Irish language

Scríbhinní an fhir a raibh faobhar ar a thuairimí agus seimhe ina chur chuige

ÓMÓS AGUS GEAN: Léiríodh an dá dhné sin nuair a sheol an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin Our Tangled Speech, aistí ar chúrsaí cultúir agus teanga a scríobh Aodán Mac Póilin idir 1990 agus 2011, lón machnaimh a choinneoidh muid ag caint sa chéad atá romhainn 
Robert McMillen

BHÍ mé ag teacht amach as an ollphuball in Steornabhàgh ar Eilean Leòdhais traidhfil de bhlianta ó shin mar a raibh mé ag freastal ar choirm cheoil de chuid Fheis Cheilteach Innse Ghall.

Bhí mé i gcuideachta an slua mór daoine a bhí ar a mbealach chun an bhaile agus bhí beirt bhan os mo chomhair a bhí ag caint i nGáidhlig ach, cé gur deirfiúracha iad na teangacha, is beag a thuig mé óna gcomhrá go dtí gur chuala mé trí fhocal - Aodán Mac Póilin.

Tharla go raibh na mná seo páirteach sa chór a tháinig go hIarsmalann Uladh le coirm a dhéanamh agus iad ag ceol na salm as a bhfuil siad clúiteach.

Rinne mé gáire. Seo mé ar oileán scoite sna hInse Ghall agus bhí aithne ag daoine ar Aodán Mac Póilin, stiúrthóir an Iontaobhas Ultach i mBéal Feirste ar feadh i bhfad.  

Sílim go léiríonn sé a leithne agus a dhoimhne is a bhí tionchar Aodán, a fuair bás beagnach dhá bhliain ó shin.

B’fhada mé ag cur suime sna rudaí a scríobh sé i bpaimfléid agus i leabhair éagsúla agus i gcónaí gcónaí fuair mé eolas agus léargas nach raibh agam agus b’ábhair mór pléisiúir dom an tseachtain seo nuair a d’fhoilsigh Blackstaff Press agus the Ulster Historical Foundation bailiúchán d’aistí Aodáin faoin teideal Our Tangled Speech.

Is leabhar álainn é ina dtig leat an meas a bhí ag lucht a fhoilsithe ar Aodán a fheiceáil i gcaighdeán ard gach a bhaineann leis an leabhar - mothú an pháipéir, an clúdach gleoite, an leagan amach.

Gheobhaidh tú in Our Tangled Speech, 14 aiste a scríobh Aodán idir 1990 agus 2011, móide réamhrá leis an fhile Gerald Dawe.

Pléann an haistí le comhthéacsanna stairiúla, idé-eolaíochta agus polaitiúla na teanga ach tosaíonn Aodán an chéad aiste ag iniúchadh focail amháin - crack, nó craic más fearr leat, focal a chuireann olc ar i bhfad barraíocht daoine!

Déanann sé 11 phointe a eascraíonn as an fhocal bheag “chonspóideach” sin agus fríd na pointí sin, déanann sé an argóint ar son na héiceolaíochta teanga nó linguistic ecology.

“Languages do not die because they are incapable of surviving as languages: languages die because they have been economically, socially and (usually) politically marginalised, and often because their speakers have been oppressed for speaking them,” a scríobhann sé ach sheachain Aodán riamh polaitíocht na sáraíochta le cás na Gaeilge a chur chun cinn. 

Ba léir an ghean a bhí aige ar Albanais Uladh nuair a bhí an pholaitíocht feannta dá corp.

Chonaic sé an Ghaeilge agus Albanais Uladh mar chuid dár gcultúr comhchoiteann ar chóir meas a bheith ag gach duine orthu ach ba thrua leis gur phléigh daoine leo mar ghnéithe comheisiacha.

De réir Judy Vannais, dearthóir thaispeántas iarsmalainne, thug Nelson McCausland “the right not to be Irish” ar an chultúr Albanach Uladh, muidinne vs iadsan.

Ach bhí Aodán dian ar Shinn Féin chomh maith.

Luann sé paimfléid de chuid an pháirtí a cuireadh amach in 1984, inar dhúirt Pádraig Ó Maolchraoibhe: “I don’t think we can exist as a separate people without our language. Now every phrase you learn is a bullet in the freedom struggle. Every phrase you use is a brick in a great building, a re-building of the Irish nation.”

Glacann Mac Póilin leis gur féidir gur de thaisme a bhain Ó Maolchraoibhe úsáid as an téarmaíocht mhileataíoch ach luann sé poblachtánaithe eile a chreid gurbh ionann foghlaim na Gaeilge agus an streachailt armtha.

“All movements have acknowledged a need for a cultural attack on oppression to partner a military one,” a scríobh Máirtín Ó Muilleoir sa phaimfléid chéanna.

Ar ndóigh, ba bheag duine taobh amuigh de ghrúpa taobh istigh de Shinn Féin a chreid sin ach baintear úsáid as ráitis cosúil leo siúd le hionsaithe a dhéanamh ar an Ghaeilge agus ar lucht na Gaeilge ina iomláine.

Bhí Aodán in ann an bhréag a thabhairt do dhiúltachas na nAontachtach agus do mhíleatachas chuid de ghníomhaithe na Gaeilge.

Le tamall maith de bhlianta, bhí mé ag iarraidh teacht ar eolas a bhí áit éigin i scríbhneoireacht de chuid Aodáin agus le foilsiú an leabhair seo, fuair mé é.

Bhain sé le seanchlár teilifíse a thosaigh ar an raidió, quiz do scoileanna dar teideal Top of the Form.

An iarraidh seo, bhí scoil Naomh Doiminic ar Bhóthar na bhFál páirteach sa leagan raidió de Top of the Form nuair a dúirt dalta de chuid na scoile cúpla abairt neamhurchóideach i nGaeilge.

Cad é rinne an BBC nuair a bhí an clár a chraoladh? Ghearr siad amach an Ghaeilge agus d’fhág tost ina háit. Sin agat dearcadh an BBC ar an Ghaeilge sna 1960idí.

Ach in áit clocha a chaitheamh ar Theach Craolacháin in Ascaill Ormeau, rinne Aodán rudaí dearfacha le dearcadh an BBC a athrú agus rinne sé é le tréan praiticiúlachta mar oiliúnóir agus mar chathaoirleach ar Chiste Craolacháin na Gaeilge. 

Tá léargais spreagúla síos fríd an leabhar ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, ar stair dhearmadta (nó a ndearnadh neamhshuim de) na Gaeilge ó thuaidh, é lán blaisíní eolais, soiscéalaíocht chiúin, greann caolchúiseach agus ardléinn. 

Tá go leor in Our Tangled Speech a dtig le duine easaontú leis ach sin ráite, tá saibhreas smaointeoireachta maolaithe le greann agus le tarcaisne (sa chiall is deise den fhocal) le fáil ann.

Más suim leat cúrsaí teanga, cultúir, polaitíochta, staire, litríochta agus an iliomad gné eile, bainfidh tú idir shult agus thairbhe as an leabhar breá seo.

:: Our Tangled Speech: Essays on Language and Culture le hAodán Mac Póilín, curtha in eagar ag Róise Ní Bhaoill foilsithe ag an Ulster Historical Foundation agus an tIontaobhas Ultach. £19.99 a praghas – ach is mó i bhfad a luach ná sin.

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: