Irish-Language

“An foclóir is mó Gaeilge” á chur le chéile

<strong>AN DR TRACEY N&Iacute; MHAONAIGH:</strong> T&aacute; focl&oacute;ir She&aacute;in a' Ch&oacute;ta le f&aacute;il ar l&iacute;ne a bhu&iacute;ochas do Shen&aacute;n &Oacute; Coist&iacute;n a thugann aitheantas don Dr N&iacute; Mhaonaigh as an obair a rinne s&iacute; ar na bhunchaip&eacute;is&iacute;
AN DR TRACEY NÍ MHAONAIGH: Tá foclóir Sheáin a' Chóta le fáil ar líne a bhuíochas do Shenán Ó Coistín a thugann aitheantas don Dr Ní Mhaonaigh as an obair a rinne sí ar na bhunchaipéisí

AR AN SUÍOMH gréasáin www.focla.ie, tá tús curtha leis an obair chun an foclóir Gaeilge is mó riamh, Croidhe Cainnte Chiarraighe, a chur ar fáil le litriú caighdeánach chun go mbeidh sé oiriúnach do dhaoine ar na saolta seo.

Ba é Seán Óg Ó Caomhánaigh (1885–1947), nó Seán a’ Chóta mar a tugadh air, a chuir an foclóir i dtoll a chéile ó 1935-42. Ba as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne i gcontae Ciarraí do Sheán a’ Chóta, fear a raibh Gaeilge den scoth aige agus sáreolas ar shaibhreas na Gaeilge a cheantar dúchais aige.

Bhronn an Roinn Oideachais conradh ar Sheán a’ Chóta chun foclóir bunaithe ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne a dhíolaim ach ní raibh súil ag an Roinn go mbeadh sé ollmhór ach bhí Seán Óg Caomhánach thar a bheith díograiseach agus cuimsitheach ina shaothar mar fhoclóirí.

Bhí sé ar intinn ag an Roinn Oideachais an foclóir a fhoilsiú ach bhí sé chomh mór sin nár foilsíodh riamh ós rud é go mbeadh sé thar a bheith daor é a chur i gcló. 

Ach oireann an gréasán domhanda go mór d’fhoclóirí mar is féidir i bhfad níos mó eolais a chur ar fáil agus is féidir comhaid fuaime agus nithe eile a chur leis na focail chun go mbeidh tuiscint iomlán ag an úsáideoir ar na focail. 

Tá tábhacht stairiúil le Croidhe Cainnte Chiarraighe fosta mar scríobhadh é ag deireadh na 1930í agus tús na 1940í. Tá na habairtí samplacha breac le tagairtí d’Éamonn de Valera, Neville Chamberlain, Winston Churchill, Hitler, Mussalini, Stalin, agus Franklin Roosevelt. 

Ar www.focla.ie, is féidir na focail agus na habairtí a scríobh Seán Óg Caomhánach a fheiceáil ina litriú bunaidh ach le brú cnaipe, is féidir an litriú a thiontú go dtí an litriú caighdeánach. 

Is féidir gach rud ann a chaighdeánú a bhuí le API a rinne Kevin Scannell, ollamh le matamaitice agus ríomhaireachta in Ollscoil Saint Louis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is as Cill Choca, contae Chill Dara do Sheanán Ó Coistín. Is aistritheoir Gaeilge é agus fad agus a bhí sé ag obair mar aistritheoir Gaeilge i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg, chuir sé eolas ar Chroidhe Cainnte Chiarraighe. Níorbh eol dó go raibh a leithéid ann agus shíl sé go mór an trua é nach raibh sé ar fáil don phobal chun go mbeadh mic léinn agus aistritheoirí in ann tairbhe a bhaint as an bhfoclóir.

Ba í Tracey Ní Mhaonaigh (sa phictiúr thuas), léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, a rinne an obair ba thábhachtaí chun Croidhe Cainnte Chiarraighe a chur ar fáil. 

Chaith sí tamall fada sa Leabharlann Náisiúnta ag athscríobh ó 29 gcóipleabhar na focail agus na nathanna a scríobh Seán Óg na Caomhánach. 

Chuir Tracey Croidhe Cainnte Chiarraighe ar fáil mar chomhad PDF a bhfuil breis agus 4,000 leathanach ann.

Chruthaigh Ó Coistín www.focla.ie mar thionscadal ríomhaireachta mar chuid de chúrsa le Code Institute, comhlacht oiliúna Éireannach a mhúineann cúrsaí ríomhaireachta. 

Tá gnólacht gréasáin aige www.buachaill.com ag díol fobhrístí gaelacha agus aistríonn sé ríomhchláir go Gaeilge. Is é a d’aistrigh formhór WhatsApp go Gaeilge.