Irish-Language

Gura slán le hAodan Mac Póilín, crann taca an iliomad togra Gaeilge ó thuaidh

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">AOD&Aacute;N MAC P&Oacute;ILiN: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">T&aacute; an &iacute;omh&aacute; thuas ar an cheann is t&uacute;isce a thiocfaidh in intinn daoine agus iad ag meabhr&uacute; ar Aod&aacute;n, measc&aacute;n de ghreann, de l&eacute;ann agus de dhiongbh&aacute;ilteacht.</span><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp;</span>
AODÁN MAC PÓILiN: Tá an íomhá thuas ar an cheann is túisce a thiocfaidh in intinn daoine a AODÁN MAC PÓILiN: Tá an íomhá thuas ar an cheann is túisce a thiocfaidh in intinn daoine agus iad ag meabhrú ar Aodán, meascán de ghreann, de léann agus de dhiongbháilteacht. 

TÁ SÉ aisteach ach ceann de na cuimhní is mó atá agam d’Aodán Mac Póilin ná gur thug sé deis dom Alpen a bhlaiseadh den chead uair.

Bhí muid ag coisir tigh s’aige agus bhí Aodán ar bís faoin bhia bricfeasta úr seo, soiscéalaí ar shon bhia nach raibh leasaithigh nó dathanna nó blasanna saorga iontu.

Ar ndóigh, bhí Aodán ina shoiscéalaí ar son na Gaeilge ach, dalta cuid mhór Gaeilgeoirí aitheanta, de thaisme a rinneadh gníomhaí Gaeilge d’Aodán, mar a mhínigh sé in agallamh liom don iris beo.ie siar in 2010.

Ina óige, chonacthas dó gur rud diamhrach inmhianaithe dofhála a bheadh i gcónaí thar a chumas a bhí sa Ghaeilge, agus, aisteach go leor, ba í an tsuim a bhí aige sa Bhéarla a mhúscail a chuid spéise sa Ghaeilge mar is ceart.

“Nuair a bhí mé ag tarraingt ar fhiche bliain d’aois, tháinig mé ar leabhar le PL Henry, darbh ainm An Anglo-Irish Dialect of North Roscommon, a mhaígh nach raibh sa chanúint sin ach Gaeilge a raibh craiceann an Bhéarla air,” arsa an Béal Feirsteach.

“Tharla gur ar theorainn Ros Comáin agus Shligigh a rugadh máthair m’athar, agus ba sin díreach an cineál cainte a bhí aici. Bhí spéis ar leith agam sa litríocht Angla-Éireannach, agus d’aithneofá go minic substratum na Gaeilge ag briseadh fríd an Bhéarla ag scríbhneoirí ar nós Joyce, Synge agus Frank O Connor. 

“Is le staidéar a dhéanamh air sin a thosaigh mé dáiríre ar an Ghaeilge, ach fán am a raibh sí foghlamtha agam d’aithin mé caidé chomh gar don bhás a bhí sí mar theanga bheo, mar theanga phobail. Rinne mé rogha ansin a bheith i mo Ghaeilgeoir, im’ fhear cúise, in ionad a bheith im’ acadúlaí. 

“Ba é an rún a bhí agam go mbeinn páirteach in iarracht leis an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile – déanadh siadsan a rogha féin léi.”

Nuair a chuir mé an t-agallamh ar Aodán, bhí sé ina cheannaire ar an Iontaobhas Ultach – nó ULTACH mar atá anois ar an eagraíocht -– le 20 bliain anuas i mbliana ach dúirt mé leis gur dhóigh liom gur beag duine a thuig an ról atá ag an eagraíocht.

“ULTACH an chéad eagraíocht a fuair airgead ó Rialtas na Breataine leis an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann,” a mhínigh sé.

“Tá sé doiligh anois a shamhlú cad é chomh buartha is a bhí na húdaráis fán Ghaeilge ag an am sin. 

“Bhí siad ag iarraidh airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge le dornán blianta roimhe sin; mhaoinigh siad tionscadal na logainmneacha i lár na n-ochtóidí, rud a bhí ‘sábháilte’, dar leo, agus bhí pingneacha beaga ag teacht ón Chomhairle Ealaíon, ach taobh amuigh de sin, ní raibh a fhios acu cad é a dhéanfadh siad.

“Bhí an maoiniú a bhí le dáileadh againn beag go leor, agus b’éigean dúinn bealtaí a aimsiú a tharraingeodh airgead ó fhoinsí eile. De thairbhe go raibh iomrá orainn go raibh muid ‘measúil’, bhí deis againn dul i bhfeidhm ar eagraíochtaí eile. 

“Chuaigh muid ar choistí éagsúla, Biúró na dTeangacha Neamhfhorleathana, an Chomhairle Chaidreamh Pobail, an BBC agus an Chomhairle Ealaíon, cuirim i gcás. 

“Thosaigh muid feachtais éagsúla, go háirithe i dtaca le hoideachas, le craoltóireacht agus leis na healaíona. Bhímis ag déanamh abhcóideachta ar cheisteanna áirithe lena chois sin, ar nós cearta Gaeilge sna príosúin, agus thug muid tacaíocht do dhreamanna ar nós Ghlór na nGael Iarthar Bhéal Feirste, a chaill a ndeontas go héagórach. 

“Rinneadh cuid mhór den obair abhcóideachta seo go ciúin. Thiocfadh dó gur anseo is mó a d’imir muid tionchar ar an státchóras trí chéile, ach b’fhéidir gurb é an feachtas ar chúrsaí craoltóireachta is drámatúla ar éirigh leis.

“Scríobh muid sraith de thuairiscí ar an ábhar sin agus rinne muid aighneachtaí leis na craoltóirí féin agus le Rialtas na Breataine, chomh maith le bheith páirteach san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse ó dheas agus i gCoiste Bunaithe Theilifís na Gaeilge. Rinne muid stocaireacht le cinntiú go mbeadh forálacha ar an chraolachán Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus sa deireadh reáchtáil muid cúrsa traenála le cruthú gurbh fhéidir earnáil teilifíse a bhunú in aicearracht. Chruthaigh an cúrsa gurbh fhéidir toiseacht a dhéanamh ar chláracha Gaeilge gan mhoill dá mbeadh a sáith airgid ann dóibh. As sin uilig a tháinig Ciste Craoltóireachta na Gaeilge, ar fiú £3 mhilliún sa bhliain é. 

Mar dhuine a bhí ar bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, thuig Aodán an tábhacht a bhí le clanna a thógáil fríd an Ghaeilge agus bhí sé an-dóchasach faoin Ghaeloideachas, rud atá thar a bheith tábhachtach agus Peter Weir i réim i Rathgael/

“Ní féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta má bhíonn an t-éileamh ann – is féidir an fás sin a mhoilliú, ach ní féidir stad a chur leis.” ar sé.

“Caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. 

“Ní raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. 

“Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. 

“Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is mó a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóill – cur le líon na dteaghlach Gaeilge. 

“Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; ní deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge,” arsa Aodán.

Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le hÁine, bean Aodáin, agus lena iníon Aoife. Ar dheis Dé raibh a anam uasal.