Irish-Language

Scannán a thugann léargas dúinn ar na rudaí a spreag gníomhaí IRA

<b>DOLOURS PRICE: </b>Tagann glor Dolours &oacute;n uaigh chugainn i scann&aacute;n &uacute;r a chuireann a c&uacute;lra, a gniomhartha agus a bar&uacute;lacha l&aacute;idre os &aacute;r gcomhair ina gcuid focal f&eacute;in. F&uacute;inne at&aacute; s&eacute; caill a bhaint as an scann&aacute;in faisn&eacute;ise thar a bheith cumhachtach seo
DOLOURS PRICE: Tagann glor Dolours ón uaigh chugainn i scannán úr a chuireann a cúlra, a gniomhartha agus a barúlacha láidre os ár gcomhair ina gcuid focal féin. Fúinne atá sé caill a bhaint as an scannáin faisnéise thar a bheith cumhachtach seo

BHUEL, ní sin an scannán a raibh mé ag dúil leis! Is doiligh gan éisteacht leis an ruaille buaille a bhaineann le scannán sula dtagann sé amach agus bhí go leor cur agus cúiteamh faoi I Dolours sna meáin le cúpla seachtain anuas. Agus ní nach ionadh.

Insíonn I Dolours scéal Dolours Price ina focail féin in agallamh a rinne an t-iriseoir Ed Moloney léi taobh amuigh den togra ar tugadh Teipeanna Choláiste Bhostúin orthu. 

Feiceann muid ann bean thar a bheith casta, crua agus goilliúnach ag an am céanna. Diongbháilte ach amhrasach. déantóir coireanna agus íobartach.

I socrú a rinne sé le Price, gheall Moloney di nach gcraobhscaoilfí an taifead go dtí go raibh sí marbh. Fuair sí bás i mí Eanáir 2013 i ndiaidh í meascán de chógas támhacháin agus frithdhúlagráin a ghlacadh.

Is scannán é I Dolours a chuirfidh do threoir mhorálta ag imeacht bealach amháin agus bealach eile. 

Ball den IRA a admhaíonn gur thiomáin sí daoine a fhad lena mbásanna, Jean McConville ina measc, bhí Dolours Price mar bhall de “The Unknowns” meitheal de chuid an IRA a raibh sé de dhualgas orthu daoine a mharú agus iad a chur as radharc.

Bean nár chuir fiacail ann agus í ag caint ar cheart an IRA daoine a mharú, bíodh siad i Londain nó in áit ar bith eile ach ba mhó an ghráin a bhí aici do sceithirí. Níor dhaoine iad duine ar bith a rinne feall ar an “ghluaiseacht.”

Tá an scannán thar a bheith soiléir faoi chúlra Price.

D’fhás sí aníos i dteaghlach poblachtach i mBéal Feirste. Chaith a hathair, a máthair agus a máthair mhór sealanna i bpríosún roimpi. 

Anuas, air seo, tharla tubaiste uafásach dá haintín, Bridie Dolan, nuair a chaill sí a dhá lámh agus a dhá shúl nuair a phléasc buama a bhí ina lámh aici gan coinne.

Chaitheadh Dolours óg agus a deirfiúr Marian toitíní a chur i mbéal Bridie nuair a bheadh fonn caite uirthi.

Agus an cúlra seo aici, nuair a d’iompaigh an ghluaiseacht chun cearta sibhialta a bhaint amach ina chogadh armtha ó thuaidh, chláraigh Dolours leis an People’s Democracy agus bhí sé i measc na ndaoine óga a bhí ar an mhórshiúil ó Bhéal Feirste go Doire a d’ionsaigh dílseoirí i mí Eanáir, 1969 ag Bun Tolaide.

Sa scannán, deir Price gur amharc sí isteach i súile lán fuatha duine de na hionsaitheoirí agus thuig sí ansin nach raibh an stát o thuaidh doleasaithe. Chinn sí ar dhul isteach san IRA.

Mar a scríobh WB Yeats: “Too long a sacrifice/Can make a stone of the heart” agus bhí Dolours Price sásta rudaí uafásacha a dhéanamh ar son na gluaiseachta, go minic  i gcuideachta a deirféar ionúine, Marian.

Labhraíonn sí go fuarchúiseach ar chuid de na gníomhartha a raibh sí páirteach iontu go dtí an ceann deireanach, buamáil an Old Bailey i Londain i 1973, an eachtra a thuill tréimhse príosúnachta 20 bliain di féin agus do Marian.

Tosaíonn an bheirt acu ar stailc ocrais láithreach agus anseo, athraíonn an duine ag caint os ár gcomhair amach mar dhéantóir coireanna/throdaí ar son na saoirse ina híobartach.

Tá na radharcanna ina bhfuil Dolours á cothú in éadan a thola thar a bheith cumhachtach.

208 lá a bhí an bheirt dheirfiúracha ar stailc ocrais agus cuireadh píobáin isteach ina mbéal le bia a rinneadh i meascthóir bia ar feadh 180 lá acu sín.

Rinne sé seo dochar fisiciuil agus meabhrach dóibh agus tháinig anaireicse orthu beirt.

“I 1975, aistríodh na deirfiúracha (chomh maith le Hugh Feeney agus Gerry Kelly) go príosúin i dtuaisceart na hÉireann go dtí gur saoradh Dolours agus Marion i 1980.

I ndiaidh í teacht amach ón phríosún, phós Dolours an t-aisteoir Stephen Rea agus bhí beirt mhac acu.

An tráth seo, mar a bhí i 1969 nuair a chonaic sí ceannaireacht an IRA ag imeacht leo, dar léi, agus an pobal a fhágáil gan cosaint, rud a chuir déistin uirthi, bhí Dolours go dubh in éadan straitéis síochána Shinn Féin.

Fealltóirí a bhí iontu dar léi, d’oidhreacht a theaghlaigh. Theip orthu an cheist náisiúnta a réiteach.

Scannán an-chasta atá in I Dolours meascán d’agallaimh le Price í féin, míreanna ó chartlanna éagsúla agus athchruthaithe drámata. agus tá an dúrud lón machnaimh ann.

Is doiligh gan a bheith sáite i scéal na mná.

An apologia é d’fhoréigean an IRA? Ní hé ar chor ar bith.

An ndéan sé laoch de Dolours Price? Ní dhéanann.

An ndéan sé diabhail dí? Ní dhéan.

An raibh sé ceart nó cóir agallamh a chur ar bhean a raibh an oiread sin fadhbanna sláinte aici?

Deir an stiúrthóir Maurice Sweeney go raibh daoine ina theaghlach féin a raibh fadhbanna meabhairshláinte orthu agus gurbh fhiú go mór labhairt leo siúd lena saol a thuigbheáil.

Tá a fhios againn go bhfuil  teaghlach Jean McConville míshásta cionn is go n-abrann Dolours Price gur sceithire a bhí ina máthair.

Ach creidim féin gurb e an dóigh is fearr le do bharúil féin a bheith agat faoi na scéalta seo uillg ach an scannán a fheiceáil duit féin.

:: Beidh I Dolours i bpictiúrlanna ón 31 Lúnasa.