Ar na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ar mo chéad seal ar Choláiste Samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill, bhí boladh na móna.
A luaithe is a thuirling mé den bhus, mhothaigh mé an boladh milis cumhra in aer an tráthnóna bhig, boladh a bhfuil cuimhne agam air sa lá atá inniu ann.
Is cuimhin liom fosta na portaigh as ar tógadh an mhóin ar thaobh an bhealaigh agus mé ag taisteal fríd thírdhreach fhiáin nár athraigh mórán leis na céadta bliain.
Mhothaigh Cormac Ó hÁdhmaill an boladh céanna ach léiríonn an tsraith úr BBC a bhfuil sé mar láithreoir air, Rúin na bPortach, go bhfuil stair ársa agus todhchaí éiginnte roimh an áis iontas seo.
“Fiú murar chaith an mhórchuid againn laethanta samhraidh amuigh ar na bachtaí, tá boladh na móna agus gach rud a bhaineann leis an mhóin sáite go smior ionainn mar Éireannaigh ach níor thuig mise riamh tábhacht na bportach mar is ceart go ndeachaigh mé ag obair ar an tsraith seo,” ar sé.
“Mar shampla, tá níos mó carbóin sna portaigh ná mar atá i bhforaoisí an domhain ar fad, cé nach gclúdaíonn siad ach trí faoin gcéad den phláinéad.”
Tugann Cormac ar aistear muid ó thailte portaigh álainn s’againn féin chuig móinteáin bóireacha Cheanada, ag fiosrú na bealaí ina bhfuil na hathruithe ar thionscal na móna ag dul i bhfeidhm ar an saol mór.
“I measc go leor eile, d’fhéach mé ar iarsmaí d’fhir óga a ndearnadh íobairtí dóibh i bportaigh, labhair mé le heolaithe faoi eolaíocht agus nósanna na bportach, agus thuig mé an tábhacht agus an géarghá atá le móinteáin a chaomhnú ar bhonn domhanda.”
Ar na daoine is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin agus mé ag breathnú ar an chéad eagrán, bhí Matthijs Schouten, Dúitseach a thit faoi dhraíocht phortaigh na hÉireann an oiread sin is gur thiomsaigh sé féin agus cúpla cara leis go leor airgid le trí phortach in Éirinn a cheannacht sna 1970í.
“Agus tú i do sheasamh anseo i dtírdhreach cianaosta, is féidir an chuma a bhíodh ar an talamh seo sular thosaigh muid á athrú ar scála ollmhór.
“Sin a bhuaileann go smior thú. Tuigeann tú nach bhfuil ionainne, mar dhaoine daonna, ach cuairteoirí ar an tírdhreach seo,” ar sé
Agus é ar scoil, bhí Cormac réabtha idir na heolaíochtaí agus na healaíona sular chinn sé ar chéim agus PhD a dhéanamh san eolaíocht, ag díriú ar léasair ach bhí sé in ann an dá ghné a mheascadh i Rúin na bPortach.
Ach tá na healaíona chun cinn sa chlár seo. Cluin muid focail Patrick Kavanagh, Seamus Heaney ag caint ar an saol faoinár gcosa agus castar Annemarie Ní Churreáin orainn, file a thógann inspioráid ón tírdhreach ag Cró Nimhe Dhún na nGall.
Tá mistéir ag baint le portaigh chomh maith agus go leor scéalta béaloideasa ag baint leo fosta.
“Idir-áiteanna” a thugtar orthu sa chlár.
“I gcuid mhaith de chósta thiar na hÉireann, tá portaigh ann idir na bailte beaga agus b’éigean iad a thrasnú agus tú ag dul chuig céilí nó ag bualadh le daoine,” arsa Cormac.
“Ach riamh anall, mhothaigh daoine gur áiteanna speisialta a bhí sna portaigh. Tá plandaí ann nach bhfásann ach i bportach.
“Ach mhothaigh siad fosta go raibh an ceangal idir an t-osnádúr agus an saol nádúrtha iontach “tanaí,” arsa Cormac, a luann an “fód mearaí” fód a chuirfeadh mearbhall ort dá súilfeá air.
“Ní raibh rud ar bith le déanamh ach do chóta a cur ort taobh tuathail amach agus paidir a rá,” arsa Cormac.
Ach tá an láithreoir dírithe ar an úsáid atá le portaigh sa lá atá inniu ann agus rialtais ag iarraidh stop a chur le breoslaí iontaise (fossil fuels).
Stad Bord na Móna de bheith ag baint móna i 2020 ach anois, tá siad ag iarraidh teacht ar bhealaí leis na portaigh a athnuachan.
Sa chéad chlár labhraíonn sé le daoine a dtéann baint na móna i bhfad siar ar feadh na nglúnta ach nach bhfuil cead acu anois leanstan ar aghaidh.
Agus is ceist dhomhanda í. Tugann Cormac cuairt ar an Fhionlainn, áit a gcasann sé le daoine a chreideann gur foinse in-athnuaite ó cheart í an mhóin.
Is iomaí sin sraith den stair atá caomhnaithe ag an mhóin.
Is ionann 10 méadair de dhoimhneacht agus 10,000 bliain den stair agus sa dara clár den tsraith labhair Eamonn Ned Kelly le Cormac ag Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi na hiarsmaí iontacha daonna atá caomhnaithe inár bportaigh agus faoi na leideanna a thugann siad faoin saol mar a bhíodh.
“B’iontach an taithí í sin,” arsa Cormac.
“Seo mé ag caint le Ned agus fear a maraíodh 3,000 bliain ó shin díreach in aice liom.
“Taoiseach a bhí ann. Tá áit acu san iarsmalann ina bhfuil beirt thaoiseach ach an fear seo, tchí tú gach uile roicneach, tá na hiongaí s’aige go néata, agus ar dhóigh aisteach, tagann pearsantacht an duine fríd, fiú i ndiaidh trí mhílaois,” arsa Cormac. Buaileann muid leis an Ollamh Helen Sheridan atá i mbun staidéir, i gcomhar lena foireann, ar na buanna leighis atá sna plandaí éagsúla atá le fáil sna portaigh, plandaí atá in úsáid mar leigheas leis naglúnta.
Sa chlár deireanach, buailimid le cuid de na saineolaithe is mó ar domhan ó thaobh eolaíocht agus athshlánú na bportach, ina measc taighdeoirí in Éirinn atá ag baint úsáid as léarscáileanna ón 19ú haois chun teacht ar limistéir de thalamh portaigh a d’fhéadfaí a athshlánú ina bportach beo gníomhach.
I gCeanada, déanann an Dr Line Rochefort, cur síos ar na modhanna atá aici sfagnam a athchur. Agus buailimid le hEolaí Taighde Falscaí a mhíníonn dúinn an bealach a gcuireann tailte móna sláintiúla stop le scaipeadh tinte a d’fhéadfadh an-dochar a dhéanamh.
Craolfar céad eagrán na sraithe ar an Domhnach 21 Eanáir ag 10in ar BBC Two Northern Ireland agus an BBC iPlayer.