Entertainment

Ag trasnú an droichid chun an cheoil

Beidh The Boys of the Loch ag tarraingt ar Loch Lao d'Fhéíle an Droichead
Beidh The Boys of the Loch ag tarraingt ar Loch Lao d'Fhéíle an Droichead Beidh The Boys of the Loch ag tarraingt ar Loch Lao d'Fhéíle an Droichead

Cuir gach rud ar leataobh, glan an dialann agus taraigí ar oilithreacht chuig áit a mbeidh muid ag tabhairt adhradh do mháistrí an cheoil thraidisiúnta, An Droichead i ndeisceart Bhéal Feirste.

Bliain i ndiaidh bliana, déanann scoth na gceoltóirí agus na gcumadóirí agus na n-amhránaithe a mbealach go Sráid Chúic ar Bhóthar Ormeau le formna an cheoil a chur os ár gcomhair agus beidh sé amhlaidh arís idir an 20-23 Lúnasa i mbliana.

Is é atá in An Droichead ná eagraíocht Ghaeilge a bhfuil imeachtaí ealaíne mar chuid thábhachtach den obair a dhéanann siad. Is í Claire Kieran stiúrthóir ealaíne An Droichead agus tá á rian le feiceáil sna cláir ata curtha le chéile aici go dtí seo.

I gcónaí, bíonn meascán den seanbhunaithe agus den turgnamhach ann agus ní miste léi dul sa seans.Bíonn coirmeacha á reáchtáil ag Claire i rith na bliana agus baintear buaicphointe amach i mí Lúnasa le Féile an Droichead.

Dá mbeifeá le ceoltóirí aonair a roghnú do sheisiún príobháideach seans mór go mbeadh ar a laghad beirt de na daoine seo ar do liosta.

Ag teacht chun an Droichid ar an Déardaoin 20 Lúnasa, tá Liam O’Flynn, Paddy Glackin, Neil Martin agus Micheál Ó Súilleabháin, an chéad uair a mbeidh an ceathrar laoch seo ag seinm le chéile i mBéal Feirste agus is cinnte go mbeidh oíche dhodhearmadta i gceist ní amháin as siocair feabhas na n-oirfideach ach cionn is go mbeidh sé ar siúl san eaglais Phreispitéireach i Sráid Roismháire, áit a bhfuil an fhuaim go hiontach.

An oíche dár gcionn, beidh deis iontach ag lucht leanúna an cheoil grúpa neamhghnách ar fad a chluinstin, Ensemble Ériu. Ag croí an ghrúpa, tá Jack Talty ar an chonsairtín agus fuaimeanna leictreonacha agus Neil O’Loghlen a sheinneann ar an dord mór agus feadóga (! eile).

Cé go bhfuil rian den avant garde ar Ensemble Ériu, fuair siad moladh ar leith ó Tony MacMahon a chuir síos orthu mar “very developed, soulful and meditative music from an impressive musical intelligence.”

Is iad Boys of the Lough, grúpa atá luaite sa seanchas le fada an lá agfus is iad a thabharfaidh coirm dheireanach na féile. Arís, ba bhreá leat “boy” ar bith acu seo a bheith ag cóisir de do chuid - Cathal McConnell, Breandán Ó Beaglaoich, Garry O’Briain agus an tAlbanach, Kevin Henderson.

Bímis ag dúil le ceol fidle, feadóige, píobaireachta agus amhránaíocht o Éirinn ó Albain agus ó thuaisceart Mheiriceá.

Tá ticéid ar fáil do na coirmeacha iontacha seo agus do na himeachtaí eile ó www.androichead.com