Irish-Language

Go leor ábhar machnaimh le linn Scoil Gheimhridh Charlie Donnelly

BERNADETTE MCALISKEY: Bhí an gníomhaí pobail agus laoch de chuid na gceart sibhialta ó thuaidh ag caint le linn Scoil Gheimhridh Charlie Donnelly ar an bhagairt ón eie dheas an deireadh seachtaine seo caite.
BERNADETTE MCALISKEY: Bhí an gníomhaí pobail agus laoch de chuid na gceart sibhialta ó thuaidh ag caint le linn Scoil Gheimhridh Charlie Donnelly ar an bhagairt ón eie dheas an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí am ar dóigh agam i nDún Geanainn an Satharn seo caite agus mé ag freastal ar Scoil Gheimhridh Charlie Donnelly.

Ag Cnoc Uí Néill-Teach Ranfurly, chualathas cainteanna agus rinneadh plé ar idéalacha Uí Dhonnghaile, ar file agus réabhlóidí sóisialach é a fuair bás i 1937 le linn Chath Jarama i rith Chogadh Cathartha na Spáinne.

Ar an drochuair, ní thiocfadh liom a bheith ag seisiún na maidne, ach má bhí sé chomh suimiúil leis an dara ceann, bhí sé ar dóigh.

Is é Gearóid Ó Machail as an Bhinn Bhorb i gContae Thír Eoghain a chuir síos ar théamaí scoil samhraidh na bliana seo.

“Tá an domhan thar a bheith contúirteach i láthair na huaire agus teannas fás idir SAM, an tAontas Eorpach, NATO agus Cónaidhm na Rúise mar gheall ar an chogadh san Úcráin agus le fás na heite deise anseo agus thar lear,” arsa Gearóid.

“Tá daoine ag iarraidh fuath agus éadulaingt a scaipeadh ar na mionlaigh atá ina gcónaí inár bpobail. 

“Is iomaí macalla de chuid na 1930idí a bhaineann leis an mheascán tocsaineach d’fhíordhomhanchas na heite deise agus de bhuaileam sciath i measc fórsaí geopholaitiúla iomaíocha.

“Thuig Charlie Donnelly agus a chomrádaithe sna Briogáidí Idirnáisiúnta go rímhaith na

contúirtí don tsíocháin dhomhanda a bhain le scrios an daonlathais sa Spáinn ag lámha fórsaí faisisteach faoin Ghinearál Franco agus a

chomhghuaillithe sa Ghearmáin Naitsíoch agus san Iodáil ina raibh Mussolini i réim.

“Ar an drochuair, san am sin, níor tugadh aird ar bith ar na glórtha a d’éiligh deireadh a chur leis an fhaisisteachas, leis an míleatacht agus leis an chogaíocht impiriúil.

“Scrúdóidh an Scoil Gheimhridh seo i nDún Geanainn na téamaí práinneacha seo agus fiosróidh muid na roghanna atá ar fáil sa streachailt lenár neodracht a chaomhnú agus an tsíocháin a chur chun cinn,” arsa Ó Máchail.

Ansin chuir sé an chéad chainteoir den tráthnóna, Bahman Azad, Iaránach-Meiriceánach atá ag obair ar son na síochána ó bhí na 1970idí ann, a raibh rudaí tromchúiseacha le rá aige.

Chuir sé an locht ar a bhfuil ag titim amach san Úcráin ar ghuaillneacha an iarthair.

“Níos mó ná rud ar bith eile, is toradh díreach é an ghéarchéim seo ar iarrachtaí impiriúlacha na Stát Aontaithe agus na hEorpa an

Rúis a thimpeallú fríd NATO a leathnú soir chuig teorainneacha na Rúise san Úcráin, rud a chuirfeadh bagairt eiseach ar shlándáil de Chónaidhm na Rúise,” arsa Azad. 

