Go maire tú in amanna suimiúla” a deir na Sínigh - i Sínis ar ndóigh - agus is féidir a rá go bhfuil muid ag mairstin in aimsir thar a bheith corrach. i láthair na huaire maidir le cuid mhór gnéithe, idir bheag agus mhór, ón chogaíocht idirnáisiúnta go dtí an praghas atá ar thrátaí.
B’fhéidir go mbeadh muid chomh buartha sin faoi íoc as ár mbillí fuinnimh agus as peitreal a chur sa charr nach dtig linn an pictiúr mór a fheiceáil.
Chuala mé staitisticí á lua ag David McWilliams ina phodchraoladh an tseachtain seo caite agus déarfainn gur beag duine agaibh a chuala roimhe iad.
De réir McWilliams is é an t-ionchas saoil sláintiúil (healthy life expectancy) do dhaoine sna 20 ceantar is mó faoi mhíbhuntásite ó thuaidh ná 52.
Ciallaíonn sé seo go dtig leis an ghnáthdhuine sna ceantracha sin a bheith ag dúil go mairfidh siad go dtí go bhfuil siad 52 bliain d’aois sula n-éiríonn siad tinn.
Is ionann an t-ionchas soil sláintiúil sin agus an t-ionchas saoil sláintiúil i Sierra Leone, ceann de na tíortha is boichte ar domhan.
Sin sna ceantracha is mó faoi mhíbhuntaiste, ach go ginearálta ó thuaidh, is é 61 an ghnáthaois fholláin.
Ó dheas, 69.7 an t-ionchas saoil sláintiúil, beagnach deich mbliana níos mó ná mar atá sé ó thuaidh.
Is é sin, thig le muintir an deiscirt mairstin deich mbliana níos folláine ná muintir an tuaiscirt.
Agus tá an deisceart níos fearr as ó thaobh cúrsaí oideachais de.
I measc daoine atá idir 25 agus 34 bliain d’aois sa Phoblacht, tá céimeanna ollscoile ag 55% acu i gcomparáid le 41% ó thuaidh.
Cuirtear síos ar 20% de mhuintir an tuaiscirt mar dhaoine a bhfuil “leibhéil ísle oideachais” (low levels of education) acu. Ó dheas, 7% an figiúr.
Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil trian de mhuintir an tuaiscirt “neamhghníomhach sa gheilleagar” nó economically inactive.
“Tá geilleagar an deiscirt naoi n-uaire níos mó ná geilleagar thuaisceart na tíre,” arsa McWilliams
“Is é an rud a fheiceann tú ó thuaidh ná sochaí atá in ísle brí, atá bocht, thar a bheith míshláintiúil ina bhfuil torthaí oideachais thar a bheith íseal.’
Ar a laghad, tá rialtas againn ó thuaidh atá ag dul i ngleic leis an fhadhb. Oh, fan.
Ní raibh an Feidhmeannas ar obair ó bhí mí Feabhra 2022 ann mar thoradh ar agóid an DUP in éadan Phrótacal Thuaisceart Éireann.
Tá dlíthe agus rialacha an Aontais Eorpaí ag smachtú (subjugating) mhuintir an tuaiscirt, á gcur faoi chois.
Bhuel. Éíst leis seo.
“D’fhág muid an tAontas Eorpach ach fós féin, gach dlí a ritheadh sular fhág muid maidir leis an margadh aonair i bhfeidhm go fóill, ag cur mhuintir Thuaisceart Éireann faoi chois,” arsa Bill Cash, doyen lucht Breatimeachta.
Tá an DUP ag gearán ar an téad chéanna faoi na rialacha damanta seo agus “No Stormont while EU rules remain,” arsa Jim Allister, fear an TUV.
Ach cad é na rialacha dochta daingne seo atá Johnny Foreigner ag brú ar mhuintir an tuaiscirt? Cad é an bithiúntas atá ar siúl acu?
Tá an freagair is fearr le fáil ar twitter agus ag taighde atá déanta ag fear darb ainm, Jim Grace.
Lean é má tá suim agat i bpolaitíocht na Breataine agus léigh a chuid altanna ar Byline News.
Luaigh mé an scéal seo ar na leathanaigh seo roimhe, ach tá sé thar a bheith tábhachtach.
Thiar in 2019, rinne Grace taighde ar thionchar na hEorpa ar reachtaíocht na Breataine ó rinneadh ball den Ríocht Aontaithe i 1973.
Scríobh Grace (@mac_puck) dhá shnáithe, ceann acu faoi dhlíthe an AE ar vótáil Rialtas na Breataine ina n–éadan ach a cuireadh i bhfeidhm mar sin féin agus ceann eile faoi na hamanna a d’aimsigh an ECJ i gcoinne Rialtas na Ríochta Aontaithe.
Scríobh Grace gur ritheadh 4,514 píosa reachtaíochta ó chláraigh an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach.
De réir taighde a rinne Teach na dTeachtaí, as 34,105 píosa reachtaíochta a chuaigh fríd Westminster, bhí tionchar ag an Eoraip ar 4,514 acu agus astu sin, níor ritheadh ach 72 a bhí éadan thoil Westminster, gach ceann acu a bhí le leas daoine coitianta.
Sin an fáth gur tháinig an ECJ isteach.
Mar a scríobh Grace: “I discovered that WE were the bad guys in EVERY SINGLE case” maidir leis an reachtaíocht ar chuir an Bhreatain ina coinne.
Mar shampla: in 09-07-91, thug an Bhreatain iarracht a uiscí teorann (territorial waters) a bhogadh amach níos faide, ag dúil nach dtabharfadh duine ar bith faoi deara!
25-11-92: Bhí an Bhreatain i bhfách le huisce a bhí do-ólta maith go leor i dtáirgeadh bia (food production).
29-01-04: Theip ar an Bhreatain bearta a ghlacadh chun oibrithe agus an pobal a chosaint ar an radaíocht.
13-11-2001: Dúirt an ECJ leis an Bhreatain go raibh a thránna cáidheach. Ní dhearnadh a dhath.
Agus téann sé ar aghaidh agus ar aghaidh. 72 acu.
Mar sin, má chluineann tú ball den DUP nó den Pháirtí Coimeádach ag cáineadh Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, tá siad ag iarraidh saoirse le airgead a dhéanamh do chomhlachtaí móra beag beann ar na contúirtí do shláinte dhaoine.
Bhí an t-ionsaí seo ar an ECJ fite fuaite i gceist an Phrótacail.
Níl aonduine ag rá nach raibh fadhbanna leis an Phrótacal ach réitíodh cuid mhór acu mar thoradh ar Chreat Windsor cé go bhfanann cuid eile.
Ach nach bhfuil sé dochreidte go bhfuil páirtí Jeffrey Donaldson ag diúltú aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna a luadh ag tús an ailt seo agus é ag troid in éadan dhlíthe de chuid an AE a mbeidh daoine anseo ag mairstin fúthu, bunús acu atá dírithe ar dhaoine a chosaint.
Tá seasamh an DUP ag éirí níos cruálaí agus níos seafóídí lá i ndiaidh lae.