Irish-Language

Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach – ag croí an phobail in am an ghá

NÍ grúpa iad lucht na Gaeilge atá scoite ón mhór-phobal thart orthu – go minic, tá siad mar fhoinse inspioráide agus fuinnimh do ghrúpaí atá in ísle brí mar a léirigh grúpa amháin i gContae Aontroma.

Tá an Gaelphobal i gCromghlinn níos mó ná 25 bliain anois ar an fhód agus iad lárnach in achan réimse de phobal an cheantair. 

“Cuireadh in iúl do Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach i gCromghlinn, atá mar lárionad Gaeilge sa cheantar, go raibh éileamh mór ar threalamh cosanta pearsanta, go háirithe do na hoibrithe sláinte,” arsa Caitrín Uí Mhurchú. 

D’éagraigh ITGD agus ionadaí áitiúil Annemarie Logue foireann mná fuála agus tiománaí le seo a éascú. 

Tháinig pobal Gaelach Chromghlinne in éineacht le daoine ó Lann Abhaigh, Béal Feirste agus an pobal nua ó Shiria le chéile, 32 oibrithe deonacha ag obair go díograiseach le chéile. Rinneadh breis agus 300 culaith mháinliachta, 280 maisc, agus 70 cealtracha. 

Baineadh úsáid astú in ospidéal an RVH, Lagan Valley, Aontroim, Craigavon agus i dteach cúraim áitiúla.

Ar na grúpaí a thug tacaíocht dúinn, bhí Mad About Fabric; JMK Textiles, Lurgan; ANBC ;TESCO Crumlin agus Fibrous Gas.