Irish-Language

Ceithre choirm a léiríonn mar atá an téarma “traidisiúnta” as dáta

Beidh Lau ar ais i mBéal Feirste do cheann de na coirmeacha is mó a mbeidh ráchairt orthu tráth a bhfuil ceol corraitheach fud fad na tíre
Beidh Lau ar ais i mBéal Feirste do cheann de na coirmeacha is mó a mbeidh ráchairt orthu tráth a bhfuil ceol corraitheach fud fad na tíre

Mar a thug Siobhan Long faoi deara i nuachtán eile, tá Gradaim ómósacha TG4 ag tabhairt aitheantais don “complexity of contributions that knit the tradition together.”

Beidh an chastacht sin sa cheol traidisiúnta le mothú i mBéal Feirste (arís eile), i mBaile Átha Cliath agus i nDoire agus cúpla gig ag léiriú na cúl-bhealaí neamhaitheanta a bhfuil ceoltóirí traidisiúnta ag taisteal orthu ar na gaobhair.

Agus nach bhfuil an focal sin “traidisiúnta” ag dul ó mhaith gan e in ann cur síos beacht a dhéanamh ar éagsúlacht an cheoil atá á dhéanamh in Éirinn agus in Albain?

Ag teacht chugainn an Domhnach seo chugainn, mar chuid de Out to Lunch, beidh Martin Hayes agus David Powers i mbun cheoil sa Black Box.

Is fada mé faoi dhraíocht ag Martin Hayes, fear nach mbíonn deifir ar bith air fonn a chríochnú go dtí go bhfuil barr feabhais bainte amach. Tá sé in ann na foinn mhalla is tochtmhara a sheinm agus tá séimhe féin sna ríleanna is bríomhaire aige. Agus mar atá a fhios ag lucht leanúna The Gloaming, is féidir leis imeacht leis faoi gheasa ag an cheol go dtí gurb ionann an uirlis agus an duine beagnach.

Ina chuideachta, beidh an píobaire David Power, buaiteoir cuid mhór gradam agus a ndeachaigh a chuid albam go mór i bhfeidhm mar lucht seinnte na huirlise. Beidh sé iontach suimiúil beirt mháistrí mar seo a fheiceáil ar an ardán amháin agus an dóigh a shnaidhmeann an fhidil agus an phíb le chéile.

——

Ar an 29 Eanáir ag an Duncairn Arts Centre i dtuaisceart Bhéal Feirste, beidh an sár-ghrúpa Lau ar ais arís agus albam dochreidte i ndiaidh theacht amach ón triúr thar a bheith nuálach seo, triúr a thógann an cheist a chuir mé ní ba luaithe faoin chiall atá leis an fhocal “traidisiúnta”.

Mar cheoltóirí agus mar chumadóirí aonair, tá Chris Drever, Aidan O’Rourke agus Martin Green tá siad ag cruthú ceoil nár chualathas riamh roimhe ach atá aitheanta ag an am ceanna.

Tá an mistéir sin le mothú ar an albam úr, The Bell That Never Rang, ceol agus amhráin a chuireadh le chéile le Glaschú a cheiliúradh tráth ar reáchtáladh Cluichí an Chomhlathais in Albain.

——

An tseachtain seo chugainn beidh mo thriail ar Bhaile Átha Cliath, áit a mbeidh Lorcán Mac Mathúna ag cur 1916 – Visionaries and their Words i láthair, léiriú mórthaibhseach drámatúil bunaithe ar shaol, ar shaothar agus ar fhocail cheannairí an Éirí Amach.

Beidh agallamh agam le Lorcán ar an pháipéar seo an tseachtain seo chugainn agus beidh an seó le feiceáil le linn Fhéile Idirnáisiúnta Cheol na hÉireann i nDoire i mí Feabhra. Tuilleadh faoi sin an tseachtain seo chugainn fosta.

——

Ar deireadh, beidh laoch Cúchulainn na bpíb, Jarlath Henderson – fuair sé oiliúint in Ard Mhacha! – ag seinm i gcuideachta Ross Ainslie na hAlban.

Tá fuaim as an ghnáth cruthaithe acu ina measctar píb mhór na hAlban agus píb uillinn na hÉireann chomh maith le feadóga éagsúla.

Tá na mionsonraí a bhaineann le camchuairt s’acu le fáil ag url.ie/z8of.