“Ach is cuma cad é an dearcadh atá againn ar cad é atá taobh thiar den chogadh san Úcráin, ní féidir linn a shéanadh gurb é an toradh a bheidh leis a chinnfidh cúrsa na daonnachta ina iomláine amach anseo.

“Níl aon amhras ach go mbraitheann síocháin agus slándáil dhomhanda na náisiún uile ar ordú idirnáisiúnta a chruthú agus é bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach i gCairteanna na Náisiún Aontaithe,” ar sé.

Ansin, labhair an tOirmhinneach Mark Gray, ó Eaglais Phreispitéireach Thaobh na Banna faoin fhrithchoilíneachas atá sa Bhíobla.

Labhair sé faoina thaithí sa Mhaláiv agus in Taiwan ach ba mhó a labhair sé ar an fháidh Íseáia agus an méid a bhí le rá aige faoin impiriúlachas, tráth a raibh an Bhablóin i réim, réimeas a bhí cosúil le Stáit Aontaithe an lae inniu lena satailítí ar fud na cruinne.

Bhí sé thar a bheith suimiúil ach is dócha gurbh í Bernadette McAliskey an t-aoi is mó a raibh daoine ag dúil léi – agus ní raibh duine ar bith meallta.

Ag caint gan nótaí, labhair sí go paiseanta faoi fhás na heite deise ach luaigh sise an Bíobla fosta.

“Is mise an t-aon Chaitliceach  amháin a casadh riamh orm a  léigh an Bíobla,” ar sí.

“Sin mar gheall ar údarásaíochas na hEaglaise Caitlicí. Dá mba mhian leat fios a bheith agat cad é a bhí sa Bhíobla, chuir tú ceist ar shagart na paróiste,” ar sí agus aoibh gháire uirthi.

Chuir sí daoine óga an lae inniu maidir leis na Trioblóidí  i gcomparáid le daoine óg go díreach i ndiaidh an dara chogadh domhanda.

Is ar éigean a thuigeann “glúin Chomhaontú Áoine an Chéasta”: uafáis na coimhlinte abhus agus is ar éigean a thuig daoine a bhí óg sna 1950idí uafáis an fhaisisteachais ba chúis leis an léirscrios idir 1939-1945.

“Cad é an difríocht idir a bheith i bhfad amach ar an eite dheas  agus a bheith i ngiorracht ar an eite dheas?” a d’fhiafraigh sí.

Bá é Mussolini, deachtóir na hIodáile, a chum an focal fascismo, mar rud maith.

Bhailigh na faisistigh luatha comhábhair a bhfealsúnachta - ginealach, ómós don aimsir ársa, athaontú na tíre, agus bhain siad tairbhe as díomá agus bochtaineacht mhuintir na hIodáile i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda le iad féin a chur chun tosaigh agus fuath a chothú do dhaoine nach raibh mar chuid de chroí-chine an náisiún.

Rinne Franco an rud céanna sa Spáinn agus Hitler sa Ghearmáin.

“Agus ná déanaigí dearmad, toghadh Hitler ar bhonn daonlathach. Vótáil daoine ar a shon. Níor ghabh sé cumhacht. 

“Faoin am ar bhain sé an pointe sin amach, bhí ealaín na bolscaireachta foirfe aige,” arsa McAliskey agus ní chaitheann muid amharc ró-fhada lena mhacasamhail a fheiceáil gar dúinn féin, go háirithe nuair atá na meáin shóisialta ag scaipeadh an fhuatha gan srian.

“Daoine a deir nach bhfuil go leor spáis in Éirinn. Go bhfuil daoine ‘dár gcuid féin gan dídean,” ar sí.

Ar na rudaí deireanacha a chuala mé sular imigh mé, cuireadh ceist ar McAliskey faoin fheimineachas.

Thug sí amach faoi mhórcheannas fheiminigh as an Eoraip ar an cheist ach maidir le cearta trasinscne, dúirt sí: “Is bean mé. Feimineach nach bhfuil in ann glacadh le mná trasinscneacha, is bean í atá ar an bhealach le bheith ina faisisteach.”