – slat tomhais ar an mhéid atá bainte amach agus ar an bhealach fhada atá go fóill romhainn.

Dúirt Janet nach mbeadh ann don chartlann gan díograis agus tacaíocht Phól Deeds agus fhoireann An Droichead. ach d’aithin Pól go gcaitear tógáil ar an méid a bhain POBAL amach.

“Duine ar bith a bhfuil an tAcht úr léite acu, tuigfidh siad gur tús streachailte eile atá ann níos mó ná ceann scríbe,” ar sé, “ach tá oidhreacht na ngníomhaithe cearta teangan beo bríomhar i measc phobal na Gaeilge, agus, mar gheall ar obair leithéidí POBAL, tá eolas agus saineolas againn a chuideoidh leis an ghlúin seo ár gcearta a bhaint amach. “Tá sé de phribhléid ag An Droichead spás a chur ar fáil ar-líne do chuid de na foinsí saineolais sin le go dtig le daoine dul ar ais chuig “tobar na habhcóideachta” atá fágtha againn mar eiseamláir, a bhuíochas le POBAL,” ar sé. 

:: Tá Cartlann POBAL ar fáil ag androichead.com