Irish-Language

Arán agus rósanna le linn Fhéile an Earraigh

RÉABHLÓID: Bhí Éire ag dul fríd thréimhse réabhloideach céad bliain ó shin agus beidh Frances Black agus Andy Irvine (thíos) ag ceol amhrán a spreagann daoine chun gnímh le linn Fhéile an Earraigh i mbliana
RÉABHLÓID: Bhí Éire ag dul fríd thréimhse réabhloideach céad bliain ó shin agus beidh Frances Black agus Andy Irvine (thíos) ag ceol amhrán a spreagann daoine chun gnímh le linn Fhéile an Earraigh i mbliana

Uncritical” an focal a thug an tUasal Nelson McCausland ar dhráma ar 1916 a léiríodh i scoil i gceantar “náisiúnaíoch” i dTuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Léiríonn sé a laghad tuigbheála atá ag an MLA ar an chraos a dhéanann náisiúnaigh ar an díospóireacht, ar an fhoghlaim, ar bharúlacha malartacha, ar an eolas.

Tá an craos sin le feiceáil i gclár Fhéile an Earraigh a bheidh ar siúl in iarthar Bhéal Feirste idir an 21-28 Marta a dhéanfaidh comóradh ar imeachtaí tromchúiseacha a thit amach 100 bliain o shin.

Ach toisimis leis an cheol beo ar tús - arán agus rósanna, eh?

Beidh na himeachtaí ceomhara ar siúl in Oll-ionad na Duibhinse/The Devenish Complex agus an deireadh seachtaine seo chugainn, beidh scoth na gceoltóirí in iarthar Bhéal Feirste le hamhráin agus le ceol a chuirfidh barr feabhais ar an Cháisc,

Oíche Shathairn (26ú), beidh Frances Black (atá ag seasamh do Sheanad Éireann i mbliana) agus Andy Irvine ar an ardán i gcuideachta Ghráinne Holland agus ceoltóirí eile ag ceol Amhráin Réabhlóideacha sa Devenish.

Ba doiligh na hamhránaithe seo a mholadh barraíocht, daoine a aithníonn mar a chuireann amhráin áirithe, ní amháin, cur síos ar éagóracha an tsaoil ach a thugann faoiseamh áirithe ag an am céanna.

“Send them home sweating” an mana a bhí ag na showbands sna 1960í agus beidh allas go leor á shileadh nuair a thosóidh an Knockmore Céilí Band (curaidh uile-Éireann na mBannaí Céilí in 2014) ag seinm Domhnach Cásca, 28 Marta,

Beidh drámaíocht ar siúl le linn an Féile fosta agus tá compántas náisiúnta iarthar Bhéal Feirste, Brassneck Theatre Company, ar an ardán Aoine an Chéasta agus iad ag léiriú Belfast Rising.

Fríd an scéalaíocht, amhráin agus íomhánna, déanfaidh Belfast Rising an tionchar a bhí ag Béal Feirste ar Éirí Amach na Cásca, 1916.

Ach mar a luaigh mé níos luaithe, i mbliana comórtha seo 1916, tá Féile an Earraigh ag eagrú sraith cainteanna ina mbeidh scéalta ilchineálacha á n-inse a chuirfidh síos ar oidhreachta na bliana cinniúnaí sin ó pheirspictíochtaí éagsúla.

I mBéarla, Perspectives of 1916: 10 Talks an teideal atá ar an tsraith atá i gcroílár Fhéile na bliana seo agus tabharfar deiseanna bheith ag machnamh ar thionchar sóisialta agus cultúrtha an Éirí Amach in Éirinn agus thar lear. Beidh na cainteanna uilig ar siúl i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire agus i Leabharlann Bhóthar na bhFál.

Is iad na cainteanna:

Ireland, India and 1916 leis an Dr Kate O’Malley ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Tá suim ar leith agam féin san ábhar seo mar gheall ar Margaret Noble as Dún Geanainn a rinne obair iontach ar son saoirse na hIndia agus tús an chéid seo caite.

