Irish-Language

Aineolas, séanadh agus dímheas ar an Ghaeilge á léiriú i dTeach na dTiarnaí

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">i bhF&Aacute;CH: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Seat sc&aacute;ile&aacute;in &oacute; na himeachta&iacute; i dteach uachtarach Pharlaimint Westminter D&eacute; M&aacute;irt inar chuir an Tiarna Jonathan Caine <em>(thuas)</em> an Bille F&eacute;ini&uacute;lachta agus Teanga chun cinn thar cionn an rialtais&nbsp;</span>&nbsp;
i bhFÁCH: Seat scáileáin ó na himeachtaí i dteach uachtarach Pharlaimint Westminter Dé M&a i bhFÁCH: Seat scáileáin ó na himeachtaí i dteach uachtarach Pharlaimint Westminter Dé Máirt inar chuir an Tiarna Jonathan Caine (thuas) an Bille Féiniúlachta agus Teanga chun cinn thar cionn an rialtais  

Cuid mhór den am, ba chosúla le Halla Oráisteach é Teach na dTiarnaí i Westminster Dé Máirt, bhí an oiread sin naimhdis in éadan na Gaeilge le cluinstin ann.

Bhí The Right Honourable the Lords Spiritual and Temporal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland in Parliament assembled – mar a thugtar go foirmiúil ar Theach na dTiarnaí – ag plé dara léamh an Bhille Féiniúlachta agus Teanga, Tuaisceart Éireann agus má bhí Gaeilgeoirí ar bís go mbeadh an tAcht a chuirfeadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an Bhéarla ó thuaidh ag gluaiseacht ar aghaidh, bheadh dul amú orthu.

Ag an tús, thar cionn an rialtais, chuir an Tiarna Caine síos ar a mbeadh san Acht, a léireodh “éagslacht mhór fhéiniúlachta agus theanga Thuaisceart Éireann” rud a “d’fheabhsódh, a shaibhreodh agus a neartódh Ríocht Aontaithe s’againn,” ar sé.

Do Ghaeil, thosaigh cúrsaí go maith. D’fhiafraigh an banbharún Goudie (Lucht Oibre), ar de shliocht Éireannach í, an raibh clár ama ann don reachtaíocht agus dúirt sí go mbeadh sí féin agus a comhghleacaithe “ag cur leasuithe isteach sna laetha a bhí rompu.”

Dúirt an banbharún Suttie go gcuireann na Daonlaithe Liobrálacha fáilte roimh an Bhille, cé gur mhairg leo gur tháinig sé fríd Westminster agus ní Stormont.

Cheistigh sí an raibh sé ceart go mbeadh toil an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire de dhíth le caighdeáin Ghaeilge a chur i bhfeidhm, rud a dtiocfadh leis moill a chur le gach aon mholadh.

B’ansin a tháinig seal na nAontachtach agus thapaigh siad an deis, ní amháin díspeagadh a dhéanamh ar an Ghaeilge, a ndíobháil tuigse ar phobal labhartha na teanga agus an dul chun cinn atá déanta aige le corradh agus leathchéad bliain a léiriú, an easpa eolais atá acu ar stair na Gaeilge agus guth a thabhairt dá naimhdeas don chultúr Gaelach. Agus níos mó.    

Ar tús, labhair an Tiarna Bew, staraí agus iarchomhairleoir de chuid David Trimble.

Cheangail sé an tAcht Féiniúlachta agus Teanga leis an phrótacal mar a rinne go leor eile.

Ar chúis éigin, luaigh sé De Valera á rá gur chaill muintir na tíre suim sa teanga i ndiaidh iad neamhspleáchas amach agus go mbeadh trodairí ar son na saoire meallta faoi líon na ndaoine a líon isteach an daonáireamh i nGaeilge.

Mar staraí, shílfeá go mbeadh tuigse éigin aige ar an 700 bliain a tháinig roimhe agus tionchair an choilíneachais chultúir.

Dúirt Lord Browne of Belmont (Wallace Browne) gur léirigh a pháirtí, an DUP, go raibh siad in éadan reachtaíocht Ghaeilge cionn is go dtabharfadh sé tús áite don Ghaeilge ar an Bhéarla (seafóid), go n-imreodh sé leatrom ar dhaoine nach raibh an teanga acu agus mhol sé go dtabharfadh an rialtas Cúnant na bhFórsaí Armtha isteach ar mhaithe le cothromaíocht (seafóid).

