Irish-Language

Tá Naoise ag ligint liú ar son Gaeilgeoirí óga Bhéal Feirste le féile ildánach

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">MEITHEAL LI&Uacute; L&Uacute;NASA: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">T&aacute; obiar dhian curtha isteach ag lucht eagraithe na F&eacute;ile Li&uacute; L&uacute;nasa, ina measc t&aacute; (</span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&oacute; chl&eacute;</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">) D&aacute;ire N&iacute; Chan&aacute;in, Liam &Oacute;g &Oacute; hAnnaidh agus Naoise &Oacute; Caireall&aacute;in agus iad ag caitheamh t-l&eacute;inte an d&aacute; bhliana roimhe. Beidh f&eacute;ile na bliana seo ar si&uacute;il idir an 21-17 L&uacute;nasa sa Cheathr&uacute; Ghaeltachta, i Skainos agus i l&aacute;r na cathrach</span><span class="Apple-converted-space" style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp;</span>
MEITHEAL LIÚ LÚNASA: Tá obiar dhian curtha isteach ag lucht eagraithe na Féile Liú Lúnasa, MEITHEAL LIÚ LÚNASA: Tá obiar dhian curtha isteach ag lucht eagraithe na Féile Liú Lúnasa, ina measc tá (ó chlé) Dáire Ní Chanáin, Liam Óg Ó hAnnaidh agus Naoise Ó Cairealláin agus iad ag caitheamh t-léinte an dá bhliana roimhe. Beidh féile na bliana seo ar siúil idir an 21-17 Lúnasa sa Cheathrú Ghaeltachta, i Skainos agus i lár na cathrach 

Sisters are doing it for themselves a cheol na Eurythmics i gcuideachta bhanríon an anama, Aretha Franklin, ach tá na deirfiúracha agus na deartháireacha i measc aos óg na Gaeilge á dhéanamh ar a son féin agus iad ag ligint liú ar son na teanga an mhí seo.

Tá an grúpa úr Liú Lúnasa ag cur spleodar na teanga in oiriúint do dhream óg an lae inniu - agus féile den chéad scoth réidh le pléascadh idir an 21 - 27 Lúnasa.

Ach is mó ná féile é Liú Lúnasa mar a mhínigh Naoise Ó Cairealláin dom inné in Bia, caife Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

“Is dócha go dtiocfaí a rá gur óg-ghluaiseacht na Gaeilge atá in Liú Lúnasa a bhfuil coiste agus meithle d’oibrithe deonacha againn,” ar sé.

“Tháinig muid le cheile le spás a chruthú agus aiseanna a aimsiú lena dtiocfadh linn beith cruthaitheach rudaí nach bhfuil chomh traidisiúnta sin a dhéanamh chomh maith leis na rudaí atá traidisiúnta – níl srian air,” ar sé.

Cluineadh Naoise scéalta faoi na glúnta a chuaigh roimhe agus na céilithe a bhíodh acu agus an caitheamh aimsire a bhíodh acu agus an dóigh ar bhain siad sult as cuideachta a cheile.

Tá Liú Lúnasa ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh le glúin Gaeilgeoirí an lae inniu ach ar an drochuair, a deir sé, níl áit ar bith faoi leith a dtig le daoine óga úsáid a bhaint aisti dóibh féin.

“Cinnte, tá an Chultúrlann seo ann ach tá daoine óga nár leag cos riamh ann agus ba mhaith liom go smaoineodh siad go mbeadh fáilte rompu anseo agus go bhfuil an saoirse acu imeachtaí den chaighdeán ceart a eagrú,” arsa Naoise.


Is é Liú Lúnasa féile mhór an ghrúpa agus tá clár beagnach foirfe curtha le cheile acu, seacht lá ina bhfuil ceol agus craic, cainteanna, drámaíocht, cócaireacht, féin-chosaint, siúlóid ar Bheann Mhadagáin, imeachtaí teaghlaigh agus go leor eile.

Agus é ag an Eisteddfod sa Bhreatain Bheag, cuireadh ceist ar Naoise cad é chomh maith is a bhí na coirmeacha ceoil a bhí ag Liú Lúnasa.

Thuig muintir na Breataine Bige riamh anall a thábhachtaí is atá an ceol nua-aimseartha le spraoi a thabhairt do lucht labhartha na Breatnaise agus le daoine óga gan Bhreatnais a mhealladh.

Mar sin, beidh ceol den scoth, idir thraidisiúnta agus nua-aimseartha, chun tosaigh i sceideal Liú Lúnasa.

Gheobhaidh cuairteoirí ar an bhialann ard-ghradamach Bia blaiseadh de stileanna éagsúla ceoil ar 1.15pm De Céadaoin (23) le Edel Ní Churraoin agus Diane Ní Chanáin; ar an Déardaoin (24) Marit Fält ón Iorua agus an tAlbanach mná Ronan Wilkie agus Dé hAoine, beidh JJ Ó Dochartaigh agus Séamus Barra Ó Súilleabháin le meascán de rap agus ní fios cad eile!

Beidh an DJ Daithí ag ceol leis sa Chultúrlann ar an Aoine ach ní chaitheann tú bheith taobh istigh le scoith an cheoil a chluinstin.

Beidh Ceol sa Chearnóg ar siúl i gCearnóg an Bhruaich taobh le Kelly’s Cellars agus Griogair (Labhruidh), Dysania, Boss Sound Manifesto, JJ agus Emma Ní Fhíoruisce ag ceol sa choirm saor in aisce.

Ar an Domhnach (27) beidh go leor daoine meidhreach ag Madden's, ag toiseacht le fulacht ar 3.30pm agus ansin ceol ó Fatlip (func práis, snag snasta agus gormacha grúvaíáilte) ar a 6pm agus aíonna speisialta ina dhiaidh sin.

Phew!      

Ach tá éagsúlacht na féile thar a bheith leathan. Beidh deis agat bia Bascach agus bia as Srí Lanca le blaiseadh, beidh bricfeasta ag a mbeidh Nodlaig Brolly as Dún Geimhin ag caint; ceardlanna san fhéin-chosaint le Cormac Copeland agus míle rud eile ar siúl!

Gheobhaidh sibh an t-eolas uilig ag liulunasa.ie