News

Scannáin a chuirfidh idir iontas agus uafás orainn le feiceáil ag QFT

Conversations About Cinema: Impact Of Conflict is a new strand of film screenings, events and conversations running at Queen's Film Theatre until 31 July. The programme explores the repercussions of conflict and the multiple ways these have been represented in and through film.

Here Robert McMillen speaks to Seán Murray, the season's curator, about his own film Ballymurphy which is to be shown on Sunday and also about some of the incredible international documentaries that are coming up soon.

See queensfilmtheatre.com for full details.

A n dtarlódh Domhnach na Fola i mí Eanáir 1972 dá bhfaigheadh muintir Bhaile Uí Mhurchú a gceart agus a gcóir i mí Lúnasa an bhliain roimhe?

Sin an cheist atá a cur i scannán faisnéise atá déanta faoi Shléacht Bhaile Uí Mhurchú a bheidh le feiceáil i QFT tráthnóna amárach ar a 6pm.

Thar thréimhse 3-lá, mharaigh baill den Reisimint Pharaisiúit duine déag an t-am a raibh an braighdeanas á thabhairt isteach ó thuaidh. Mar chuid de Operation Demetrius, ar a tugadh ar an bhraighdeanas, bhí na mílte ball d'Arm na Breataine ar na sráideanna i ruathar inar tógadh suas le 400 fear Caitliceach agus d'imigh na mílte óna dtithe le himeacht ón fhoréigin.

Bhí an Reisimint Pharaisiúit i mBaile Uí Mhurchú an t-am cinniúnach sin agus ar an 9 Lúnasa, scaoil naoscaire (a sniper) dá cuid ar Bobby Clarke, á ghortú agus é ag rith trasna páirce.

Nuair a tháinig sagart, an tAthar Hugh Mullan fríd an tamhach táisc le cuidiú leis, scaoileadh marbh é.

Agus Frank Quinn (19) a tháinig chun cuidiú leis an sagart, mharaigh na saighdiúirí eisean chomh maith. Fágadh na coirp ina luí sa pháirc ar feadh thréimhse fada ama.

Maraíodh Joan Connolly, bean 50 bliain d'aois a raibh ochtar páistí aici, agus i ag iarraidh cuidiú le duine

de na daoine a scaoil na Paratrúpaí trasna na sráide ón Henry Taggart Memorial Hall.

Scaoileadh san aghaidh í agus deirtear go mairfeadh sí dá bhfaigheadh sí cuidiú ach fágadh ina luí ar an tsráid í le bás a fhail cionn is nach raibh aonduine in ann dul a fhad léi mar gheall ar an oiread sin scaoileadh, Sular tháinig deireadh leis an sléacht an lá sin, 9 Lúnasa 1971, maraíodh an déagóir Noel Phillips agus Joe Murphy.

An dá lá dar gcionn, maraíodh Edward Doherty, John Laverty, Joseph Corr, John McKerr agus Paddy McCarthy.

Ní amháin gur maraíodh naonúr ach gortaíodh na doseain eile agus tá teaghlaigh cráite go dona mar thoradh ar uafáis na dtrí lá sin.

Ní amháin sin ach níor ciontaíodh riamh aon saighdiúir as aon dúnmharú i mBaile Uí Mhurchú.

Tá an scéal ar fad ceangailte le cheile in Ballymurphy, scannán faisnéise le Seán Murray a bheidh le feiceáil in QFT ar a 6in an Domhnach beag seo.

Taispeánfar an scannán mar chuid de shraith dar teideal Conversations about Cinema, comhthogra idir an BFI agus eagraíochtaí in Bristol, i gCaerdydd agus in QFT i mBéal Feirste. "Tá sé mar aidhm ag an chlár scannáin pholaitiúla a thaispeáint le daoine a chur ar an eolas agus le deis a thabhairt dóibh na

hábhair atá faoi chaibidil sna scannáin a phlé" arsa Sean liom inne. "Tá muid ag iarraidh cosúlachtaí idir choimhlint ar fud na cruinne agus spás a thabhairt do dhaoine comhráití ciúine céillí tairbheacha a bheith idir eatarthu."

