Irish-Language

An Ghaeilge ar snámh fríd fharraigí corracha na 21ú haoise le hImram

Ré-Dhamhsa le Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus the Brad Pitt Light Orchestra.
Ré-Dhamhsa le Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus the Brad Pitt Light Orchestra.

Bhí an t-am ann agus bheadh ort ocht n-uair a chloig a chaitheamh le dul go Baile Átha Cliath agus ag teacht ar ais. Fleasca tae agus ceapairí muiceola agus boladh Gallagher’s Blues sa charr agus sibh ag dul chuig cluiche ceannais na hÉireann. Cad chuige eile an gcuirfeá an strus ort féin?

Tá sé uair go leith anois ag brath ar an tiománaí, níos faide ar an traein(?) agus is iomaí cúis le dul go Baile Átha Cliath más Gaeilgeoir thú.

Tá an t-am thart nuair a bhíodh fir i ngrúpaí Gaeilge ag caitheamh tuxedos agus na mná ag caitheamh gúnaí ina mbeadh go leor éadach iontu leis an M1 a chlúdach.

Tá na mílte rud lena mealladh ó dheas inniu agus ar na himeachtaí is corraithí, tá an fhéile IMRAM, féile ina bhfuil na healaíona uilig fite fuaite lena cheile, agus rud úr, níl doicheall ar bith ar IMRAM bheith ag útamáil leis an mhórchultúr Angla-Meiriceánach atá thart orainn.

In alt ar beo.ie siar in 1996, agus an fhéile dhá bhliain d’aois, chuir an bunaitheoir, Liam Carson arb as Béal Feirste ó dhúchas dó ar ndóigh síos ar aidhm an togra.

“Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.

Ba mhaith le stiúrthóirí IMRAM go mbeadh scríbhneoirí na Gaeilge mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhchathrach,” ar sé.

Agus an fhéile le toiseacht an Satharn beag seo, níl fáth ar bith nach mbeadh idir Ghaeil agus Ghaill, léitheoirí na Gaeilge, lucht leanúna Joni Mitchell agus na Pogues, daoine ar suim leo na físealaíona, páistí de gach aois nach bhfuil a súile dallta ag an saol achan lá agus daoine nach bhfuil ag teastáil uathu ach oíche mhaith ina bhfuil lon machnaimh agus craic go leor ann ag tarraingt ar Bhaile Átha Cliath.

Sibhse san áireamh, a mhuintir an tuaiscirt!

Cad chuige ar fiú an strus é? Cionn is go mbeidh cúpla oíche dhodhearmadta agaibh, cionn is go bhfeicfidh agus go gcluinfidh sibh an Ghaeilge mar nach bhfaca agus mar chuala sibh riamh roimhe í? Cionn is go mbeidh sibh ag gaire agus ag caoineadh agus ag meabhrú.

Cad e mar a thiocfadh neach saolta gan sult a bhaint as Marcus Mac Conghail agus é ag ceol amhrán na Pogues le buíon ómóis Shane McGowan, The Pogoes as Béal Feirste?

Is é an tionscadal eile a tharraingeoidh na sluaite Íde Na Tine: Tionscadal Joni Mitchell/Sweet Fire: The Joni Mitchell Project. Thit daoine i laige (beagnach) ag éisteacht le Caitríona O’Leary agus í ag ceol amhrán Kate Bush ní ba luaithe i mbliana ach an iarraidh seo beidh sí i dTacsaí Mór Buí a fhad le hamhráin Joni Mitchell, buíon den scoth ar a cúl agus íomhánna Margaret Lonergan ag tabhairt léargais fhísiúil ar na liricí.

Bliain i ndiaidh bliana, bíonn muid i gcónaí ar bís ag iarraidh fail amach cé acu a bhfuil tionscadal tuillte agus ba doiligh cumadóirí amhrán mar Joni Mitchell agus Shane McGowan a shárú.

Rud samhlaíoch ar fad is é Togra an Phréacháin.

Seo mar a chuireann Liam síos air:

“Is cliste agus is mioscaiseach an t-ainmhí é an préachán agus féith áilteoireachta ann - go deimhin, tá sé chomh héirimiúil sin go bhfuil ar a chumas uirlisí a úsáid agus idirghníomhaíocht a dhéanamh leis an duine. Samhlaímidne, Gaeil, an préachán leis an Mór-Ríon, bandia cogaidh agus báis agus sa tSualainn féachtar ar an bhfiach dubh mar thaibhse duine a dúnmharaíodh. Ba é an préachán éan beannaithe an Ghóstdamhsa i Meiriceá; shíl na Sioux nuair a thiocfadh an Díle ar Lá an Luain go n-ardódh cleití an phréacháin na góstdamhsóiri chun an tearmainn sa spéir.”?Ar an oíche, bainfear úsáid as na hilmheáin, ceiliúr an phréacháin, a thaifead an t-innealtóir fuaime, Slavek Kwi agus beidh Caitríona O’Leary ar arís le hamhrán nó dhó.

Léifidh Máire Dinny Wren, Dairena Ní Chinnéide, Mark Granier, Liam Ó Muirthile, Bethany Pope, Gabriel Rosenstock agus John McDonald dánta agus beidh ceol beo Seán Mac Erlaine i gcuideachta íomhánna Margaret Lonergan ar an scáileán mór.

Ach ó thaobh na filíochta, níl dabht ar bith gurb é buaicphointe na féile ná an oíche ómóis do Nuala Ní Dhomhnaill.

Theo Dorgan, Domhnall Mac Síthigh, Cathal Ó Searcaigh, Dairena Ní Chinnéide, Bríd Ní Mhóráin, Eiléan Ní Chuilleanáin a bheidh i láthair chomh maith leis an amhránaí traidisiúnta Páidí Mharthain Mac Gearailt.

Anois sin oíche ar fiú an turas go Baile Átha Cliath a dhéanamh ón tuaisceart!

Tá gach eolas ar an fhéile IMRAM 2015 le fáil ag imram.ie