Fuair Lord Moylan cead a chinn a bheith ag cur thairis faoi Dhaingean Uí Chúis, an ginmhilleadh agus an prótacal sular tháinig réalta na n-imeachtaí, an Banbharún Hoey, Catharine Letitia Hoey, as Maigh Bhloisce.

Níor chuir sí a cuid ama amú agus an aidhm aici aghaidh a thabhairt ar “na miotais agus ar an bholscaireacht” a bhain leis an reachtaíocht a bhí faoi chaibidil.

Cháin sí teideal an Bhille ag rá go raibh a fhios ag an saol mór gur Acht neamhspleách Gaeilge a bhí ann, le sop don Albanais Uladh caite isteach.

Mhaígh sí gur “airgead fuascailte” (a ransom payment) do Shinn Féin a bhí ann. Rinne sí beag is fiú den argóint gur bhain cearta teanga le cearta daonna. Tá an Ghaeilge á foghlaim, á labhairt agus á cleachtadh ar fud na sé chontae.

Miotas atá ann go bhfuil leatrom a imirt ar an teanga agus ar lucht a labhartha, dar léi. Is mó líon na gcainteoirí Polainnise nó Sínise atá ó thuaidh ná cainteoirí Gaeilge.

“Ní tír eitneach lena teanga dhúchais féin í Tuaisceart Éireann, ó cuireadh tús leis i 1921-22, murab ionann agus Poblacht na hÉireann” ar sí.

Mhaígh sí arís gur uirlis í an Ghaeilge atá á úsáid ag poblachtánaithe an tuaisceart a bhogadh isteach in Éirinn Aontaithe.

Rinne an banbharún Hoey tagairt do chogaíocha an chultúir ina bhfuil tús áite á thabhairt do náisiúnaithe agus bratach na Breataine a bhaint anuas agus ionsaí á dhéanamh ar chultúr na dtinte cnámh agus ar mháirseálacha Oráisteacha.

Cháin Lord Hay costas ard phas na Breataine, rud a bhí ag treorú daoine chuig pasanna Éireannacha.  

Mhaígh sé go bhfaigheann an Ghaeilge £170 milliún ó Fheidhmeannas (if only!).

Thóg Lord Morrow ceist Bhéarla na hÉireann (whaa?) sular tháinig seal Willie McCrea.

“No one can deny that the Irish language has been weaponised by Sinn Féin and the SDLP,” ar sé agus lean ar aghaidh ar an téad chéanna.

Labhair tiarnaí eile ach bhí mé ag titim i mo chodladh faoin am seo.

Ar deireadh, d’fhreagair an Tiarna Caine cuid de na ceisteanna a cuireadh.

Dúirt sé go mbainfeadh an reachtaíocht an nimh as an cheist.

Dúirt sé gur faoi Fheidhmeannas Stormont a bheadh sé an maoiniú a bheadh ceangailte leis an Acht a dháileadh fríd an Block grant. Bheadh ar an fheidhmeannas bearta na reachtaíochta a chur chun cinn.

Cháin sé Baroness Hoey nuair a dúirt sí gur Acht neamhspleách Gaeilge a bhí ann.

“Ní athraíonn, ní laghdaíonn sé ná ní chuireann sé isteach ar stádas an Bhéarla mar theanga de facto Thuaisceart Éireann,” ar sé.

“Ní chiallaíonn an reachtaíocht go mbeidh an Ghaeilge nó Albainis Uladh éigeantach i scoileanna, agus níl sé éigeantach  comharthaí bóthair nó sráide dátheangacha a chur in airde.

“Beidh sé sin ina cheist do na comhairlí áitiúla,” ar sé.

Ag amharc ar na himeachtaí, chronaigh mé go mór dearfacht, fadradharcacht, oscailteacht, sprid agus spraoi phobal na Gaeilge.

Chuir an rud ar fad gruaim orm ach glacadh leis an dara léamh - away leis an Bhille Féiniúlachta agus Teanga chuig Céim an Choiste.