Irish-Language

Imríonn Ciorruithe Buiséid Tionchar Níos Measa ar Dhaltaí Gaelscolaíochta

STAD NA CIORRUITHE: Daltaí óga Ghaelscoil an Lonnáin ag déanamh na fírinne faoin dochar a dhéanann easpa maoiniathe don oideachas agus don Ghaeloideachas ach go háirithe mar a mhíníonn Maria Thomasson ó Chomhairle na Gaelscolaíochta (thíos)
STAD NA CIORRUITHE: Daltaí óga Ghaelscoil an Lonnáin ag déanamh na fírinne faoin dochar a dhéanann easpa maoiniathe don oideachas agus don Ghaeloideachas ach go háirithe mar a mhíníonn Maria Thomasson ó Chomhairle na Gaelscolaíochta (thíos) STAD NA CIORRUITHE: Daltaí óga Ghaelscoil an Lonnáin ag déanamh na fírinne faoin dochar a dhéanann easpa maoiniathe don oideachas agus don Ghaeloideachas ach go háirithe mar a mhíníonn Maria Thomasson ó Chomhairle na Gaelscolaíochta (thíos)

Tá imní mhór léirithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) go mbeidh tionchar níos troime ag na ciorruithe reatha ar bhuiséad an oideachais ar dhaltaí Gaelscolaíochta.

Ceann de na ciorruithe is mó atá déanta ar earnáil na Gaelscolaíochta ná an ciorrú 43% ar mhaoiniú do sheirbhísí tacaíochta réamhscoile lán-Ghaeilge le linn 2023/24. 

Tá tacaíocht do na naíscoileanna lán-Ghaeilge á cur ar fáil faoi láthair ag Altram, atá mar ghrúpa tacaíochta réigiúnach do thograí luathbhlianta lán-Ghaeilge. Is buille mór é seo do sheirbhísí Altram.

Is iad na naíscoileanna bunchloch earnáil na Gaelscolaíochta óir go leanann fórmhór na ndaltaí  ar aghaidh chuig bunscoileanna lán-Ghaeilge. Bheadh tionchar ollmhór ag an chiorrú atá beartaithe ar na seirbhísí seo ar an Ghaelscolaíocht i gcoitinne, ar chumas tuismitheoirí Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí agus mar gheall air sin, ar líon na bpáistí atá ag clárú i suíomhanna lán-Ghaeilge. 

Agus í ag labhairt faoim traith ciorruithe is déanaí ar fud an chórais oideachais – an clár Extended Schools (Clár Sínte Scoile) a  dhírigh tacaíocht ar scoileanna sna ceantair is díothaí san áireamh) – dúirt Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chomhairle na Gaelscolaíochta,  Maria Thomasson, go raibh an beart "ina cúlú suntasach eile don oideachas i gcoitinne, ciorruithe a bheas le mothú níos géire arís in earnáil na Gaelscolaíochta.

"Ós rud é go bhfuil trian de na Gaelscoileanna lonnaithe sa 100 ceantar is díothaí, tá na ciorruithe seo iontach trom ar fad ar dhaltaí Gaelscolaíochta," ar sí.

Tagann an scéala faoi mhaoiniú Extended Schools (Clár Sínte Scoile) seachtainí i ndiaidh fógraí den chineál céanna ag cur deireadh leis an mhaoiniú don chlár Engage, a thacaigh le hathsealbhú teanga i nGaelscoileanna i ndiaidh na paindéime Covid, agus an tionscnamh Happy Healthy Minds, a thacaigh le folláine mhothúchánach na ndaltaí. 

"Anuas air sin," arsa Maria, "cuireadh deireadh le Holiday Hunger Payments, a chuir maoiniú díreach ar fáil do thuismitheoirí le linn tréimhsí saoire, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar pháistí ó theaghlaigh ar ioncam níos ísle.

"Beidh tionchar níos measa ag na ciorruithe seo ar pháistí i nGaelscoileanna ná in earnáil ar bith eile. Cionn is go bhfuil teidlíocht béile scoile saor in aisce níos airde i nGaelscoileanna ná i scoileanna Béarla, beidh impleachtaí ar leith ag na ciorruithe seo do na daltaí is leochailí.

"Chomh maith leis sin, tá tionchar breise ag na ciorruithe ar an bhuiséad Infheistíochta Caipitil do 2023/24 ar earnáil na Gaelscolaíochta mar gheall go bhfuil 60% de Ghaelscoileanna lonnaithe i gcóiríocht shealadach nó i bhfoirgnimh nach bhfuil oiriúnach.

Ar an drochuair, beidh moill bhreise anois ar thógáil scoileanna úra do roinnt Ghaelscoileanna, a ceadaíodh do Chlár Oibreacha Caipitiúla na Roinne Oideachais (2014  agus 2016).

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta i ndiaidh litira chur chuig an Roinn Oideachais ag impí orthu athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh atá acu maidir leis na ciorruithe seo a imreodh drochthionchar ar dhaltaí Gaelscolaíochta agus ar earnáil na Gaelscolaíochta trí chéile," arsa Maria.