Bhí meath ar scannáin fhaisnéise le fada go dtí gur tháinig scannáin Michael Moore amach, scannáin fhaisnéise a raibh daoine sásta ticéid a cheannach a pictiúrlanna le iad a fheiceáil. "Creidim go bhfuil tionscal láidir anseo againn in Éirinn ar an teilifís agus i measc scannánóirí neamhspleácha ach measaim féin go bhfuil barraíocht scannán traidisiúnta faisnéise a dhéanamh agus gur ceart scannáin a dhéanamh ina bhfuil frith-insintí (counternarratives) ach sílim, go bhfuil sin ag teacht, diaidh ar ndiaidh," ar sí.

Agus cá hait a mbeadh muid in ann na scannáin seo a fheiceáil mura raibh QFT ann? "Tá an phictiúrlann seo amháin freagrach as constaicí a leagan maidir leis na cineálacha éagsúla scannán atá le feiceáil anseo a bhuíochas do leithéidí Susan Picken agus foireann

fadradharcach QFT," arsa Seán.

Bhí suim riamh ag an Bhéal Feirsteach sna scannáin agus rinne sé staidéar ar an scannánaíocht agus é in Ollscoil na Ríona.

Is é Ballymurphy an saothar is déanaí uaidh agus ag croí an scannáin, tá an cheist sin a luadh ag tús an ailt.

An dtarlódh Domhnach na Fola i 1972 dá dtabharfaí na saighdiúirí a bhí páirteach i sléacht Bhaile Uí Mhurchú cúig mhí roimhe os comhair na cúirte.` "Déanann Gerry Adams pointe sa scannán gur tharla radacú ar gach taobh, idir phoblachtaigh, dhílseoirí agus Shasanaigh - i ndiaidh uafáis mar Bhaile Uí Mhurchú agus Domhnach na Fola agus an dóigh ar ciapadh agus a maslaíodh pobail ar fud an tuaiscirt" arsa Seán.

Tá fiosrúchán cuimsitheacht diúltaithe ag an Rúnaí Stáit, Teresa Villiers, agus le theacht i réim in athuair Tóraithe David Cameron ní dócha go bhfeicfidh muid ceart do mhuintir Bhaile Uí Mhurchú go ceann tamall fada.

Ach ní bhaineann clár Conversations About Cinema le hÉirinn amháin.

Aréir taispeánadh Our Terrible Country a insíonn

scéal Yassin Haj Saleh, intleachtóir agus easaontóir as Siria a chaith 16 bliana i bpríosún faoi réimeas Assad agus grianghrafadóir óg darb ainm Ziad Homsi agus an dearcadh atá acu ar a bhfuil ag titim amach ina dtír dhúchais faoi láthair agus iad ar an deoraíocht sa Tuirc. Anocht feicfear No Fire Zone: The Killing Fields of Sri Lanka, cur síos uafásach ar mhionna deireanacha chogadh cathartha Sri Lanka, cogadh a mhair ar feadh 16 bliana.

Bunadh na tíre ag inse a scéalta féin, is léiriú scanraitheach sé ar chuid de na coireanna cogaidh is measa dar tharla le blianta

anuas, coimhlint inar maraíodh corradh le 70,000 Tamil.

Ar an dea-uair, beidh stiúrthóir an scannáin Callum Macrae in QFT le páirt a ghlacadh i bplé oscailte ar ábhair No Fire Zone.

I ndiaidh do thaispeáint Ballymurphy, beidh dlíodóir na dteaghlach, Pádraig Ó Muirí, i láthair leis an chás a mhíniú agus a phlé i dteannta Trevor Lunn, MLA ón Alliance Party a bhfuil an-suim aige sa chás.

Níos faide anonn, beidh QFT ag taispeáint The Revolution Will Not Be Televised faoi Venezuela agus an stiúrthóir Rod Stoneman i láthair le labhairt air sin

n SLÉACHT BAILE UÍ MHURCHÚ: Insíonn scannán Seán Murray (thíos le Gerry Adams) scéal uafásach na ndúnmharaithe san eastát tithíochta in iarthar Bhéal Feirte nuair a maraíodh 11 dhuine agus gortaiodh na dosaein eile. Insíonn sé fosta mar a ciapadh teaghlaigh na marbh ina gcuid focal féin