Ireland’s Forgotten Few - The Unionists Left Behind le Quincey Dougan, staraí agus scríbhneoir ag an Belfast News Letter agus saineolaí ar an Ord Oráiste agus ar an UVF.

Is ceist í ceist na dtrí chontae Ultacha a fágadh as an áireamh le theacht na críochdheighilte a chuireann aiféaltas ar aontachtaithe agus nach bhfuil freagair sásúil acu uirthi.

Cumann na mBan - The Women of 1916 and After leis an Dr Margaret Ward ó Ollscoil na Ríona. Glac sé tamall fada ach tá mná 1916 ag fáil a luach sa deireadh.

In The Shame of Easter Week? Unionist Responses to the Easter Rising pléifidh Jason Burke dearcadh na nAontachtach ar an Éirí Amach.

Roger Casement, Bulmer Hobson and Jack White: Republican Icons or Complex Protestant Irishmen?with writer Philip Orr.

Ar ndóigh, chuirfinn “and” in áit “or” i dteideal na cainte seo. Tá aithne fhorleathan ar Casement, tá níos mó eolais againn faoi Hobson anois ach tá mé ag dúil le níos mó a chluinstin faoi Jack White, iar-shaighdiur as Bruach Sheáin i gContae Aontroma a dtáinig déistin air le huasaicme na Breataine le linn Chogadh na mBórach.

Pléifidh an Dr Fearghal McGarry, múinteoir staire ag Ollscoil na Ríona, cúrsaí ealaíona agus cultúir le linn na Réabhlóide in Staging Rebellion: Culture and Politics in Revolutionary Ireland.

Maítear go minic gur bhain an Éirí Amach le Baile Átha Cliath amháin. Tabharfaidh an chaint, Ulster Women and the Rising leis an Dr Marie Coleman, an bhréag don dearcadh sin.

I Transforming 1916: Meaning, Memory and the 50th Anniversary of the Easter Rising labhróidh an

Dr Róisín Higgins, ar cheiliúradh an Éirí Amach agus pléifidh an Dr Michael Pierse ar shaol an aicme oibre fríd an scríbhneoireacht agus fríd an ghníomhaíochta chultúrtha i léacht dar teideal Shells for Us and Pianos for Them.

Is léir go bhfuil Féile an Earraigh breá sásta guth a thabhairt do dhearcaidh dhiúltacha maidir le 1916.

In “No Terms of Denunciation that Pen Could Indict Would be too Strong”: tugann Ciaran Galway spléachadh ar an tuairisciú a bhí sna meáin i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste le linn don Éirí Amach bheith ag titim amach.

Is é From Belfast to Dublin: The Dungannon Club Network and the Easter Rising leis an Dr Marnie Hay, léachtóir le stair in DCU.

Táthar ag dúil go gcuirfidh na “10 gCainteanna” seo tús le díospóireachtaí bríomhara oscailte ionraice ar cheann de na heachtraíochtaí i saol na tíre seo.

Anuas orthu seo, nochtfar dealbh úr i gcuimhne James Connolly ar Bhóthar na bhFál; ceol ar bhusanna in iarthar na cathrach, an chead spléachadh ar chartlann stair na Féile agus seoladh na tuairisce, “The Irish Language, Human Rights Standards and Local Government” a chuir Conradh na Gaeilge agus an Coiste um Riaradh an Chearta le chéile. Tugann an tuairisc sainchuntas ar cad é mar atá na caighdeáin cearta daonna idirnaisiúnta a bhaineann leis an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ag na hOllchomhairlí áitiúla ó thuaidh. Beidh Paul Bilboa, ón scátheagras Báscach, Kontseilua, mar aoi chainteoir ag an ócáid.

Beidh Féile an Earraigh ar siúl idir an 21-28 Márta.

Ta gach eolas agus is féidir an clár iomlán a íoslódáil ag www.feilebelfast.com.

Ta ticéid ar fáil ón Belfast Welcome Centre, www.ticketmaster.ie agus ag an Devenish Complex.