Irish-Language

Caitheann muid aghaidh a thabhairt ar an bhorradh atá faoin eite dheas

<b style="font-family: 'Lucida Grande', 'Lucida Sans Unicode', 'Lucida Sans', LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">BREACADH &Oacute;RGA AN LAE?: </b><span style="font-family: 'Lucida Grande', 'Lucida Sans Unicode', 'Lucida Sans', LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">T&aacute; taca&iacute;ocht mh&oacute;r anois ag gr&uacute;pa&iacute; i bhfad amach ar an eite dheas ar fud na hEorpa, lucht taca&iacute;ochta Golden Dawn ina measc (thuas) ach cad chuige a bhfuil p&aacute;irtithe a bhfuil cl&uacute; an daonlathais orthu ag tabhairt sochair d&oacute;ibh?</span>&nbsp;
BREACADH ÓRGA AN LAE?: BREACADH ÓRGA AN LAE?: Tá tacaíocht mhór anois ag grúpaí i bhfad amach ar an eite dheas ar fud na hEorpa, lucht tacaíochta Golden Dawn ina measc (thuas) ach cad chuige a bhfuil páirtithe a bhfuil clú an daonlathais orthu ag tabhairt sochair dóibh? 

Níl muid ag iniúchadh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an eite dheas san Eoraip mar is ceart, de réir Liz Fekete, stiúrthóir Institiúid na gCaidreamh idir ciníocha/The Institute for Race Relations i Sasana.

Bhí Liz i mBéal Feirste le linn Fhéile an Phobail an mhí seo le labhairt ar a leabhar úr, Europe’s Fault-lines: Racism and the Rise of the Right ina bhfuil sí ag iarraidh “bealach úr a thabhairt do dhaoine le smaoineamh a dhéanamh ar theacht chun cinn na ngrúpaí seo atá i bhfad amach ar an eite dheas.

“Bunús an ama, ní chluin tú faoina bhfuil ag titim amach san Eoraip ach le linn tréimhsí toghchánaíochta,” ar sí.

“Mar shampla bhí toghchán ansin sna Iodáil agus toghadh fear uafásach darb ainm Matteo Salvini mar Aire Gnóthaí Baile agus mar Leas-Uachtarán na hIodáile.

“Tháinig imní orainn go raibh Marie Le Pen ag déanamh go maith sa toghchán Uachtaránachta sa Fhrainc.

“Ag an am céanna, insíonn na meáin dúinn go mbaineann na gluaiseachtaí le hantoisceachas, an t-antoisceachas Moslamach nó antoisceachas na heite deise.

“Caith amach an anailís sin má tá tú ag iarraidh a bhfuil ag titim amach san Eoraip a thuigbheáil,” a mholann Liz.

Deir sí go gcaitheann muid amharc ar na naisc idir an stát agus na grúpaí den eite chrua dheas seo ach tá gluaiseachtaí éagsúla idir na grúpaí seo féin.

“Tá sciar áirithe ann a fheiceann iad féin mar chomharbaí díreacha Mussolini nó comharbaí Hitler agus na bpáirtithe Naitsíocha ach tá grúpaí eile ann nár bunaíodh go dtí na 1990idí chun troid a dhéanamh in éadan na hinimircíochta agus níl siad seo ceangailte le traidisiúin sheanbhunaithe na heite deise.

“Sin ráite, deir cuid acu go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le traidisiún na hidirbheartaíochta in éadan ionradh na Naitsithe ach anois tá siad ag streachailt in éadan ionradh na Moslamach agus na n-inimirceach.”

Ach is e an ceangal ata ag na grúpaí den eite dheas leis an stát an rud is suntasaí agus ceangailte leis sin, an borradh atá faoin pharaimíleatachas ar fud, dar le Liz.

Tá an claonpháirteachas forleathan ar fud na hEorpa ach luann sí an Ghréig ach go háirithe.

“De gnáth, le vótaí a phiocadh suas, caitheann tú an t-antoisceachas agus do theachtaireachtaí foréigneacha uait le daoine measúla a mhealladh ach ní mar sin a bhí Laïkós Sýndesmos nó Golden Dawn,” ar sí.

“Ag an toghchán deireanach, ba iad an tríú grúpa ba mhó sa Ghréig. Bhí dronga acu a chuaigh amach ar inneall rothair, iad uilig gléasta in éadaí dubha go ceantracha ina raibh inimircigh le drochíde a thabhairt dóibh.

“Agus chuaigh sé seo ar aghaidh ar feadh i bhfad gan bac ar bith ón rialtas – cé go raibh baill Golden Dawn ag troid le baill eile sa pharlaimint féin – go dtí gur léiríodh go raibh gníomhaithe na heagraíochta ag feidhmiú taobh istigh de rannóga san Arm ar mhaithe le coup a chur ar bun. 

Bhí siad gníomhach san fhórsa frith-chíréibe, sa phóilíneacht fhríth-sceimhlitheoireachta agus bhí tionchar mór acu ar Eaglais Cheartchreidmheach na Gréige.

“Ach níor bhog an rialtas ina n-éadan go dtí gur fhoghlaim siad go raibh siad ag beartú coup d’etat,” arsa Liz.

Agus tá sé mar a gcéanna ar fud an hEorpa, tá rialtais ag damhsa le port na heite deise, rialtais i dtíortha a bhfuil clú na caoinfhulaingthe orthu, an Danmhairg mar shampla.

Anseo féin, tá an rialtas ansin i ndiaidh “liosta geiteonna” a chur amach.

“Tá ráite acu go bhfuil 50 limistéar sa Danmhairg atá ina ngeiteonna,” arsa Liz.

“Tá sé seo áiféiseach mar is tír shaibhir í an Danmhairg agus níl geiteonna ar bith sa chaill socheolaíoch den fhocal sa tír.

“Ach más duine óg thú atá i do chónaí i gceann de na limistéir gheiteo seo, má bhíonn tú cúisithe as ceann de réimse coireanna, d’fheadfadh go ngearrfaí a dhá oiread de phionós ort ná mar a ghearrfaí ar dhuine eile nach bhfuil bhfuil chónaí air sa cheantar a fháil,” arsa Liz.

Ach tá an argóint bogtha an oiread sin go dtugann daonlathaigh shóisialacha sa Danmhairg tacaíocht don liosta geiteonna.

Tá Liz ag déanamh staidéir ar an dóigh a bhfuil an sochaí ag athrú go mór agus ag glacadh le prionsabail dúchasach nó nativist principles, is é sin “tír s’againne ar tús”, agus “muintir s’againne roimh gach duine eile.”

::Europe’s Fault-lines: Racism and the Rise of the Right le Ruth Fekete foilsthe ag Verso Books.