Irish Language

Deireadh seachtaine ceoil a líonfaidh do chroí agus d’anam

Tá trí lá de cheol, de cheardlanna, de léachtaí agus d’filíocht - agus Éire sa rugbaí - ar na gaobhair

Photo of Bríd Harper playing the fiddle wearing a green scarf with a brick background
Is laoch í Bríd Harper i measc fhidléirí na tíre mar gheall ar a stíl shainiúil agus mar gheall ar a cumas mar mhúinteoir agus beidh go leor dá hiardhaltaí ag seinm ina cuideachta Dé Sathairn le linn coirme sa Mandela Hall mar chuid de Belfast Tradfest
Photo of Bríd Harper playing the fiddle wearing a green scarf with a brick background
Is laoch í Bríd Harper i measc fhidléirí na tíre mar gheall ar a stíl shainiúil agus mar gheall ar a cumas mar mhúinteoir agus beidh go leor dá hiardhaltaí ag seinm ina cuideachta Dé Sathairn le linn coirme sa Mandela Hall mar chuid de Belfast Tradfest

Ag leanstan ar na himeachtaí corraitheacha a luaigh mé libh an tseachtain seo caite, tá deireadh seachtaine mar a d’iarrfadh mo bhéal é ar na gaobhair ina mbeidh idir cheol, rugbaí, fhilíocht, agus caifeanna le cairde pleanáilte agam ó Aoine go Domhnach.

Tosóidh an Aoine le caife i Leabharlann Halla an Línéadaigh le cara liom, Luciana de Mello, scríbhneoir/ scríbhneoir scripte as ceantar na teorann idir an Airgintín, Uragua agus an Bhreasail agus bean a bhfuil dhá úrscéal foilsithe aici cheana féin agus í ag obair ar a tríú ceann.

Tá Luciana ina cónaí i mBéal Feirste anois agus í pósta ar fhear as Doire agus an-suim aici sa Ghaeilge. Tá muid ag teacht le chéile le himeacht litríochta Gaeilge a chruthú d’Fhéile Leabhar Bhéal Feirste a bheas ar siúl i mí Mheithimh.

Nuair an caife ólta, féidearthachtaí iniúchta, plean gnímh curtha le chéile away liom le leathanach an Luain a scríobh don Irish News agus sin déanta, amach liom go ceantar Botanic fá choinne greim bia sa bhialann is fearr liom i mBéal Feirste, Madame Pho. (Is breá liom bia Vítneamach).

Agus mé cothaithe, níl ann ach cúpla coiscéim trasna na sráide go dtí an Empire, áit a mbeidh Altan ag seinm mar chuid de dheireadh seachtaine an Gheimridh de chuid Tradfest Bhéal Feirste.

(Nár thosaigh Naomh Bríd an tEarrach ar an 1 Feabhra??).

Ar scor ar bith, tá athruithe móra i ndiaidh theacht ar Altan ó bhunaigh Máiread Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy an grúpa i 1981. I gcuideachta Mháiread, beidh Ciaran Curran, Mark Kelly, Martin Tourish agus an ball is úire, Claire Friel - rud a léirionn go bhfuil an caighdeán is airde ceoil agus craice beo beathach in Altan 43 bliain i ndiaidh a bhunaithe.

A photograph of Mairéad Ní Mhaonaigh playing the fiddle with a dark bagcround
Cibé athruithe atá i ndiaidh teacht ar Altann is é a bunaitheoir Máiread Ní Mhaonaigh a choinníonn an bhuíon ar an ród

Ar an ardán céanna beidh an clairseoir iontach, Michael Rooney, oirfideach den scoth agus cumadóir a bhfuil saothair cumtha aige do cheolfhoirne agus do ghrúpaí beaga clasaiceacha.

Scoth oíche atá geallta oíche Aoine i gceann de na hionaid is deise i mBéal Feirste.

Ansin, am domhan luí mar tá an Satharn ag cur thar maoil le spraoi, spraoi agus spraoi!

At tús, tá léacht á thabhairt ag Tara McEvoy i dTeach Clifton ar an fhile Feirsteach, Patric Fiacc.

Bhí sé de phléisiúr agam Q&A a stiuradh le Fiacc i gColáiste Feriste agus cé go bhfui a chuid filíochta chomh dubh le daol, bhí sé gealgháireach go maith lena linn agus thit na daltaí uilig faoi ghraiocht aige.

