Irish-Language

Léargas greannmhar ar an chogaíocht aicme agus ar bhaoithe shaol an lae inniu

BRAON AR BORD: Tá an scannán Triangle of Sadness lán carachtar láidre mar a fheiceann muid thuas, ó chaptaen na loinge, Woody Harrelson, go dtí na baill foirne agus cuid de na paisinéirí, oligarch Rúiseach ina measc. Thíos, tá Yaya (Charlbi Dean, a fuair bás de sepsis go gearr sular tháinig an scannán amach) agus Carl (Harris Dickinson) mar bheirt ‘thionchairí” sna meáin shóisialta
BRAON AR BORD: Tá an scannán Triangle of Sadness lán carachtar láidre mar a fheiceann muid thuas, ó chaptaen na loinge, Woody Harrelson, go dtí na baill foirne agus cuid de na paisinéirí, oligarch Rúiseach ina measc. Thíos, tá Yaya (Charlbi Dean, a fuair bás de sepsis go gearr sular tháinig an scannán amach) agus Carl (Harris Dickinson) mar bheirt ‘thionchairí” sna meáin shóisialta

IS ANNAMH A d’amharcfainn ar scannán atá dhá uair go leith ar fad.

Níor chuala mé iomrá ar bith ar Triangle of Sadness go dtí gur mhol mo mhac dom é nuair a bhí sé féin agus cara leis ar chuairt sa teach againn mar sin shuigh muid síos i ndiaidh an dinnéir le breathnú ar scannán ár chuala mé iomrá riamh ar dhuine ar bith den chliar - seachas Woody Harrelson - nó ar an stiúrthóir, Ruben Östlund, ach bhí mé sásta dul sa seans – ó tharla é a bheith saor in aisce ar Amazon Prime.

Cinneadh iontach a bhí ann mar is fada ó rinne mé an oiread sin gáire ag amharc ar scannán. 

Leoga, bhí an teaghlach ar fad sna trilsí ó thús go deireadh an scannáin a léiríonn chomh baoth, éadrom, gan dealramh is atá saol an lae inniu, go háirithe  i measc na ndaoine a bhfuil na billiúin punt, dollar, euro nó cibé acu.

Tosaíonn The Triangle of Sadness le comórtas do mhainicíní fir. Is lena linn seo a fhaigheann muid amach gurb é atá i dtriantán an bhróin ná an spás sin ar d’aghaidh idir na malaí agus barr chaoil na sróine. 

Is minic a fheictear roic (wrinkles) anseo agus tú ag dul in aois agus tugann sé le fios do dhaoine go bhfuil brón nó fearg, fiú nuair nach bhfuil.

Caitheann na hábhair mainicíní cuma ghruama a chur orthu le héadaí daora a dhíol (Balanciaga) agus aoibh ghaire má tá na héadaí saor (H&M).

(Amharc ar na fógraí do chumhráin agus d’iar-bhearradh chomh maith le héadaí agus gheobhaidh tú amach go bhfuil sé fíor!)

Tá duine de na mainicíní, Carl agus a chailín, Yaya, ar tí turas sómasach mara a dhéanamh ar luamh (a yacht) den chéad ghrád – ní ar mhaithe le grá ach ar mhaithe leis na hurraí (sponsors) atá ag díol as an turas le go gcuirfidh an dís pictiúr den tsó ar Instagram. Tionchairí (influencers) atá iontu, tá a fhios agat!

Ar an chrús céanna, tá daoine thar a bheith saibhir, daoine atá cleachtaithe le gach mian dá gcuid a bheith comhlíonta ar an toirt, is cuma cad é chomh hiomarcach is atá sé.

Má shásaíonn an fhoireann lucht na maoine, gheobhaidh siadsan síneadh láimhe (a tip) thar a bheith mór.

Mar sin de, nuair a iarrann duine de na paisinéirí go dtéann foireann iomlán an bháid a shnámh san fharraige, bíonn tionchar fadtéarma leis. 

A fhad is atá na cócairí amuigh ag snámh, téann an bia ó mhaith.

Tá schadenfreude thar a bheith pléisiúrtha sa scannán nuair a fheiceann muid na billiúnaithe ardnósacha seo ag ithe sliogéisc atá ina luí rófhada agus ní fada go dtosaíonn an t-orla, an caitheamh amach, an bhuinneach i radharcanna atá thar a bheith greannmhar agus uafásach ag an am céanna.

Tá an crús lán carachtar thar a bheith láidir - ar thús cadhnaíochta, tá Woody Harrelson, captaen ciniciúil, Marxach na loinge a chaitheann bunús a chuid ama agus braon ar bord aige (pun intended).

Agus an long ar tí a briste, pléann sé an fhealsúnacht pholaitiúil leis an oligarch Rúiseach Dimitry (Zlatko Buric) agus an bheirt acu stiúgtha meisce, an Meiriceánach ar son an tsóisialachais, an Rúiseach ar son an chaipitleachais!

Leoga, tá an chogaíocht aicme idir an fhoireann agus na paisinéirí ag dul ar aghaidh ar bhord na loinge ach tá gach duine ag iarraidh a bheith deas lena chéile.

Mar bharr ar an donas cad é a fheiceann siad rompu ach buíon d’fhoghlaithe mara ag teacht ina dtreo.

Éiríonn le cuid de na paisinéirí éalú chuig oileán tréigthe, rud a chuirfeadh an scannán  Lord of the Flies i gcuimhne duit.   

Anseo arís, cuirtear ceart diaga (divine right) an uasaicme i gcoinne na ndaoine a dhéanann an obair riachtanach le iad a choinneáil beo.

Tá polaitíocht an ghnéis ar obair ar an oileán agus marthanóirí an longbhriste ag iarraidh teacht ar dhóigheanna le iad féin a choinneáil beo.

Cé go bhfuil Triangle of Sadness, dhá uair go leith, é roinnte ina thrí chuid, bhí idir shiamsaíocht agus lón machnaimh, tráchtaireacht shóisialta agus go leor eile ann go n-amharcfaidh mé air an dara huair agus b’fhéidir uair eile arís.

:: Tá Triangle of Sadness le feiceáil ar Amazon Prime ag amzn.to/3oOEpzP