Irish-Language

Laochra an cheoil tuaithe ar ais ar do scaileán teilifíse

Daniel O'Donnell, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Charlie Landsborough a bheidh le feiceáil sa sraith úr de Opry an Iúir an Domhnach beag seo
Daniel O'Donnell, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Charlie Landsborough a bheidh le feiceáil sa sraith úr de Opry an Iúir an Domhnach beag seo

Tá Opry an Iúir ag teacht ar ais ar BBC Thuaisceart Éireann leis an tríú sraith agus beidh an chuid is fearr den cheol tuaithe áitiúil ann. Beidh Daniel O’Donnell, réalta ceol na tuaithe, le chéile le Lynette Fay agus beidh siad ag cur fáilte fhial fhairsing roimh chuid de na réaltaí is mó i saol an cheoil tuaithe.

Beidh seacht gclár sa tsraith. Beidh sí ag tosú arís ar BBC Two NI Dé Domhnaigh an 24 Eanáir ar 10i.n. agus táthar ag gealladh go mbeidh an réimse is mó agus is fearr ann den cheol atá ar fáil sa taobh seo tíre. Den chéad uair riamh, beidh Daniel ag gabháil cuid de na hamhráin is fearr aithne dá chuid i nGaeilge.

Ná caill an deis a leaganacha de na hamhráin ‘Tar ag Damhsa Liom’ (‘I Just Want To Dance With You’) and ‘An Bhfuil Aon Sólás i nDán Dom Níos Mó’ (‘My Shoes Keep Walking Back To You’) a chluinstin. Déantar Opry an Iúir a thaifeadadh go beo i bhfianaise lucht éisteachta. Beidh leithéidí Dominic Kirwan, Mike Denver agus Charlie Landsborough ann.

Ní hamháin sin, ach beidh ceiliúradh ar an 50 bliain atá caite ag an réalta den cheol tuaithe, Brendan Shine, i saol an cheoil. Beidh Brendan ar bhóthar na gcuimhní linn agus é ag ceol cuid de na móramhráin is fearr dá ndearna sé thar na blianta, lena n-áirítear ‘Do You Want Your Old Lobby Washed Down’ agus chomh maith leis sin, beidh sé ag ceol i gcuideachta duine de na hamhránaithe ar an tsean-nós is cumasaí dá bhfuil ann, Treasa Ní Cheannabháin.

Beidh Dominic Kirwan ag roinnt amhrán linn ó na sé bliana agus fiche atá caite aige i saol an cheoil agus beidh sé ag ceol le hamhránaí móréilimh ó Bhéal Feirste, Seán Mac Corraidh. Tá corradh le 10 mbliana caite ag Mike Denver ar an bhóthar agus beidh seisean i gcuideachta Shiobhán Ní Mhaoileoin ó Chonamara.

Beidh Louise Morrissey, ceoltóir a bhfuil duaiseanna bainte aici as a scileanna ag gabháil ceoil le seinnteoir cairdín agus amhránaí an-chlúiteach ó Chiarraí, Séamus Begley. Beidh Charlie Landsborough, amhránaí agus cumadóir amhrán a bhfuil ardchlú air, ag ceol a lán de na móramhráin a bhí aige thar na blianta, i gcuideachta fidléara agus amhránaí Éireannach a bhfuil clú idirnáisiúnta uirthi, Mairéad Ní Mhaonaigh.

Bhí Jim Devine sa bhabhta ceannais ar an tsraith teilifíse ‘The Voice of Ireland’, rud a chuir tús lena réim i saol an cheoil damhsa tuaithe in Éireann. Beidh dísréad ag Jim le Maighréad Ní Domhnaill, amhránaí traidisiúnta. Bhí Maighréad páirteach in a lán bannaí ceoil lena n-áirítear Skara Brae agus T with the Maggies. Tá Johnny Brady ar maos sa cheol tuaithe lena sholas. Déanfaidh Johnny dísréad leis an Chiarraíoch Pauline Scanlon, amhránaí aonair agus ball den bhanna Lumiere.

Beidh Opry an Iúir, an clár a thugann spiorad Grand Ole Opry ó Nashville go hIúr Cinn Trá, beidh sé ag tosú ar BBC Two NI an Domhnach beag seo, 24 Eanáir ar 10i.n.

Bígí ag breathnú, y'all!