Entertainment

Buille trom do mhic léinn Ollscoil Uladh

Mar a bheidh Ollscoil Uladh i mBéal Feirste i ndiaidh infheistiú £250milliún
Mar a bheidh Ollscoil Uladh i mBéal Feirste i ndiaidh infheistiú £250milliún Mar a bheidh Ollscoil Uladh i mBéal Feirste i ndiaidh infheistiú £250milliún

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry CTR, dul siar an gcinneadh le deireadh a chur leis an chéim lánaimseartha Gaeilge BA ar champas Bhéal Feirste a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon.

Tuigeann an Conradh go bhfuil ciorraithe móra le déanamh ag Ollscoil Uladh mar gheall ar laghdú maoinithe ón Roinn Fostaíochta agus Foghlama, ach ní dhéanann sé aon chiall fáil réidh le cúrsa a bhfuil rath air agus a bhfuil an spriocmhargadh dó ag méadú go bliantúil le fás na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus spéis sa Ghaeilge sa phobal trí chéile.

Ofrálann Ollscoil Uladh an chéim lánaimseartha BA sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste agus ar Champas Mhig Aoidh faoi láthair. Cuireadh tús leis an chéim lánaimseartha i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13 agus bhí ráchairt ollmhór ar an chúrsa ó shin i leith. Tá cead ag Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge cohórt le huasmhéid 20 a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana – bhí 19 de mhic léinn ar an chúrsa in 2012/13, in ainneoin nár fógraíodh an cúrsa ach tamall gairid roimh an dáta tosaigh; d’éirigh leo 100% dá gcuid spásanna a líonadh in 2013/14, 2014/15 agus 2015/16; agus bhí 56 iarrthóir ar lorg áite ar an chúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste i mbliana, rud a léiríonn an bearna a fhágfar sa chathair ón bhliain seo chugainn ar aghaidh má leantar leis an chinneadh seo. Léiríonn na staitisticí go raibh ag éirí go fíor-mhaith leis an chúrsa, i dtaobh mhéid an chohóirt agus shástacht an mac léinn araon.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh díomá ar an Chonradh leis an chinneadh gearr-radharcach ciorrú a dhéanamh ar infheistiú sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Ní hamháin go gcuireann na cúrsaí tríú leibhéal le fás agus forbairt phearsanta na mac léinn, ach cuireann infheistiú sa tríú leibhéal go mór le fás agus forbairt an gheilleagair agus an tsochaí araon. Leis na ciorruithe seo, ní bheidh na deiseanna céanna ag daoine óga anseo mar a bhí agus is i bhfad ó bhaile a bheidh orthu taisteal chun a rogha chúrsa a dhéanamh, rud a chuireann go mór leis an gcostas ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal an tsaoránaigh.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh gur “léir go mbíonn ráchairt agus ró-éileamh ar an chúrsa seo; ní bheadh sé le ciall deireadh a chur le cúrsa a bhfuil ag éirí go fíor-mhaith leis. Is cúis díomá do Chonradh na Gaeilge fosta nach mbeidh mic léinn Ghaeilge á lonnú sa champas is mó d’Ollscoil Uladh, campas a bhfuiltear ag caitheamh £250 milliún air.

“De réir Shuirbhé Náisiúnta na Mac Léinn 2014/15 (NSS), d’éirigh leis an chúrsa lánaimseartha Gaeilge seo i mBéal Feirste 100% sástacht a fháil ag an dream a chríochnaigh an cúrsa i mbliana. Chuige sin, níl an chéim siar seo ag teacht le fás agus forbairt na Gaelscolaíochta agus spéis sa Ghaeilge trí chéile ach oiread. Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht an chinnidh seo agus ag éileamh ar na húdaráis athbhreithniú eile a dhéanamh maidir le todhchaí na Gaeilge ar an champas seo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry, dul siar ar an chinneadh seo, agus tá an eagraíocht ag lorg cruinnithe leo gan mhoill leis an cheist a phlé go práinneach.

Dúirt an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin inniu go bhfuil sé chun bualadh le Leas-Seansailéar Ollscoil Uladh faoi chiorrú cúrsa lánaimseartha de chéim na Gaeilge i gcampas Bhéal Feirste.

Beidh níos mó ná Gaeil Bhéal Feirste buartha faoin chinneadh seo atá glactha ag an Ollscoil, dar leis.

“Is léir go bhfuil ráchairt agus éileamh suntanasach ann don chúrsa seo agus is doiligh a chreidbheál go mbeadh duine ar bith ag iarraidh deireadh a chur leis," ar sé.

“Níl sé inghlactha go mbeidh ceathrar daoine anois gan phost mar gheall ar an chinneadh cúrsa amháin a lonnadh i gCúil Raithin – tá an Ollscoil in ainm is a bheith freagrach as folláine shaol acadúil na cathrach ach is léir sa chás seo go bhfuil muid ag cailleadh amach.

“Is é Béal Feirste croí-lár athbheochán na Gaeilge agus tá an Gaeloideachas ag dul i méid an t-am ar fad.

“An bhfuil siad á rá go bhfuil orainn daoine óga, cumasacha a chailleadh go Gaillimh agus Baile Átha Cliath? Cén cinéal teachtaireachta é sin?" a fhiafraíonn an Comhairleoir Ó Donnghaile.

“Cuireann mic léinn leis an tsaol i gcathair ar bith agus is léir go gcuireann an cúrsa Gaeilge le saol acadúil, cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta Bhéal Feirste.