Irish-Language

Lig Liú asat an tseachtain seo ag an fhéile a léiríonn todhchaí na Gaeilge

<em><b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">IML&Eacute;: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">N&iacute; f&eacute;ile cheoil amh&aacute;in at&aacute; in Li&uacute; L&uacute;nasa ach f&eacute;ile a thugann deis do dhaoine, daoine &oacute;ga ach go h&aacute;irithe, smaoineamh ar fheabhas an tsaoil thart orthu agus ar na d&oacute;igheanna is fearr le iad f&eacute;in agus an socha&iacute; a fheabhs&uacute; - agus craic iontach a bheith acu ag an am c&eacute;anna - i gcuideachta leith&eacute;id&iacute; IML&Eacute; (thuas)</span></em>
IMLÉ: IMLÉ: Ní féile cheoil amháin atá in Liú Lúnasa ach féile a thugann deis do dhaoine, daoine óga ach go háirithe, smaoineamh ar fheabhas an tsaoil thart orthu agus ar na dóigheanna is fearr le iad féin agus an sochaí a fheabhsú - agus craic iontach a bheith acu ag an am céanna - i gcuideachta leithéidí IMLÉ (thuas)

MOL an óige agus tiocfaidh é a deir an cliché, er, seanfhocal ach tá sé sin fíor i gcás Liú Lúnasa a bheidh ag toiseacht amárach.

Is é an rud is spreagúla faoi Liú Lúnasa ná an éagsúlacht atá i gcroí na féile.

San aimsir anallód, ba é i bhí i gceist le féile do dhaoine óga na gnéas, drugaí agus rac’n’rol ach le Liú Lúnasa, tá an tsláinte, an t-eolas agus an díospóireacht, na healaíona, fulacht, an dúlra agus an greann - agus ceol den scoth ó na hamhránaithe agus ó na grúpaí is bisiúla sa tír.

Oh, agus tá an Ghaeilge ar cheann de raisons d’etre na féile!

Feabhas an duine ceann de bhunspriocannna an Ghaeloideachais agus gach a bhaineann léi agus tá an fealsúnacht folláin sin le feiceáil i gclár imeachtaí Liú Lúnasa.

Tosóidh an fheile ar a 10rn maidin amárach le dianchúrsa Gaeilge nach bhfuil ach £25 air do thrí lá teagaisc agus spraoi.  

Ag am céanna, beidh maidin chaife ar siúl do thuismitheoirí agus do pháistí agus siamsaíocht á cur ar fáil ag na Bopóga clúiteacha!

Más mian leat rud beag aclaíochta a bheith agat i ndiaidh lóin i gceann de na bialanna is fearr i mBéal Feirste, Bia@AnChultúrlann, beidh Edel Ní Churraoin ag teagasc céimeanna damhsa ar an sean-nós do dhaoine fásta agus áilte roimh gach duine.

Ach mar is léir is féile Ghaeilge í Liú Lúnasa agus beidh Linda Ervine ag tabhairt cainte ar The Miracle that is Turas ar 2.30; labhróidh muintir Misneach ar an obair atá ar siúl acu ar 3.30in agus beidh ceardlann péinteála meirge le Senan Mac Aodha chomh maith; ar a 5in, beidh airneál na féile ar siúil le ceol, filíocht agus scéalaíocht ar an chlár.

San oíche amárach. beidh an lucht éisteachta sna trilsí gaire agus GaelGÁIRÍ ghaire ar siúl le fuirseoirí na Gaeilge faoi lán seoil agus mar dhlaoi mhullaigh, beidh Clann ceolmhar Mhic Corraidh ag rá na n-amhrán is ansa le muintir Bhéal Feirste.

Agus níl ansin ach an chéad lá!

Dé hAoine, leanfar leis an dianchúrsa ach beidh imeachtaí suimiúla do phaistí sa siúl fosta, ióga san áireamh. Yep, ióga.

Ar na buaicphointí a bheadh agam féin, tá na cainteanna.

Ar 1.30in, beidh Simon Ó Cróinín agus Andrew Carroll ag caint ar An Ghaeilge agus na Beachóga - táthar ag iarraidh mil a dhéanamh ag Gael-Ionad Mhic Goill!