Tosóid an léacht ar a 11am.

Uaidh sin, is í an fhadhb í ná cén t-imeacht is fearr le freastal air. Cinntí, cinntí.

Beidh Micheál Ó Seanáin ag seoladh a leabhar úr filíochta agus gach dán bunaithe ar theideal foinn. Cumann MIchael filiíocht smaointeach, ghreannmhar agus seolfar Melody Lines ag foirgneamh Raidió Fáilte i Sraid Duibhise ar a 2pm.

Ansin ar a trí, labhróídh Gary Hastings ar Lambeg, Drum & Fife: Ulster Traditional Music ag Ollscoil Uladh.

Ach … ag an am ceannann céanna, beidh coirm cheoil den scoth ag réabhadh an tí agus ómós á thabhairt don fhidléir Comallach agus Thír Eoghaineach, Bríd Harper.

Tá seanaithne ar Bhríd mar fhidléir agus mar mhúinteoir fud fad na tíre agus thar lear agus beidh cuid de na ceoltóirí is fearr ag seinm ina cuideachta le linn na coirme seo, Dermot Byrne, Steve Cooney, Sylvain Barou, Rita Gallagher, baill dá teaghalch agus iardhaltaí dá cuid.

Aistríodh an choirm seo go Halla Mandela mar gheall ar an éileamh a bhí ann do thicéid, rud a léiríonn an craos atá ar mhuintir Bhéal Feirste don cheol traidisiúnta.

Ach tá fadhb bheag ann.

Do dhuine ar bith a bhfuil cuimhne acu ar na Tríóblóidí anseo, tuigfdidh siad chomh tearc is a bhi siamsaíocht de chineál ar bith i lár na cathrach.

An deiradh seadchtaine seo romahinn, tá an oiread sin coirmeacha, cearldanna, seisiúin agus seolta ag titim amach go bhfuil cuid acu ag teacht sálach ar a chéile.

Bá ghnách linn a bheith ag gearán faoina laghad imeachtaí a bhí ag titim amach anois tá muid ag gearán faoi líon na n-imeachtaí atá ag titim amach!

Ar ndóigh, chomh maith leis an cheol agus na léachtaí, tá Éire ag imirt in éadan na Breataine Bige i gcomórtas na Sé Náisiún agus duine ar bith a bhfuil suim acu sa spórt beidh sé ag iarraidh breatnú ar an chluiche, go háirithe nuair atá Éire ag imirt chomh maith is a d’imir siad riamh.

Ach beidh mé in ann an cluiche a thaifeadadh, ar a laghad mar sin de, chomh luath is atá an anáil tarraingthe agam, beidh mé ar mo bhealach go dtí an Bosca Dubh don 6pm, áit a mbeidh oiliúnaithe na gceardlanna atá á reáchtáil le linn an deireadh seachtaine ag seinm, Caitlín agus Ciarán, Róisín Chambers, Paul Meehan, Mary Fox agus damhsóirí seit ina measc.

A photpgraph of Ciarán Ó Maonaigh playing the fiddle while Caitlín Nic Gabhann dances in a red dress
Nia de chuid Mhairéad is é Ciarán Ó Maonaigh agus é pósta ar an damhsóir, Caitlín Nic Gabhann

Dhá uair a chloig i ndiaidh na coirme seo toiseacht sa Bhosca Dubh, is cinnte to mbeidh an slua ag ceol amhrán de chuid Shane MacGowan agus scoth na gceoltóirí á gcur i láthair.

Ní dhéanfar dearmad choíche ort, a Shane.

Yeah, beidh luí isteach agam Dé Domhnaigh ach ar a 3pm, beidh beirt de na ceoltóirí is fearr liom ag seinm sa John Hewitt mar Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mick O’Brien. Ní nach ionadh, tá an seó seo díolta amach ach ar a 8pm, beidh buaicpointe an lae, na seachtaine, na bliana, mo shaoil ar siúl nuair a chuirfidh The Bothy Band deireadh le Tradfest Bhéal Feirste i gceann de na hóicaidí sin a mbeidh daoine ag rá faoi: “Bhí mé ansin.”

Ní fiú cur síos a dhéanamh ar The Bothy Band na laethanta seo, mura bhfuil a fhios agat, níl a fhios agat!

A leithéid de dheireadh le Belfast Tradfest a chur ina suan!