Is breá liom an meascán seo den teanga, an dúlra agus leas an phobail, ceann de na fáthanna go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ar cheann de na gluaiseachtaí is cheannródaíche ar an oileán seo.

Ar na cainteanna eile, beidh Ainle Ó Cairealláin ag tabhairt aghaidh ar Bia, aclaíocht agus sláinte intinne don réabhlóidí gníomhach; labhróidh Feargal Mac Ionnrachtaigh agus aíonna eile ar An Choilíneachas agus an Ghaeilge: Cumhacht, Díchoilíniú agus Athghabháil agus Malartú Cultúir, Tír na mBascach/Éire i ndiaidh na cainte.

Ach más lón machnaimh iad sin don intinn, cad é faoin anam?

Bhuel, beidh Katie McGreal ag stiúradh seisiúin dianmhachnaimh ar a 10rn sa Chultúrlann. 

Cuirfidh sé seo do sprid in oiriúint don mhórchoirm cheoil i Muilleann Mhic Con Midhe a mbeidh na sárghrúpaí Rís, IMLÉ ar an ardán chomh maith le Gráinne Holland, Nell Ní Chróinín agus Boss Sound Manifesto.

Ach mura bhfuil sé feicthe agat cheana, beidh Alice Milligan: Girl of Genius le feiceáil sa Skainos Centre ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda.

Isteach sa deireadh seachtaine linn agus beidh an éagsúlacht cheanna le sonrú i gclár an lae inniu.

Ó thaobh na sláinte de, beidh  cluiche sacair ar Bhóthar Uí Dhuibh (10rn); Ióga do dhaoine fásta (10rn) agus seisiún gluaiseachta le hÁinle Ó Cairealláin (i nGael-Ionad Mhic Goill, 11rn).

Ar an cainteanna, tá mé féin ag dúil go mór leis an díospóireacht a chuireann an cheist An bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ró-mhacho? agus Tomaí Rua Ó Conghaile mar fhear a tí.

(Measaim féin gur cheart do Thomaí gúna a chaitheamh le bheith neodrach ar an cheist!)

Labhróidh Vincent McGrath, duine de Chúigear Ros Dumhach, ar Shell chun Sáile ar 5.30pn agus ansin, away linn arís d’oíche iontach ceoil ina mbeidh Bréag, JJ Ó Dochartaigh, Dysania, Athrú,  Emma Ní Fhíoruisce, Dúchas agus Craos ag seinm, arís i Muileann Mhic Con Midhe.

Ní dhéan Carlsberg Domhnaigh ach dá ndéanfadh, eagródh siad siúlóid sléibhe ar an Sliabh Dubh (buailigí le cheile ag barr Bhóthar na Carraige Báine ar a 10rm); ansin bheadh lón i bPáirc Dunville ó 1.30in ar aghaidh agus ansin, seisiún mór i dTigh Mhadáin “le ceoltóirí rúnda.”

Is féile ar leith í Liú Lúnasa sa mhéid is go bhfuil comhfhios sóisialta ina lár, mar a mhínigh duine den lucht eagair, Naoise Ó Cairealláin.

“Ní hamháin go raibh muid ag iarraidh ar dteanga a chur I lár an aonaigh ach bhí muid ag iarraidh ardán a. thabhairt do cheoltóirí agus d’ealaíontóirí Gaelacha, nascadh leis na pobail éagsúla i mBéal Feirste agus dul i ngleic le cúrsaí an tsaoil.” ar sé faoi fhealsúnacht na féile.

Agus maidir leis na rannóga, ó shláinte go greann go ceol go dtí an pholaitíocht, an bhfuil suim ag daoine óga sna hábhair seo uilig?

“Bhuel, roghnaigh muid na rannóga ba thábhachtaí dúinn féin mar Ghael óga i mBéal Feirste,” arsa Naoise. “Ba rud nádúrtha e, tháinig na rannóga chun cinn iad féin,” ar sé.

Tá an clár iomlán Liú Lúnasa le fáil ag url.ie/znm4